Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta

An Chomhairle um Ghnóthaí Ginearálta, 16/02/2016, 16 Feabhra 2016

Na príomhthorthaí

Faisnéis faoin gcruinniú

Chuir an Chomhairle bailchríoch ar na hullmhúcháin don chéad chruinniú eile a bheidh ag an gComhairle Eorpach sa Bhruiséil ar an 18 agus ar an 19 Feabhra. Thug na hAirí na cainteanna leanúnacha dá n-aire maidir le haghaidh a thabhairt ar chúiseanna imní na Ríochta Aontaithe d'fhonn teacht ar réiteach ag an gComhairle Eorpach roimh an reifreann istigh/amuigh sa Ríocht Aontaithe. Chuir siad in iúl gur gá teacht ar chomhaontú a rachaidh chun tairbhe don Eoraip i gcoitinne. Réitigh na hAirí an bealach freisin chun go ndéanfaidh na Ceannairí Stáit agus Rialtais measúnú ar chur chun feidhme na gcinntí a ghlac siad roimhe sin i réimse na himirce agus chun go ndíreoidh siad isteach ar dhúshláin reatha maidir leis an imirce.

Chuir an Chomhairle tús leis na hullmhúcháin don chruinniú den Chomhairle Eorpach a bheidh ar siúl i mí an Mhárta ar bhonn dréachtchlár oibre anótáilte. Ag a gcruinniú den 17-18 Márta 2016, fillfidh Ceannairí na hEorpa ar cheist na himirce agus pléifidh siad céimeanna breise. Labhróidh siad freisin faoin dóigh a gcuirfear fás chun cinn, a gcruthófar poist agus a gcuirfear feabhas ar iomaíochas.

Comhaid na gcruinnithe

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 8 Eanáir 2025