- An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta
An Chomhairle um Ghnóthaí Ginearálta, 15/03/2016, 15 Márta 2016
Na príomhthorthaí
Tacaíocht éigeandála don Ghréig
Ghlac an Chomhairle rialachán lena mbunaítear sásra tacaíochta éigeandála Aontais chun cabhrú leis an nGréig agus leis na Ballstáit eile atá ag streachailt siocair go bhfuil cuid mhór dídeanaithe ag teacht chucu. Cuirtear gealltanas a thug an Chomhairle Eorpach i ngníomh leis sin. Leis an rialachán, cuirtear ar chumas an Aontais freagairt thráthúil, éifeachtach a thabhairt ar an gcás fíorchasta atá ag forbairt go gasta ar an láthair. Agus deireadh ag teacht leis na sreafaí neamhrialta imirceach feadh bhealach na mBalcán Thiar, tá níos mó ná 35 000 dídeanaí sa Ghréig faoi láthair.
Léirítear leis an gcinneadh seo ón gComhairle go seasann an tAontas leis an nGréig ag an am deacair seo. Déanfaidh Uachtaránacht na hÍsiltíre an oiread agus is féidir léi lena chinntiú go gcuirfear na cistí riachtanacha ón Aontas ar fáil chomh gasta agus is féidir. Bert Koenders, Aire Gnóthaí Eachtracha na hÍsiltíre
Tá an chabhair a chuirtear ar fáil faoin ionstraim nua bunaithe ar riachtanais agus tá sí dírithe ar bheatha daoine a chaomhnú, angar daoine a chosc agus dínit an duine a chothabháil. Áirítear bia, dídean, uisce, cógais leighis agus riachtanais bhunúsacha eile ar an gcabhair sin. Is é an Coimisiún nó eagraíochtaí comhpháirtíochta a roghnaíonn an Coimisiún i dlúthchomhar le húdaráis na Gréige a chuireann an chabhair ar fáil.
Ullmhúchán do Chomhairle Eorpach mhí Márta
Rinne an Chomhairle an obair ullmhúcháin don chéad chruinniú eile den Chomhairle Eorpach trí scrúdú a dhéanamh ar na dréachtchonclúidí. Tiocfaidh ceannairí an Aontais Eorpaigh le chéile sa Bhruiséil ar an 17 agus 18 Márta 2016 le plé a dhéanamh faoi na bearta breise a d'fhéadfaí a dhéanamh chun dul i ngleic le géarchéim na himirce agus faoi na tosaíochtaí do Sheimeastar Eorpach 2016.
Comhaontú maidir le reachtóireacht níos fearr
Ghlac an Chomhairle an comhaontú idirinstitiúideach maidir le reachtóireacht níos fearr. Dírítear sa chomhaontú ar an gcomhar idir an Chomhairle, an Pharlaimint agus an Coimisiún a neartú le feabhas a chur ar an mbealach ina ritheann an tAontas dlíthe agus chun a áirithiú gur fearr a fhónfaidh dlíthe an Aontais do na saoránaigh agus do ghnólachtaí.
"Ní bhaineann an comhaontú seo leis an mbealach ina bhfeidhmíonn institiúidí an Aontais amháin, beidh saoránaigh agus cuideachtaí in ann tairbhe fhuaimintiúil a bhaint as. Beidh sé níos éasca dlíthe a thuiscint agus a chur chun feidhme. Déanfaidh sin cúrsaí níos fusa do shaoránaigh, do ghnólachtaí agus don riarachán," a dúirt Bert Koenders.
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid toraidh
- Ar tháinig as cruinniú na Comhairle
- Clár oibre táscach - an Chomhairle Gnóthaí Ginearálta, 15 Márta 2016
- Provisional agenda, General Affairs Council, 15 March 2016
- Liosta na míreanna A, plé reachtach, an Chomhairle Gnóthaí Ginearálta, 15 Márta 2016
- Liosta na míreanna A, gníomhaíochtaí neamhreachtacha, an Chomhairle Gnóthaí Ginearálta, 15 Márta 2016
- Cúlra faisnéise
- Liosta na rannpháirtithe
Preaseisiúintí
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Dimosthenis Mammonas Press officer
- +32 477 61 20 77
- +32 2 281 2504
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #GAC
Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta
Cruinnithe roimhe seo
An t-athbhreithniú deireanach: an 8 Eanáir 2025