"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha (Cosaint), 19 Samhain 2024
Na príomhthorthaí
Féachaimis anois ar a bhfuil déanta againn le 5 bliana anuas.
Ar an gcéad dul síos, chuireamar an tSaoráid Eorpach Síochána i ngníomh. Agus tríd sin, tá tacaíocht tugtha againn do níos mó ná 20 tír ar fud an domhain, ní an Úcráin amháin. [...] Ar an dara dul síos, thángamar ar chomhaontú maidir leis an gCompás Straitéiseach. [...] Formheasadh é seo thart ar an am céanna a chuir an Rúis tús lena fogha faoin Úcráin. An uair úd, is beag caint a bhí ann ar an tslándáil nó ar an gcosaint. Ba é an chéad uair é a sheolamar an coincheap go gcaithfeadh an tslándáil agus an chosaint a bheith an-tábhachtach ar chlár oibre an Aontais. Ar an tríú dul síos, neartaíomar ár gcuid acmhainneachtaí maidir le cibearbhagairtí agus bagairtí hibrideacha. Chuireamar feabhas ar ár gcuid acmhainneachtaí cosanta agus neartaíomar tionscal cosanta na hEorpa.
In éineacht le mo chomh-Choimisinéir Breton, d’fhoilsíomar Straitéis um Thionscal Cosanta na hEorpa, agus rinneamar tosaíocht den tionscal cosanta i bhforbairt na n-earnálacha tionsclaíocha. Sheolamar misin agus oibríochtaí tábhachtacha le haghaidh bainistiú géarchéime sa Mhuir Rua, sa Mheánmhuir, i Mósaimbíc, sa Mholdóiv, san Airméin agus chuireamar oiliúint ar thart ar 70 000 saighdiúir de chuid na hÚcráine. Thréig an Danmhairg a rogha gan a bheith páirteach sa chosaint agus chuaigh sí isteach sa Ghníomhaireacht Eorpach um Chosaint. Tá comhpháirtithe nua taobh amuigh den Aontas ag féachaint le feabhas a chur ar an gcomhar maidir leis an tslándáil agus an chosaint.
Josep Borrell, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála
Tacaíocht ón Aontas don Úcráin
Phléigh an Chomhairle Gnóthaí Eachtracha (Cosaint) an tacaíocht mhíleata atá á tabhairt ag an Aontas don Úcráin.
Tar éis phlé inmheánach AE-27, bhí seisiún tuairimíochta ag Airí Cosanta an Aontais le hArd-Rúnaí ECAT, Mark Rutte, a bhí i láthair go pearsanta den chéad uair, le hAire Cosanta na hÚcráine, Rustem Umerov, agus comhairleoir Uachtarán Zelenskyy maidir le Gnóthaí Straitéiseacha, Alexander Kamyshin, trí fhíschomhdháil.
Is í cinniúint mhuintir na hÚcráine cinniúint an Aontais Eorpaigh. Agus má éiríonn le Putin san Úcráin, is costasach an bille a bheidh romhainn, i bhfad níos costasaí ná aon chineál tacaíochta míleata a d’fhéadfaimis a chur ar fáil faoi láthair.
Josep Borrell, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála
Le linn an phlé, chuir an tArdionadaí i bhfios go láidir go bhfuil níos mó ná €45 bhilliún de thacaíocht mhíleata ón Aontas agus óna Bhallstáit, agus go bhfuil an cuspóir a bhí ag an Aontas nach mór bainte amach aige, is é sin, 1 mhilliún urchar armlóin airtléire a sheachadadh chuig an Úcráin.
Phléigh Airí Cosanta an Aontais an tSaoráid Eorpach Síochána, úsáid an dara tráinse de na brabúis amhantair, mar a thugtar orthu (i.e. glanbhrabúis a eascraíonn as ioncam urghnách gan choinne a fhabhraíonn ar thaisclanna lárnacha urrús san Aontas, mar thoradh ar chur chun feidhme bhearta sriantacha an Aontais), chomh maith le tacaíocht leanúnach oiliúna trí Mhisean um Chúnamh Míleata an Aontais Eorpaigh mar thaca leis an Úcráin (EUMAM Ukraine).
Ullmhacht cosanta
Bhí plé ag an gComhairle maidir le hullmhachti réimse na cosanta, i gcomhthéacs na tuarascála ‘Strengthening Europe’s Civilian and Military Preparedness and Readiness’ [Ullmhacht Shibhialtach agus Mhíleata na hEorpa a Neartú] a thíolaic Sauli Niinistö – iar-Uachtarán Phoblacht na Fionlainne agus Comhairleoir Speisialta Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh – a d’fhreastail ar chruinniú na Comhairle chun tuairimí a roinnt le hAirí Cosanta an Aontais an 30 Deireadh Fómhair.
Chuir an tArdionadaí i bhfios go láidir nach mór don Aontas níos mó airgid a chaitheamh, ar bhealach níos fearr agus ar bhealach níos Eorpaí freisin. Chuir sé i bhfios freisin go bhféadfádh an Banc Eorpach Infheistíochta ról ríthábhachtach a bheith aige i dtaobh tacú le tionscnaimh chosanta, agus go bhfuil sé riachtanach go gcuirfidh an tAontas an Straitéis um Thionscal Cosanta na hEorpa i bhfeidhm gan aon mhoill agus go nglacfaidh sé Clárum Thionscal Cosanta na hEorpa faoi lár 2025.
Sa phlé ina dhiaidh sin, d’athbhreithnigh Airí Cosanta an Aontais a gcuid-iarrachtaí ullmhacht cosanta agus ullmhacht fhoriomlán an Aontais i gcoinne géarchéimeanna a neartú.
Cuirfear plé na n-airí san áireamh agus an Páipéar Bán maidir le todhchaí na Cosanta Eorpaí á ullmhú.
Conclúidí ón gComhairle
D’fhormheas an Chomhairle conclúidí maidir le hathbhreithniú straitéiseach an Bhuanchomhair Struchtúrtha (PESCO).
Bord Stiúrtha na Gníomhaireachta Eorpaí um Chosaint
Tháinig Airí Cosanta an Aontais le chéile ag Bhord Stiúrtha na Gníomhaireachta Eorpaí um Chosaint (GEC) faoi chathaoirleacht an Ardionadaí Josep Borrell ina cháil mar Cheann na Gníomhaireachta.
Chomh maith le buiséad ginearálta 2025 GEC, a plean bunaíochta foirne, agus a creat pleanála 3 bliana, d’fhormheas na hairí tuarascáil 2024 maidir leis an Athbhreithniú Comhordaithe Bliantúil ar Chosaint (CARD), ina gcuirtear i láthair na príomhthorthaí agus na príomh-mholtaí atá bunaithe ar an anailís ar phleananna caiteachais cosanta na mBallstát, lena gcuirtear san áireamh iad a ailíniú le tosaíochtaí 2023 an Aontais maidir le Forbairt Cumas.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.