"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
Físchomhdháil na n-airí gnóthaí eachtracha (forbairt), 8 Aibreán 2020
Main results
Le linn na paindéime seo, ní leor seasamh lenár luachanna chun an dlúthpháirtíocht idirnáisiúnta a chothú. Caithfimid a chinntiú go mbeidh an bua againn sa chomhrac i gcoinne an víris agus sinn ag obair as lámha a chéile chuige sin. Ní chloífear an víris go gcloífear i ngach aon áit é. Ní féidir paindéim dhomhanda a réiteach ach ar bhonn domhanda, trí ghníomhaíocht dhomhanda a bheidh aontaithe, gasta agus cinntitheach mar atá á cur i láthair againn inniu.
Josep Borrell, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála
Thionóil airí forbartha an Aontais cruinniú neamhfhoirmiúil trí fhíschomhdháil chun impleachtaí COVID-19 ar fud an domhain a phlé, agus cheadaigh siad seoladh pacáiste “Foireann na hEorpa” chun tacú le tíortha comhpháirtíochta sa chomhrac i gcoinne na paindéime agus na n-iarmhairtí a bhaineann léi. Tiocfaidh an tacaíocht fhoriomlán airgeadais ar fiú breis agus EUR 20 billiún é ó na hacmhainní atá ann cheana don ghníomhaíocht sheachtrach.
Cabhróidh an pacáiste leis na tíortha is leochailí, go háirithe san Afraic, i gcomharsanacht an Aontais, agus le tíortha san Áise agus san Aigéan Ciúin, agus i Meiriceá Laidineach agus sa Mhuir Chairib. Díreoidh sé ar na daoine is mó atá i mbaol, lena n-áirítear leanaí, mná, daoine scothaosta agus daoine faoi mhíchumas, agus ar imircigh, ar dhídeanaithe agus ar dhaoine atá easáitithe ina dtír féin agus ar a bpobail óstacha.
Agus cur chuige “Foireann na hEorpa” á chur chun feidhme, comhcheanglófar acmhainní ón Aontas, óna Bhallstáit, agus ó institiúidí airgeadais, go háirithe ón mBanc Eorpach Infheistíochta agus ón mBanc Eorpach Infheistíochta Athfhoirgníochta agus Forbartha, agus cuirfear breis is EUR 20 billiún ar fáil. Tabharfar tús áite do na nithe seo a leanas:
freagairt don ghéarchéim sláinte agus do na riachtanais dhaonnúla a leanann í
córais sláinte, uisce agus sláintíochta a neartú, agus cumas agus ullmhacht na dtíortha comhpháirtíochta chun déileáil leis an bpaindéim a threisiú
na hiarmhairtí sóisialta agus eacnamaíocha láithreacha a mhaolú
Chuir na hairí i dtreis go láidir freisin go leanfaí leis an obair i gcomhpháirtíocht leis na Náisiúin Aontaithe, lnstitiúidí Idirnáisiúnta Airgeadais, G7 agus G20.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.