Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta

An Chomhairle um Ghnóthaí Ginearálta, 15/12/2015, 15 Nollaig 2015

Na príomhthorthaí

Léirítear sa chomhaontú maidir le reachtóireacht níos fearr go bhfuil institiúidí an Aontais, i dteannta a chéile, meáite ar an saol a dhéanamh níos fusa do na saoránaigh agus do chuideachtaí. a dúirt Nicolas Schmit, Aire de chuid Lucsamburg atá i gceannas ar idirbheartaíocht maidir le reachtóireacht níos fearr

Reachtóireacht níos fearr

D’fhormheas an Chomhairle comhaontú sealadach maidir le reachtóireacht níos fearr ar thángthas air le Parlaimint na hEorpa agus leis an gCoimisiún. Leis an gcomhaontú sin, cuirfear feabhas ar an gcaoi a ritheann an tAontas Eorpach dlíthe AE le go bhfreastalófar ar shaoránaigh agus ar ghnólachtaí ar bhealach níos fearr.

Tríd an gcomhaontú sin, áiritheofar freisin go ndíreofar, le reachtaíocht an Aontais, ar réimsí ina bhfuil an breisluach is mó aici do shaoránaigh na hEorpa, agus go mbeidh na dlíthe simplí agus soiléir. Tá sé mar aidhm leis go seachnófar an ró-rialáil agus go laghdófar ualaigh riaracháin ar shaoránaigh agus ar ghnólachtaí, go háirithe fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna). Leis an gcomhaontú, foráiltear do chomhar níos dlúithe idir na hinstitiúidí, go háirithe i réimse an chlársceidealaithe reachtaigh. Treisítear leis measúnuithe tionchair ar thionscnaimh nua freisin, agus an trédhearcacht agus an comhairliúchán poiblí sa phróiseas reachtach chomh maith.

"Léirítear sa chomhaontú maidir le reachtóireacht níos fearr go bhfuil institiúidí an Aontais, i dteannta a chéile, meáite ar an saol a dhéanamh níos fusa do na saoránaigh agus do chuideachtaí. Ní mór dlíthe a bheith simplí a thuiscint agus a chur chun feidhme, agus is é sin go díreach atáthar ag iarraidh a áirithiú leis an gcomhaontú" a dúirt an tAire Nicolas Schmit, atá i gceannas ar an gcaibidlíocht, thar ceann Uachtaránacht Lucsamburg ar an gComhairle, le Parlaimint na hEorpa agus leis an gCoimisiún.

Méadú an Aontais

Ghlac an Chomhairle Conclúidí maidir le beartas méadaithe an Aontais agus le próiseas cobhsaíochta agus comhlachais na mBalcán Thiar. Athdhearbhaítear sna Conclúidí go bhfuil an Chomhairle tiomanta do phróiseas an mhéadaithe agus do pheirspictíocht Eorpach na mBalcán Thiar.

An Chomhairle Eorpach

Chuir an Chomhairle clabhsúr ar ullmhúcháin Chomhairle Eorpach mhí na Nollag trí scrúdú a dhéanamh ar dhréacht-Chonclúidí. Ag an gcruinniú a bheidh acu ar an 17 agus 18 Nollaig, sé shaincheist a bheidh á bplé ag ceannairí na hEorpa, inimirce, ag díriú ar chur chun feidhme na ngealltanas a tugadh cheana, go háirithe maidir le teophointí, athlonnú, agus filleadh agus rialú ag na teorainneacha seachtracha, an comhrac i gcoinne na sceimhlitheoireachta i gcomhthéacs na n-imeachtaí tragóideacha a tharla i bPáras, an t-aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta i gcomhthéacs foilsiú Thuarascáil an Chúigear Uachtarán, an margadh inmheánach, an t-aontas fuinnimh agus torthaí COP21, chomh maith le pleananna na Ríochta Aontaithe i dtaca le reifreann isteach/amach. 

An clár ocht mí dhéag

D’fhormhuinigh na hAirí clár ocht mí dhéag ghníomhaíochta na Comhairle le haghaidh na tréimhse ón 1 Eanáir 2016 go dtí an 30 Meitheamh 2017. Uachtaránachtaí nua na hÍsiltíre, na Slóvaice agus Mhálta a rinne an clár sin a tharraingt suas, chomh maith leis an Ardionadaí, ina cáil mar Uachtarán ar an gComhairle Gnóthaí Eachtracha. 

Beoshruthú na seisiún poiblí agus na n-imeachtaí preasa

Comhaid na gcruinnithe

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 8 Eanáir 2025