- An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta
An Chomhairle um Ghnóthaí Ginearálta, 21/04/2015, 21 Aibreán 2015
Na príomhthorthaí
Chuir an Uachtaránacht an Chomhairle ar an eolas faoin bplé a bhí ag na hAirí Gnóthaí Eachtracha agus Gnóthaí Baile maidir le saincheisteanna imirce ag cruinniú comhpháirteach a thionól Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus an Uachtaránacht an 20 Aibreán 2015.
Tá an dea-thoil ann cinnte ach anois is gá bogadh ar aghaidh agus gníomhaíocht nithiúil a dhéanamh.” Edgars RINKĒVIČS, Aire Gnóthaí Eachtracha na Laitvia
Ba dhíol sásaimh do na hAirí gur mó anois atáthar diongbháilte gníomhú maidir le cúrsaí imirce, go háirithe i ndáil leis na trí réimse seo a leanas:
- an comhrac a athneartú i gcoinne smuigleáil daoine
- gníomhaíocht an Aontais a neartú le nach mbáfaí imircigh ar muir
- an comhar le tríú tíortha a threisiú
Mheas na hAirí go mbeadh an plé sin ina bhonn maith don Chomhairle Eorpach urghnách a thionól an tUachtarán Donald Tusk an 23 Aibreán 2015 i ndáil leis an mbrú imirce i réigiún na Meánmhara.
D’aontaigh an Chomhairle méadú beagnach €1 billiún a dhéanamh ar réamhíocaíochtaí faoi thionscnamh na fostaíochta don aos óg in 2015. Déanfar sin le go bhféadfaidh na Ballstáit bearta a leagan amach go sciobtha don chomhrac i gcoinne na dífhostaíochta i measc an ógra.
Léirítear, leis an méadú súntasach a dhéanfar ar na réamhíocaíochtaí, go bhfuilimid meáite go mór ar dhul i ngleic leis an dífhostaíocht i measc an ógra san Eoraip. Go deimhin, tá an easpa réamh-mhaoiniúcháin ar cheann de na príomhbhacainní atá ag cur cosc ar EUR 6.4 billiún ón tionscnamh fostaíochta don aos óg a úsáid go gasta. Oibreoidh Uachtaránacht na Laitvia anois le Parlaimint na hEorpa chun a áirithiú go nglacfar na rialacha nua a luaithe is féidir", a dúirt Jānis REIRS, Aire Airgeadais na Laitvia.
Leasaigh an Chomhairle creat airgeadais ilbhliantúil an Aontais don tréimhse 2014-2020 chun cistí a chaomhnú chun an fás agus poist a chur chun cinn. "Leis an athbhreithniú sin, tá na réamhchoinníollacha uile comhlíonta againn le gur féidir na hacmhainní leithdháilte a úsáid a mhéid is féidir agus, ar an dóigh sin, go n-áiritheofar go ndéanfar na cláir sin chun tacú leis an bhfás agus leis an bhfostaíocht a chur chun feidhme go rianúil”, a dúirt Edgars RINKĒVIČS.
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid toraidh
- Clár oibre sealadach, an Chomhairle Gnóthaí Ginearálta, an 21 Aibreán 2015
- Liosta na míreanna A, gníomhaíochtaí reachtacha, an Chomhairle Gnóthaí Ginearálta, an 21 Aibreán 2015
- Liosta na míreanna A, gníomhaíochtaí neamhreachtacha, an Chomhairle Gnóthaí Ginearálta, 21 Aibreán 2015
- Indicative programme, General Affairs Council, 21 April 2015
- Background brief
- Liosta na rannpháirtithe
Preaseisiúintí
- Tionscnamh fostaíochta don ógra: Cuireann an Chomhairle deireadh leis an mbearna sa mhaoiniú
- 21/04/2015
- An Bhoisnia agus an Heirseagaivéin: Comhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais a thabhairt i gcrích
- 21/04/2015
- Buiséad an Aontais Eorpaigh Caomhnaíonn an Chomhairle cistí chun an fás agus an fhostaíocht a chur chun cinn
- 21/04/2015
- Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Stáit Aontaithe Mheiriceá maidir le hathárachas: Chinn an Chomhairle go gcuirfí tús leis an gcaibidlíocht
- 21/04/2015
- Ceapadh Jeppe Tranholm-Mikkelsen mar Ard-Rúnaí nua na Comhairle
- 21/04/2015
- Conclúidí ón gComhairle maidir le Poblacht Iar-Iúgslavach na Macadóine
- 21/04/2015
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Dimosthenis Mammonas Press officer
- +32 477 61 20 77
- +32 2 281 2504
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #GAC
Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta
Cruinnithe roimhe seo
An t-athbhreithniú deireanach: an 8 Eanáir 2025