- An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta
An Chomhairle um Ghnóthaí Ginearálta, 18/01/2016, 18 Eanáir 2016
Na príomhthorthaí
Chuir an Chomhairle tús leis an ullmhúchán don Chomhairle Eorpach a bheidh ar siúl i mí Feabhra trí scrúdú a dhéanamh ar dhréachtchlár oibre anótáilte. Ag an gcruinniú a bheidh acu ar an 18 agus an 19 Feabhra 2016, beidh sé mar aidhm ag Ceannairí an Aontais teacht ar chomhaontú maidir le pacáiste comhréitigh chun aghaidh a thabhairt ar na ceithre ábhar a d'ardaigh an Ríocht Aontaithe maidir le reifreann istigh/amuigh. Déanfaidh na ceannairí measúnú freisin féachaint ar cuireadh i bhfeidhm mar is ceart na bearta a glacadh le roinnt míonna anuas chun dul i ngleic le géarchéim na himirce.
Fiú leis na cinntí is uaillmhianaí, ní féidir torthaí a bhaint amach ach amháin má chuirtear i bhfeidhm mar is ceart iad. Ní mór dúinn féachaint an bhfuil na bearta a chomhaontaíomar maidir le himirce á gcur i ngníomh, agus murab amhlaidh an cás, ní mór dúinn dul i mbun gnímh". Bert Koenders, Aire Gnóthaí Eachtracha na hÍsiltíre agus Uachtarán na Comhairle
"Tá cinntí tábhachtacha glactha ag an Aontas Eorpach le linn na seachtainí agus na míonna beaga anuas chun aghaidh a thabhairt ar an sreabhadh dídeanaithe. Ach fiú leis na cinntí is uaillmhianaí, ní féidir torthaí a bhaint amach ach amháin má chuirtear i bhfeidhm mar is ceart iad. Ní mór dúinn féachaint an bhfuil na bearta a chomhaontaíomar á gcur i ngníomh iarbhír, agus ní mór dúinn dul i mbun gnímh murab amhlaidh an cás," arsa Bert Koenders, Aire Gnóthaí Eachtracha na hÍsiltíre agus Uachtarán na Comhairle.
Phléigh na hAirí freisin an clár oibre a mhol Uachtaránacht na hÍsiltíre don tréimhse go dtí deireadh mhí an Mheithimh 2016. "Táimid fíorbhuíoch as an tacaíocht a fuaireamar inniu. Ábhar mór dóchais é sin. Neartaíonn sé ár dtiomantas chun cuidiú leis an Aontas Eorpach teacht ar réitigh rannpháirteacha ar na dúshláin atá os ár gcomhair amach sa tréimhse chasta seo ", a dúirt Bert Koenders.
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid toraidh
- Clár oibre táscach, an Chomhairle Gnóthaí Ginearálta, 18/01/2016
- Clár oibre sealadach, an Chomhairle Gnóthaí Ginearálta, 18 Eanáir 2016
- Liosta na míreanna A, gníomhaíochtaí neamhreachtacha, an Chomhairle Gnóthaí Ginearálta, 18 Eanáir 2016
- Addendum 1 to list of A items, non-legislative activities, General Affairs Council, 18 January 2016
- Faisnéis chúlra
- Liosta na rannpháirtithe
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Dimosthenis Mammonas Press officer
- +32 477 61 20 77
- +32 2 281 2504
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #GAC
Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta
Cruinnithe roimhe seo
An t-athbhreithniú deireanach: an 8 Eanáir 2025