Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

Físchomhdháil neamhfhoirmiúil na n-airí gnóthaí eachtracha, 17 Lúnasa 2021

Na príomhthorthaí

Tháinig airí gnóthaí eachtracha an Aontais Eorpaigh le chéile le haghaidh cruinniú chun an staid is déanaí san Afganastáin a mheas. Chuir siad i bhfios go láidir gur gá saoránaigh den Aontas Eorpach agus an fhoireann áitiúil a aslonnú go sábháilte. D'iarr na hairí go gcosnófaí saol uile an duine agus go ndéanfaí an tslándáil agus an t-ord sibhialta a athbhunú láithreach bonn agus urraim á tabhairt do chearta bunúsacha.

Josep Borrell, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála
Faoi láthair, is ábhar tosaíochta dúinn sábháilteacht agus slándáil náisiúnaigh uile an Aontais Eorpaigh a chinntiú mar aon lenár bhfoireann áitiúil Afganastánach agus a dteaghlaigh. Ní mór imeacht ordúil sábháilte náisiúnaigh eachtracha agus Afganastánacha ar mian leo an tír a fhágáil a éascú.
Josep Borrell, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála
Josep Borrell, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála

Chuir na hairí i bhfios go láidir freisin go mbeidh an comhar le haon rialtas Afganastánach amach anseo ag brath ar shocrú síochánta agus cuimsitheach agus ar urraim do chearta bunúsacha na nAfganastánach go léir, lena n-áirítear mná, an óige agus daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad, agus ar urraim d'oibleagáidí idirnáisiúnta na hAfganastáine, an tiomantas don éilliú a chomhrac agus cosc a chur ar eagraíochtaí sceimhlitheoireachta críoch na hAfganastáine a úsáid.

Déanfaidh na hairí gnóthaí eachtracha plé níos leithne faoin gcaidreamh leis an Afganastáin ag an gcruinniú neamhfhoirmiúil aireachta a bheidh acu (Gymnich) an 2-3 Meán Fómhair.

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid toraidh

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 5 Feabhra 2025