Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

Físchomhdháil na n-airí gnóthaí eachtracha (cosaint), 6 Aibreán 2020

Main results

Chomhaontaíomar féachaint ar cé mar ab fhéidir linn úsáid a bhaint as an saineolas míleata ar leibhéal an Aontais chun tacú le malartú faisnéise agus comhroinnt dea-chleachtas i measc na mBallstát. Chuige sin, d’fhéadfaimis tascfhórsa a bhunú i bpáirt leis an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí, agus é faoi stiúir Fhoireann Mhíleata an Aontais. Josep Borrell, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála

Bhí físchomhdháil ag airí cosanta an Aontais, faoi chathaoirleacht Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, Josep Borrell.

Phléigh na hairí impleachtaí cosanta phaindéim COVID-19, agus dhírigh siad go háirithe ar chúnamh míleata sa chomhrac i gcoinne na géarchéime, agus ar staid na misean agus na n-oibríochtaí de chuid an Aontais, idir mhíleata agus shibhialta, a chuimsítear faoi chreat an Chomhbheartais Slándála agus Cosanta (CBSC).

Chomhroinn na hairí cosanta samplaí den chaoi ar chuir a bhfórsaíarmtha leis na hiarrachtaí dul i ngleic le géarchéim COVID-19 trí iompar agus tacaíocht lóistíochta a chur ar fáil, ospidéil a thógáil laistigh d'achar fíorghearr, a bhfoireann leighis a imscaradh, agus trí thacú leis na póilíní agus le seirbhísí náisiúnta eile.

Ós amhlaidh atá, cinneadh féachaint an bhféadfaí tascfhórsa a bhunú faoi stiúir Fhoireann Mhíleata an Aontais chun faisnéis a mhalartú ar bhealach níos fearr agus chun dea-chleachtais a roinnt i measc Bhallstáit an Aontais. Dhéanfaí é sin i gcomhar agus i gcomhlántacht iomlán le ECAT.

Ina theannta sin, phléigh airí cosanta an Aontais an tionchar a bheidh ag paindéim COVID-19 ar 17 misean agus oibríocht CBSC de chuid an Aontais ar fud an domhain, agus iad ag díriú ar na sé oibríocht mhíleata agus ar na sé mhisean mhíleata. Leag na hairí béim ar a thábhachtaí atá sé láithreacht an Aontaisachoinneáil ar an láthair, go háirithe sna tíortha agus sna réigiúin sin atá leochaileach cheana féin agus atá thíos leis an éagobhsaíocht.

Ár bhfórsaí armtha ag túslíne an chomhraic i gcoinne COVID-19

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 16 Eanáir 2025