Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha (Cosaint), 6 Bealtaine 2021

Na príomhthorthaí

Cúrsaí reatha

Chuir an tArdionadaí, Josep Borrell, airí cosanta an Aontais ar an eolas maidir le cúrsaí reatha, agus athbhreithniú á dhéanamh leis sin ar roinnt dá bhfuil tite amach le déanaí agus dá bhfuil ar na bacáin.

Cuireadh an Chomhairle ar an eolas faoin turas a rinne an tArdionadaí le déanaí go dtí an tSaiheil, áit ar thug sé cuairt ar an Máratáin, Mailí agus Sead. Chuir na hairí in iúl go láidir go bhfuil cobhsaíocht sa réigiún ríthábhachtach i gcónaí do shlándáil na hEorpa.

Phléigh na hairí ansin an borradh atá curtha ag an Rúis faoina cumas míleata sa Chrimé, a ionghabhadh go neamhdhleathach, agus ar theorainn na hÚcráine. Sa díospóireacht sin athdhearbhaíodh seasamh an Aontais go gcaithfidh an Rúis na teannais a dhíghéarú agus a laghdú, agus go bhfuil cur chun feidhme iomlán chomhaontuithe Mhionsc ríthábhachtach chun teacht ar réiteach polaitiúil inbhuanaithe.

Thug an tArdionadaí an t-eolas is déanaí do na hairí maidir le freagairt an Aontais ar an iarraidh ó Mhósaimbíc go dtabharfadh an tAontas cúnamh di chun cabhrú léi aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim shlándála agus an mbagairt sceimhlitheoireachta in Cabo Delgado.

Josep Borrell, Ardionadaí do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála
Táimid ag féachaint ar mhisean oiliúna de chuid an Aontais a chur ann. Tá roinnt céimeanna eile amach romhainn fós, ach tá súil agam go seolfar é a luaithe is féidir. Tá treoracha soiléire tugtha agam do na seirbhísí dlús a chur leis an obair mar go gcaithfimid freagairt go práinneach ar an iarraidh ó Mhósaimbíc.
Josep Borrell, Ardionadaí do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála
Josep Borrell, Ardionadaí do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála

An compás straitéiseach

Bhí malartú tuairimí ag an gComhairle faoin gcompás straitéiseach, le béim ar bhainistiú géarchéime.

Ag eascairt as an bplé i mí na Samhna 2020 ar an anailís ar bhagairtí, inar cuireadh chun suntais go gcaithfidh an tAontas a bheith ullamh do dhúshláin agus do ghéarchéimeanna a bheidh ann amach anseo, phléigh an Chomhairle tacar nithiúil smaointe agus moltaí faoi conas a bheith réidh le freagairt ar rioscaí.

‘Ní mór don Aontas Eorpach a bheith níos éifeachtaí agus a bheith níos tapúla agus cinntí á ndéanamh. Phléamar go háirithe conas ár misin agus ár n-oibríochtaí a sheoladh níos tapa, chomh maith leis an gcaoi a bhféadfaimis níos mó dreasachtaí a chruthú chun feabhas a chur ar an líon pearsanra, agus ball foirne agus sócmhainní a imscartar chuig misin agus oibríochtaí CBSC.’ Josep Borrell, Ardionadaí do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála

Sa phlé a rinne an Chomhairle bunaithe ar an togra ón Ardionadaí, cuireadh béim ar an ngá atá le níos mó solúbthachta chun misin shibhialtacha agus mhíleata an Aontais a chur in oiriúint níos fearr do na riachtanais a ghabhann le gach géarchéim ar leith, lena n-áirítear trí chomhordú agus comhar feabhsaithe le hoibríochtaí míleata eile a dhéanann Ballstáit nó comhpháirtithe eile i gcomhghuaillíochtaí ad hoc.

Thagair na hairí freisin don ghá atá le foireann lánfheistithe agus ullmhaithe a bheith ag an Aontas chun freagairt go tapa ar ghéarchéimeanna. Sa chomhthéacs sin, pléadh an smaoineamh maidir le fórsa céad-iontrála a d’fhéadfaí a imscaradh mar ‘céad-fhreagróir’ i ngéarchéim phráinneach.

Tá an compás straitéiseach sin sceidealaithe lena ghlacadh ag an gComhairle i mí an Mhárta 2022.

PESCO

Tar éis iarrataí ó Cheanada, ón Iorua agus ó Stáit Aontaithe Mheiriceá páirt a ghlacadh i dtionscadal Soghluaisteacht Mhíleata PESCO, ghlac an Chomhairle cinntí dearfacha lena n-údaraítear comhordaitheoir an tionscadail sin – an Ísiltír – chun cuireadh a thabhairt do na trí thír.

Is iad Ceanada, an Iorua agus Stáit Aontaithe Mheiriceá na chéad tríú Stáit a n-iarrfar orthu páirt a ghlacadh i dtionscadal de chuid PESCO.

ECAT

Le linn lón oibre neamhfhoirmiúil, bhí malartú tuairimí ag na hairí le Jens Stoltenberg, Ard-Rúnaí ECAT, maidir le rannpháirtíocht oibríochtúil i réimsí leasa choitinn, ón Meánmhuir go dtí an Afganastáin.

Bord Stiúrtha na Gníomhaireachta Eorpaí um Chosaint

Tháinig bord stiúrtha na Gníomhaireachta Eorpaí um Chosaint le chéile le linn do chruinniú na Comhairle a bheith ar siúl chun athbhreithniú a dhéanamh ar staid na himeartha i dtaca le cur chun feidhme na moltaí ón athbhreithniú comhordaithe bliantúil ar chosaint (CARD), ag féachaint go háirithe ar dheiseanna comhoibríocha i bhforbairt cumais, taighde agus teicneolaíocht.

Bord Lárionad Satailítí an Aontais Eorpaigh

Bhí an tArdionadaí ina chathaoirleach den chéad uair ar chruinniú bhord Lárionad Satailítí an Aontais (Satcen) ar leibhéal na n-airí. Phléigh an bord ról Satcen laistigh agus lasmuigh de CBES, le béim ar na cúraimí agus na feidhmeanna a bheidh aige amach anseo, agus ar leibhéal iomchuí uaillmhéine.

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid ullmhúcháin

Doiciméid toraidh

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 23 Eanáir 2025