Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha (Trádáil), 21 Samhain 2024

Na príomhthorthaí

Beartas trádála an Aontais Eorpaigh amach anseo

Phléigh an Chomhairle a bhfuil i ndán do bheartas trádála an Aontais, ar tosaíocht d’Uachtaránacht na hUngáire é.

Rannchuidiú tráthúil a bhí sa phlé inar leagadh amach ionchais na Comhairle agus inar treoraíodh obair an Choimisiúin don todhchaí.

Thug na hairí aird ar leith ar an gcaibidlíocht atá ar siúl faoi láthair, lena n-áirítear leis an Astráil, an Indinéis, an India, Meicsiceo, Mercosur, na hOileáin Fhilipíneacha, an Téalainn agus chuir siad i bhfios go láidir gur colún lárnach d’fhás agus d’iomaíochas an Aontais í an trádáil agus gur féidir léi athléimneacht na slabhraí soláthair a mhéadú.

Chuir an Coimisiún, a ndearna Valdis Dombrovskis ionadaíocht thar a cheann, an Leas-Uachtarán agus an Coimisinéir um Thrádáil, na hairí ar an eolas faoi staid na himeartha sa phríomhchaibidlíocht trádála agus infheistíochta.

An caidreamh trádála leis na Stáit Aontaithe

Phléigh na hairí staid na himeartha agus na hionchais maidir lenár gcaidreamh trádála leis na Stáit Aontaithe, i bhfianaise thoradh na dtoghchán sna Stáit Aontaithe le déanaí.

Chuir na hairí in iúl go bhfuil an caidreamh trasatlantach ríthábhachtach i gcónaí - ní amháin i dtéarmaí trádála ach i dtéarmaí eacnamaíocha agus geostraitéiseacha níos leithne chomh maith. Chuir na hairí in iúl a thábhachtaí atá an aontacht agus an comhordú chun an caidreamh le rialtas nua na Stát Aontaithe a leagan amach. Oibreoidh an tAontas le rialtas nua na Stát Aontaithe chun an caidreamh sin a chosaint agus a neartú a thuilleadh trí idirphlé oscailte agus trí chlár oibre réamhbhreathnaitheach don chomhar.

<p>Péter Szijjártó, Aire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála na hUngáire</p>

Is bunchloch de chobhsaíocht eacnamaíoch agus straitéiseach na hEorpa é an caidreamh trasatlantach. Tá sé ríthábhachtach an trádáil agus an nascacht idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe a neartú chun an t-iomaíochas a fheabhsú agus chun slándáil an tslabhra soláthair a chinntiú. Táimid tiomanta do chomhpháirtíocht phragmatach a rachaidh chun sochair don dá thaobh a thógáil le rialtas nua na Stát Aontaithe chun torthaí nithiúla a bhaint amach a fhreastalóidh ar ár leasanna comhroinnte.

<p>Péter Szijjártó, Aire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála na hUngáire</p>

Péter Szijjártó, Aire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála na hUngáire

Tá an caidreamh déthaobhach trádála agus infheistíochta is mó ar domhan ag an Aontas Eorpach agus ag na Stáit Aontaithe agus tá an caidreamh eacnamaíoch is comhtháite ar domhan acu. €1,538 dtrilliún an méid a shroich an trádáil thrasatlantach (earraí agus seirbhísí) an in 2023, an méid is airde riamh.

Athchóiriú ar an Eagraíocht Dhomhanda Trádála (EDT)

Bhí deis ag na hairí le linn am lóin plé a dhéanamh ar na hionchais a bheidh ann amach anseo maidir leis an athchóiriú ar EDT agus ar na príomhréimsí atá faoi chaibidil. Dhírigh an Leas-Uachtarán agus an Coimisinéir um Thrádáil, Valdis Dombrovskis, ar chuid de na tosaíochta is práinní atá ag an Aontas maidir leis an athchóiriú ar EDT agus ar ionchais fhadtéarmacha an chórais trádála iltaobhaigh.

Aon ghnó eile

D’iarr an tSualainn ar an gCoimisiún dleachtanna méadaithe allmhairiúcháin breise a fhorchur ar tháirgí ón Rúis agus ón mBealarúis.

Colláis theibí ina bhfuil gnéithe de bhratacha na Stát Aontaithe agus an Aontais agus coimeádáin lasta.
An trádáil idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe: fíricí agus figiúirí (Grafaic faisnéise)

An trádáil idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe: fíricí agus figiúirí (Grafaic faisnéise)

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid toraidh

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 2 Márta 2026