Skip to content

Beartas trádála an Aontais Eorpaigh

Déanann an tAontas dlíthe maidir le trádáil, agus déanann sé comhaontuithe idirnáisiúnta maidir le cúrsaí trádála a chaibidil agus a thabhairt i gcrích le tíortha nach bhfuil san Aontas trína bheartas trádála.

Cad é beartas spáis an Aontais?

Is inniúlacht eisiach de chuid an Aontais é an beartas trádála. Ciallaíonn sé sin gurb é an tAontas seachas na Ballstáit a ritheann reachtaíocht maidir le cúrsaí trádála agus a thugann comhaontuithe trádála idirnáisiúnta i gcrích.

Trí ghníomhú le chéile agus labhairt d’aon ghuth ar a son ar an ardán domhanda, seachas trí leas a bhaint as an iliomad straitéisí trádála ar leith, is láidre seasamh an Aontais i gcúrsaí trádála domhanda.

Déanann an tAontas bainistiú ar chaidreamh trádála le tríú tíortha trí chomhaontuithe trádála. Is é is aidhm dóibh deiseanna trádála níos fearr a chruthú agus na bacainní ar an trádáil a shárú.

Tá ról suntasach ag an trádáil in earraí agus i seirbhísí i méadú an fháis inbhuanaithe agus i gcruthú post. Tá os cionn 30 milliún post san Aontas ag brath ar onnmhairiú táirgí as an Aontas. Táthar ag súil gur taobh amuigh de theorainneacha na hEorpa a bheidh 90% den fhás domhanda amach anseo. Is chun leas an fháis an trádáil mar sin agus is príomhthosaíocht de chuid an Aontais í.

Tá an Chomhairle tiomanta do chóras láidir iltaobhach trádála atá bunaithe ar rialacha. Tá ardleibhéal trédhearcachta ag gabháil le beartas freagrach trádála an Aontais mar aon le cumarsáid éifeachtach le saoránaigh faoi na tairbhí agus na dúshláin a bhaineann leis an trádáil agus le margaí oscailte.

Trádáil chóir agus chothrom

Is mian leis an Aontas a chinntiú go mbeidh trádáil chóir agus chothrom ann le tríú tíortha.

Sin í an chúis a bhfuil an tAontas tar éis a bheith ag obair ar athchóiriú bunúsach ar na rialacha a bhaineann le trádáil le blianta beaga anuas. Is iad seo a leanas na príomhréimsí a chumhdaítear leis an athchóiriú sin:

  • frith-chomhéigean
  • infheistíochtaí díreacha coigríche (IDCanna)
  • coimircí déthaobhacha
  • frithdhumpáil
  • ionstraimí cosanta trádála (TDInna)

Tá sé d’aidhm ag na tograí reachtacha ón Aontas táirgeoirí agus gnóthaí Eorpacha a chosaint ar an dochar a d’fhéadfadh roinnt cleachtais trádála eachtracha a dhéanamh.

Bearta frith-chomhéigin

An 23 Deireadh Fómhair 2023, ghlac an Chomhairle a Ionstraim nua um Chomhrac an Chomhéigin. Tá sé d’aidhm ag an ionstraim sin an tAontas agus a Bhallstáit a chosaint ar chomhéigean eacnamaíoch ó thríú tíortha a úsáideann bearta a dhéanann difear do thrádáil nó d’infheistíocht.

Ar na frithbhearta a d’fhéadfaí a chur i bhfeidhm ar thríú tíortha mar fhreagairt ar an gcomhéigean eacnamaíoch, tá srianta trádála a fhorchur, mar shampla, i bhfoirm:

  • dleachtanna custaim méadaithe
  • ceadúnais allmhairiúcháin nó onnmhairiúcháin
  • srianta i réimse na seirbhísí, rochtain ar IDC nó soláthar poiblí

Tá an ionstraim frith-chomhéigin ceaptha chun bearta comhéigneacha a laghdú agus scor na mbeart sin a spreagadh trí idirphlé. Ní chuirtear aon fhrithbhearta a dhéanann an tAontas i bhfeidhm ach amháin mar rogha dheireanach.

Infheistíochtaí díreacha coigríche a scagadh

An 5 Márta 2019, ghlac an Chomhairle rialachán lena gcuirtear ar bun creat maidir le IDCanna isteach san Aontas a scagadh. Tháinig sé i bhfeidhm i mí Dheireadh Fómhair 2020.

Mar gheall ar an leibhéal ard comhtháthaithe san Aontas, d’fhéadfadh infheistíocht dhíreach choigríche i mBallstát amháin an tslándáil nó an t-ord poiblí i mBallstát eile, nó ar fud an Aontais, a chur i mbaol.

Leis na rialacha nua maidir le IDCanna, cuirtear ar chumas an Aontais dúshláin nua a shainaithint agus freagairt dá réir. Chun na críche sin, déantar an méid seo a leanas leis an gcreat nua:

  • cruthaítear sásra comhair ina mbeidh na Ballstáit agus an Coimisiún Eorpach in ann eolas a mhalartú agus ábhair imní a chur in iúl maidir le hinfheistíochtaí sonracha
  • ceadaíonn sé don Choimisiún Eorpach tuairimí a eisiúint nuair a chuireann infheistíocht slándáil nó ord poiblí níos mó ná Ballstáit amháin i mbaol
  • molann sí comhar idirnáisiúnta maidir le scagadh infheistíochta, taithí, dea-chleachtais agus eolas a chomhroinnt maidir le saincheisteanna ar ábhar leasa choitinn iad san áireamh
  • leagtar síos ceanglais áirithe do na Ballstáit ar mian leo sásra um scagadh a choinneáil nó a ghlacadh ar an leibhéal náisiúnta

I mí Eanáir 2024, mhol an Coimisiún athbhreithniú ar an Rialachán maidir le scagadh IDC chun aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh atá ann cheana agus chun éifeachtúlacht na hionstraime a fheabhsú.

Cuireann an togra sin le haghaidh athbhreithnithe leis an taithí a fuair an Coimisiún agus Ballstáit an Aontais trí athbhreithniú a dhéanamh ar níos mó ná 1 200 idirbheart IDC le 3 bliana anuas faoin Rialachán atá ann cheana maidir le scagadh IDC.

Coimircí cothrománacha déthaobhacha

An 28 Eanáir 2019, ghlac an Chomhairle rialachán a chumasaíonn cur i bhfeidhm bearta coimirce le haghaidh comhaontuithe trádála.

Cuimsíonn an rialachán na comhaontuithe saorthrádála idir an tAontas agus an tSeapáin, idir an tAontas agus Singeapór agus idir an tAontas agus Vítneam. D’fhéadfaí tuilleadh comhaontuithe trádála a chur leis an raon feidhme.

Gabhann bearta coimirce déthaobhacha le comhaontú trádála, rud a éascaíonn aistarraingt fabhar taraife ar bhonn sealadach.

Roimh an tionscnamh seo, moladh an sásra sin ar leithligh i ndáil le gach comhaontú trádála ar leith.

Faoin tionscnamh seo áfach, baineann na bearta coimirce sin tairbhe as ‘creat comhsheasmhach cothrománach’ atá san áireamh i gcomhaontuithe nua trádála.

Frithdhumpáil

An 4 Nollaig 2017, ghlac an Chomhairle rialacha nua de chuid an Aontais chun cabhrú leis an Aontas a chosaint ar chleachtais trádála mhíchothroma. Tháinig siad i bhfeidhm an 20 Nollaig 2017.

Tá feidhm ag na rialacha frithdhumpála nuashonraithe ón Aontas maidir le cásanna ina ndéantar praghsanna na dtáirgí allmhairithe a laghdú go saorga mar gheall ar idirghabháil ón stát.

Leis an gcreat dlíthiúil seo cuirtear deireadh leis an idirdhealú a dhéantaí roimhe seo idir geilleagair mhargaidh agus geilleagair neamh-mhargaidh chun dumpáil a ríomh.

Ina theannta sin, tá ar an gCoimisiún Eorpach a chruthú gurb ann do ‘saobhadh margaidh’ suntasach idir praghas díola táirge agus costas a tháirgthe.

Ionstraimí cosanta trádála

An 8 Meitheamh 2018, tháinig an rialachán nua lena ndéantar ionstraimí cosanta trádála an Aontais a nuachóiriú i bhfeidhm.

Leis an rialachán sin, féachtar le táirgeoirí an Aontais a chosaint ar an dochar a dhéantar de bharr iomaíochas éagórach chun saorthrádáil agus cóirthrádáil a chinntiú. Fágann sin na hionstraimí cosanta trádála níos intuartha, níos trédhearcaí agus níos inrochtana, go háirithe i gcomhair fiontair bheaga agus mheánmhéide.

Is é cuspóir an Aontais go mbeidh na hionstraimí frithdhumpála agus frith-fhóirdheontais níos éifeachtúla agus níos oiriúnaí ó thaobh táirgeoirí an Aontais a chosaint ar chleachtais éagóracha atá á ndéanamh ag gnólachtaí eachtrannacha agus ar aon riosca go ndéanfaí frithbheart ina gcoinne.

Ag an am céanna, ba cheart go mbeadh sé níos fusa d’allmhaireoirí tuar a dhéanamh i dtaca le rátaí dleachta athraitheacha, rud a chabhródh lena gcumas pleanála gnó. Ba cheart go mbeadh an córas iomlán níos trédhearcaí agus níos fusa don úsáideoir.