Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta

An Chomhairle um Ghnóthaí Ginearálta, 10/02/2015, 10 Feabhra 2015

Na príomhthorthaí  

Creat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) an Aontais do 2014-2020

Bhí plé an-bhisiúil againn ar an togra seo. Táimid dóchasach go dtiocfaimid ar chomhaontú go luath lena gcuirfear ar chumas na mBallstát na cistí infheistíochta a úsáid faoi mar a comhaontaíodh i Rialachán CAI. Nuair a bheidh a toiliú tugtha ag Parlaimint na hEorpa, glacfaidh an Chomhairle an Creat Airgeadais athbhreithnithe.”  Edgars Rinkēvičs, Aire Gnóthaí Eachtracha na Laitvia agus Uachtarán na Comhairle

Phléigh an Chomhairle athbhreithniú ar Chreat Airgeadais Ilbhliantúil an Aontais (CAI) do 2014-2020. Is é is aidhm don athbhreithniú cur ar chumas an Aontais € 21.1 billiún de na gealltanais nár úsáideadh a aistriú ó 2014 go dtí blianta níos faide anonn. Bhí na gealltanais sin fós gan úsáid in 2014 toisc gur glacadh cláir áirithe de chuid an Aontais go déanach, cláir a bhí á gcomhbhainistiú ag an gCoimisiún agus ag na Ballstáit.

An comhrac i gcoinne na sceimhlitheoireachta

I bhfianaise na dtubaistí a tharla i bPáras, phléigh na hAirí an comhrac i gcoinne na sceimhlitheoireachta. Mheáigh siad na bearta a rinneadh go dtí seo agus mhachnaigh siad ar an mbealach chun cinn. Thacaigh siad le comhaontú ar thángthas air le Parlaimint na hEorpa maidir le rialacha nua chun sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc.

Clár oibre an Choimisiúin Eorpaigh do 2015 

Ghlac an Chomhairle Conclúidí lena bhfáiltítear roimh chlár oibre an Choimisiúin do 2015, ina leagtar amach roinnt tionscnamh tosaíochta a fhreagraíonn go ginearálta don Chlár Oibre Straitéiseach, a ghlac an Chomhairle Eorpach, i mí Mheithimh 2014.

I gcuibhreann dála dóibh le Timmermans, Leas-Uachtarán an Choimisiúin, léirigh na hAirí a n-imní faoin rún atá ag an gCoimisiúin .i. a thograí maidir le dramhaíl agus caighdeán an aeir a tharraingt siar. Chuir an Uachtaránacht in iúl go bhfuil sí sásta leanúint ar aghaidh leis an obair ar an dá thogra sin.

Comhaid na gcruinnithe

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 8 Eanáir 2025