- An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta
An Chomhairle um Ghnóthaí Ginearálta, 13/10/2015, 13 Deireadh Fómhair 2015
Na príomhthorthaí
Is dúshlán againn é ceist na himirce agus níl aon réiteach éasca amháin ar an scéal. Táimid go léir ar aon intinn gur trí phacáiste cothrom, cuimsitheach amháin a bheidh an Eoraip in ann freagairt a thabhairt, freagairt a bheidh éifeachtach ach ceann lena n-urramófar ár mbunluachanna freisin... Jean ASSELBORN, Aire Gnóthaí Eachtracha agus Eorpacha Lucsamburg agus Uachtarán na Comhairle
Comhairle Eorpach mhí Dheireadh Fómhair
Chuir an Chomhairle bailchríoch ar na hullmhúcháin do Chruinniú na Comhairle Eorpaí a bheidh ar siúl an 15 agus an 16 Deireadh Fómhair 2015 agus phléigh sí dréacht-Chonclúidí a bheidh le comhaontú ag ceannairí an Aontais. Sa Chomhairle Eorpach, díreofar ar an imirce agus pléifear roinnt gnéithe éagsúla den cheist sin. Scrúdófar an dul chun cinn atá déanta maidir le cur chun feidhme na dtreoirlínte a comhaontaíodh ag an gcruinniú a bhí ag na Ceannairí Stáit nó Rialtais i mí Mheán Fómhair, agus cuirfear treoir ar fáil maidir le gníomhaíocht chun leanúint den obair i ndáil leis an gclár oibre Eorpach don imirce. Chomh maith leis sin, tabharfar aird ar an gcomhdháil maidir le bealach Oirthear na Meánmhara - na mBalcán Thiar agus ullmhófar Cruinniú Mullaigh Vaileite.
"Is dúshlán mór againn é ceist na himirce agus níl aon réiteach éasca amháin ar an scéal. Táimid go léir ar aon intinn gur trí phacáiste cothrom, cuimsitheach amháin a bheidh an Eoraip in ann freagairt a thabhairt, freagairt a bheidh éifeachtach, ach ceann lena n-urramófar ár mbunluachanna freisin. I bplé an lae inniu, rinneadh an réamhobair chun go ndéanfar na cinntí cearta ag an gComhairle Eorpach níos déanaí an tseachtain seo", a dúirt Jean Asselborn, Aire Gnóthaí Eachtracha agus Eorpacha Lucsamburg agus Uachtarán na Comhairle.
Tosaíochtaí an Choimisiúin don Chlár Oibre atá aige do 2016
Thug an Chomhairle dá haire na tuairimí a cuireadh in iúl ina cuid comhlachtaí ullmhúcháin i ndáil leis na tosaíochtaí atá ag an gCoimisiún dá chlár oibre do 2016. Táthar ag súil go nglacfaidh an Coimisiún an Clár Oibre an 27 Deireadh Fómhair.
Rialáil níos fearr
Chuir an Uachtaránacht na hAirí ar an eolas faoin staid mar atá san idirbheartaíocht maidir le comhaontú idir an Coimisiún, Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle i ndáil le rialáil níos fearr. Is é an aidhm atá leis an togra ón gCoimisiún go dtabharfaidh na trí institiúidí gealltanas comhpháirteach maidir le feabhas a chur ar an mbealach a ritheann an tAontas reachtaíocht.
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid toraidh
- Clár oibre táscach, an Chomhairle Gnóthaí Ginearálta, an 13/10/2015
- Clár oibre sealadach, an Chomhairle Gnóthaí Ginearálta, an 13 Deireadh Fómhair 2015
- Liosta de mhíreanna A, gníomhaíochtaí neamhreachtacha, an Chomhairle Gnóthaí Ginearálta, an 13 Deireadh Fómhair 2015
- Faisnéis chúlra
- Liosta de na rannpháirtithe
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Dimosthenis Mammonas Press officer
- +32 477 61 20 77
- +32 2 281 2504
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #GAC
Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta
Cruinnithe roimhe seo
An t-athbhreithniú deireanach: an 8 Eanáir 2025