- An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta
An Chomhairle um Ghnóthaí Ginearálta, 14/09/2015, 14 Meán Fómhair 2015
Na príomhthorthaí
Comhairle Eorpach mhí Dheireadh Fómhair
Chuir an Chomhairle tús leis na hullmhúcháin do Chomhairle Eorpach mhí Dheireadh Fómhair ar bhonn an phlé a rinneadh ar an dréachtchlár oibre anótáilte. Díreofar go príomha le linn an chruinnithe i mí Dheireadh Fómhair (an 15-16 Deireadh Fómhair) ar cheist na himirce.
Tá dualgas morálta agus dlíthiúil ar an Eoraip cabhrú le teifigh a theith ó chogadh, ón sceimhlitheoireacht agus ón deachtóireacht. Déanfaidh an Uachtaránacht Lucsamburgach an méid is féidir lena chinntiú go ngníomhóidh an tAontas de réir a luachanna Jean Asselborn, Aire Gnóthaí Eachtracha agus Eorpacha Lucsamburg
Meastar go dtabharfaidh na ceannairí dá n-aire ag an gcruinniú, an méid a rinneadh mar fhreagairt ó tionóladh Comhairle Eorpach mhí an Mheithimh i leith, agus meastar go ndéanfaidh siad ullmhúchán don chruinniú mullaigh a bheidh ar siúl i Vaileite (an 11-12 Samhain), áit dtiocfaidh ceannairí an Aontais agus na hAfraice le chéile chun féachaint ar an gcaoi ina bhféadfar comhar a neartú chun freastal ar dhúshláin na himirce, agus chun aghaidh a thabhairt ar bhunchúiseanna na himirce neamhdhleathaí. Meastar freisin go bpléifidh na hAirí an méid a eascróidh as comhdháil ardleibhéil bhealach na mBalcán Thiar, a thionólfar ag tús mhí Dheireadh Fómhair.
Clár oibre an Choimisiún do 2016
Thug na hAirí litir ón gCoimisiún dá n-aire, ina leagtar amach a bhfuil beartaithe aige dá chlár oibre 2016. Déantar sin mar chuid den phróiseas ullmhúcháin sula nglacfaidh an Coimisiún a chlár oibre don bhliain atá le teacht.
EUNAVFOR Med
Ghlac an Chomhairle an measúnú gur comhlíonadh dálaí EUNAVFOR Med chun dul ar aghaidh go dtí an chéad chuid de chéim a dó ar an mórmhuir, agus go bhfuil na cuspóirí míleata uile a bhaineann le céim 1, lena ndírítear ar eolas agus ar fhaisnéis a bhailiú agus a anailísiú, comhlíonta ag an oibríocht chabhlaigh.
An Úcráin
Chuir an Chomhairle fad sé mhí leis na smachtbhannaí atá ann mar thoradh ar ghníomhaíochtaí i gcoinne sláine críche, cheannasacht agus neamhspleáchas na hÚcráine. Cuireadh síneadh le calcadh sócmhainní agus toirmeasc taistil i gcoinne 149 duine agus 37 eintiteas go dtí 15 Márta 2016.
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid toraidh
Preaseisiúintí
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Dimosthenis Mammonas Press officer
- +32 477 61 20 77
- +32 2 281 2504
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #GAC
Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta
Cruinnithe roimhe seo
An t-athbhreithniú deireanach: an 8 Eanáir 2025