Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta

An Chomhairle um Ghnóthaí Ginearálta, 19/05/2015, 19 Bealtaine 2015

Príomhthorthaí

Ghlac an Chomhairle rialachán lena ndéantar méadú nach mór €1 billiún ar na réamhíocaíochtaí don tionscnamh fostaíochta don aos óg in 2015. Leis an gcinneadh seo téitear i ngleic leis na srianta buiséadacha atá ag na Ballstáit ag tús na clárthréimhse. Freagraítear freisin don ghá práinneach atá ann gníomhú i gcoinne na dífhostaíochta i measc na n-óg.

Tháinig an Chomhairle tar éis an chruinnithe Speisialta den Chomhairle Eorpach an 23 Aibreán maidir le brú imirceach i réigiún na Meánmhara. Chuir an Uachtaránacht agus an Coimisiún na hAirí ar an eolas faoin obair atá ar siúl faoi láthair agus atá beartaithe. Thíolaic an Coimisiún a Chlár Oibre i leith na hImirce ar a rinne na hAirí réamhbharúlacha sula bhfoilseofar tograí reachtacha an Choimisiúin.

Rinne an Chomhairle an réamhullmhúchán freisin don Chomhairle Eorpach i mí an Mheithimh. Scrúdaigh sí dréacht-Chonclúidí anótáilte ina bhfuil roinnt de na dúshláin slándála agus roinnt saincheisteanna eacnamaíocha san áireamh. Sa chomhthéacs sin, tugadh an Chomhairle cothrom le dáta maidir leis an ullmhúchán ar Thuarascáil na gceithre Uachtarán maidir leis an Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta.

Comhaid na gcruinnithe

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 8 Eanáir 2025