Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

Coiste Míleata an Aontais Eorpaigh: Teacht le chéile ar leibhéal na gCeann Cosanta, 15 Deireadh Fómhair 2024

Le linn Uachtaránacht na hUngáire ar an Aontas Eorpach, tionóladh cruinniú Choiste Míleata an Aontais Eorpaigh ar leibhéal na gCeann Cosanta (CHODanna) i mBúdaipeist na hUngáire ón 14 go dtí an 16 Deireadh Fómhair.

Tháinig ceannairí cosanta 27 mBallstát an Aontais agus ceithre thír de chuid na mBalcán Thiar le chéile chun todhchaí chosaint na hEorpa a mhúnlú le chéile, rud a chinntigh saoirse, slándáil agus rathúnas dá saoránaigh.

Tionóltar cruinnithe EUMC dhá uair sa bhliain ar leibhéal CHOD, chun an timpeallacht slándála atá ann faoi láthair a phlé agus chun an Chomhairle Mhíleata is fearr is féidir a chur ar fáil, rud a fhágann go mbeidh an tAontas ina sholáthraí slándála níos láidre agus níos cumasaí fós dá Bhallstáit.

Stiúrann EUMC na gníomhaíochtaí míleata uile laistigh de chreat an Aontais, go háirithe pleanáil agus cur i gcrích misean agus oibríochtaí míleata faoin gComhbheartas Slándála agus Cosanta (CBSC). Ní mór don Aontas a bheith réidh chun aon ghéarchéimeanna a bhainistiú go cuimsitheach, a shaoránaigh a chosaint agus cúnamh a thabhairt dá chomhpháirtithe bunaithe ar a gcuid riachtanas.

Bhí na hábhair seo a leanas ar an gclár oibre ag na hoifigigh mhíleata is airde rangú san Aontas:

  • Oibríochtaí Chabhlach an Aontais ag an Aigéan Indiach Thiar Thuaidh,
  • Leibhéal Uaillmhéine an Aontais a bhaint amach trí na heasnaimh chumais a mhaolú,
  • Acmhainneacht mhear-imscartha an Aontais (EU RDC) lena mbaintear amach cumas oibríochtúil iomlán,
  • Tacaíocht don Úcráin: tuilleadh comhordaithe ar oiliúint agus ar thacaíocht d’Fhórsaí Armtha na hÚcráine (UAFanna) agus
  • Na Balcáin Thiar: rannpháirtíocht Thíortha na mBalcán Thiar i dtionscnaimh CBSC.

Tá go leor bainte amach ó bhí cruinniú deireanach an CHOD ann i mí na Bealtaine. I mbliana, d’éirigh linn an chéad oibríocht Chabhlaigh riamh de chuid an Aontais a sheoladh i dtimpeallacht neamhcheadaitheach. Eadhon EUNAVFOR Aspides sa Mhuir Rua. San Aigéan Indiach Thiar Thuaidh, tá dhá oibríocht mhíleata chabhlaigh againn a bhfuil réimsí freagrachta forluiteacha acu: EUNAVFOR Aspides agus Atalanta. Slándáil mhuirí a sholáthar agus a fheabhsú araon chun an tsaoirse gluaiseachta ar na huiscí idirnáisiúnta a chosaint.

Éilíonn dúshláin slándála le déanaí míleataigh chumasacha, forbairt chuimsitheach fórsa agus meascán comhleanúnach de chumais cheannródaíocha agus chaighdeánacha. An cháilíocht, an chainníocht agus na gnéithe inbhuanaitheachta a chothromú go hiomchuí ar fud na réimsí oibríochtúla uile agus le haghaidh gach cineáil oibríochta. Dá bhrí sin, tacaíonn EUMC leis an gcomhar chun a bheith níos éifeachtaí agus níos éifeachtúla, go háirithe cumais straitéiseacha chriticiúla fhadtéarmacha, arb é is aidhm dóibh dúbailt costais a laghdú agus barainneachtaí scála a bhaint amach i dtáirgeadh arm agus armlóin.

Tá acmhainneacht mhear-imscartha an Aontais gar do lánchumas oibríochtúil a bhaint amach. Is é an cuspóir a bheidh ag EU RDC freagairt go tapa do ghéarchéimeanna atá ar tí tarlú i gcásanna oibríochtúla éagsúla. Mar phacáiste inchreidte d’fhórsaí comhpháirteacha, léiríonn RDC an Aontais tiomantas an Aontais do leibhéal níos mó ná riamh d’uathriail mhíleata an Aontais lena gcuirtear síocháin, sábháilteacht agus slándáil ar fáil don saoránach. Tá sé ceaptha a bheith ag feidhmiú go hiomlán faoi 2025, rud a fhágfaidh go mbeifear in ann suas le 5 000 saighdiúir a imscaradh ar ghearrfhógra, lena n-áirítear i gcásanna an-dian.

Chuir Misean Cúnaimh Mhíleata an Aontais Eorpaigh san Úcráin (EUMAM UA), in éineacht le bearta cúnaimh na Saoráide Eorpaí Síochána, feabhas ar chumas na hÚcráine fogha na Rúise a shrianadh, í féin a chosaint, a fórsaí armtha a neartú agus a athghiniúint agus a pobal a chosaint. Tá oiliúint curtha aige ar níos mó ná 60 000 saighdiúir Úcránach go dtí seo. Déantar rannpháirtíocht na hEorpa a oiriúnú i gcónaí i ndlúthchomhar le ECAT chun freastal ar riachtanais UAF.

Is réigiún é na Balcáin Thiar a bhfuil ábharthacht gheostraitéiseach ag baint leis don Aontas. Dá bhrí sin, tá an comhar le tíortha an limistéir fíorthábhachtach. Trí chomhpháirtíochtaí a fheabhsú trí chomhaontuithe déthaobhacha/iltaobhacha, trí thionscnaimh mhíleata an Aontais maidir le hoideachas míleata, oiliúint mhíleata, agus trí mhisin CBSC, cuirfear feabhas ar idir-inoibritheacht mhíleata. Chun ailíniú straitéiseach na mBalcán Thiar le luachanna comhroinnte a choinneáil ar bun, tá sé d’aidhm ag EUMC an comhar slándála agus cosanta leis an réigiún a neartú. Is é an cuspóir straitéiseach tacú le tíortha na mBalcán Thiar dul i ngleic lena ndúshláin slándála intíre agus tacú leo maidir lena lánpháirtiú san Aontas.

An 16 Deireadh Fómhair, d’fhreastail na Ginearáil ar lá mór cuairteoirí de BRAVE WARRIOR 2024 – Cleachtadh míleata an Aontais chun cleachtadh casta comhpháirteach oirbheartaíochta a fheiceáil ina raibh aonaid mhíleata agus cumais mhíleata na mBallstát rannpháirteach, rud a shamhaltaigh aslonnú míleata phearsanra sibhialta an Aontais ó limistéar neamhshábháilte, díchobhsaithe go polaitiúil ar thailte eachtracha lasmuigh d’ithir an Aontais. Is toradh é forghníomhú na hoibríochta bunaithe ar an gcás ar iarrachtaí comhpháirteacha Bhallstáit rannpháirteacha an Aontais.

Mar thoradh ar an gcruinniú, déantar achoimre ar chonclúidí na gcainteanna chun na treoracha a shocrú agus chun an pheirspictíocht mhíleata is cuimsithí a sholáthar maidir leis na dúshláin reatha chun tacú le cinnteoireacht an Aontais lena n-áiritheofar go mbeidh an tAontas ina sholáthraí slándála níos láidre agus níos cumasaí dá bhallstáit.

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 29 Eanáir 2025