Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta

An Chomhairle um Ghnóthaí Ginearálta, 23/06/2015, 23 Meitheamh 2015

Na príomhthorthaí

An Chomhairle Eorpach 

Rinne an Chomhairle tuilleadh dul chun cinn chun an Chomhairle Eorpach i mí an Mheithimh a ullmhú, lena n-áirítear tríd an bplé maidir le dréacht-chonclúidí athbhreithnithe.

Is léir ón bplé a bhí againn gur mhian leis na Ballstáit uile go mbeidh toradh rathúil ar an gcéad Chomhairle Eorpach eile a bheidh ann” Edgars Rinkēvičs, Aire Gnóthaí Eachtracha na Laitvia

Táthar ag súil go mbeidh ceannairí an Aontais ag díriú ar an imirce, ar na dúshláin slándála, agus ar ghnóthaí eacnamaíocha ag an gcruinniú a bheidh acu an 25 agus an 26 Meitheamh sa Bhruiséil. “Is léir ón bplé a bhí againn gur mhian leis na Ballstáit uile go mbeidh toradh rathúil ar an gcéad Chomhairle Eorpach eile a bheidh ann. Ach anois tá tuiscint i bhfad níos soiléire againn ón díospóireacht maidir leis an tslí inar féidir bheith ar aon tuairim faoi na saincheisteanna tábhachtacha atá os ár gcomhair amach", arsa Edgars Rinkēvičs, Aire Gnóthaí Eachtracha na Laitvia agus Uachtarán Chomhairle an Aontais Eorpaigh.

Poblacht Iar-Iúgslavach na Macadóine

Mar chuid de rannpháirtíocht leanúnach an Aontais le Poblacht Iar-Iúgslavach na Macadóine a athdhearbhú, ghlac an Chomhairle conclúidí ina leagtar amach a chuid tuairimí maidir leis an ngéarchéim pholaitiúil leanúnach sa tír. Thathantaigh an Chomhairle ar na páirtithe go léir na gealltanais a rinne siad an 2 Meitheamh 2015 a chur i gcrích agus na moltaí uile ón gCoimisiún a chur chun feidhme.

An clár oibre maidir le rialáil níos fearr

Phléigh an Chomhairle an clár oibre maidir le rialáil níos fearr freisin, a thíolaic an Coimisiún an 19 Bealtaine 2015. Bhreathnaigh an Chomhairle ar an obair a rinneadh sa Chomhairle, go háirithe maidir leis an gcomhaontú Idirinstitiúideach atá le caibidliú idir an Chomhairle, Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún. Phléigh na hAirí freisin an t-ábhar ar an gclár oibre maidir le rialáil níos fearr agus níos leithne, go háirithe ó thaobh gnólachtaí agus saoránaigh de. Ceann de na haidhmeanna is mó atá ag an gclár oibre maidir le rialáil níos fearr a áirithiú go mbeidh beartais agus dlíthe an Aontais in ann a gcuid cuspóirí a bhaint amach ar an gcostas is ísle.

Cumarsáid straitéiseach 

Le linn an lóin bhí malartú tuairimí mar obair leantach a tháinig ón gComhairle Eorpach i mí Márta, lena ndírítear ar an teachtaireacht straitéiseach.

Comhaid na gcruinnithe

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 8 Eanáir 2025