- An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta
An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta, 21/05/2019, 21 Bealtaine 2019
Na príomhthorthaí
Chuir an Chomhairle tús leis na hullmhúcháin don chruinniú a bheidh ag an gComhairle Eorpach ar an 20 go dtí an 21 Meitheamh.
Tar éis an chruinnithe a bheidh acu i mí an Mheithimh, táthar ag súil go ndéanfaidh ceannairí an Aontais cinntí maidir le ceapacháin don chéad timthriall institiúideach eile agus go nglacfaidh siad clár oibre straitéiseach an Aontais do 2019 go 2024. Díreoidh siad an plé freisin ar an gcéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile, ar an athrú aeráide agus ar mholtaí tír-shonracha faoi phróiseas an tSeimeastair Eorpaigh.
Is le linn Chomhairle Eorpach mhí an Mheithimh a dhéanfar cinntí tábhachtacha chun todhchaí na hEorpa a mhúnlú sna blianta amach romhainn. Agus sinn i mbun na huachtaránachta, tá ár seacht ndícheall déanta againn chun an t-aistriú chuig an gcéad timthriall institiúideach eile a éascú agus chun obair ar an oiread comhaid reachtacha agus is féidir a thabhairt i gcrích. Leanfaimid orainn de chuidiú go gníomhach leis an bpróiseas sin chun aontas láidir comhtháite a spreagadh, i gcomhréir le mana ár n-uachtaránachta. George Ciamba, Aire Toscaire na Rómáine do Ghnóthaí Eorpacha
An creat airgeadais ilbhliantúil do 2021-2027
Phléigh an Chomhairle gnéithe na gníomhaíochta seachtraí a bhaineann leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil (CAI) do 2021-2027. Dhírigh na hairí ar na tograí ón gCoimisiún Eorpach maidir leis an gCiste Eorpach Forbraíochta a chomhtháthú le buiséad an Aontais agus maidir le cistí a imfhálú do Chomharsanacht na hEorpa sa chéad CAI eile.
Beidh an díospóireacht mar chuid den ullmhúchán a dhéanfaidh an uachtaránacht do dhréachtbhosca caibidlíochta athbhreithnithe roimh Chomhairle Eorpach mhí an Mheithimh.
Comhdhéanamh chomhlachtaí comhairleacha an Aontais
Ghlac an Chomhairle dhá chinneadh, gan phlé, maidir le comhdhéanamh Choiste na Réigiún agus Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa. Leis na cinntí oiriúnaítear comhdhéanamh chomhlachtaí comhairleacha sin an Aontais ó thús a sainorduithe nua in 2020 agus aistarraingt na Ríochta Aontaithe á cur san áireamh.
Straitéisí macrairéigiúnacha an Aontais
Ghlac an Chomhairle conclúidí maidir le straitéisí macrairéigiúnacha an Aontais a chur chun feidhme, mar thoradh ar an tuarascáil a thíolaic an Coimisiún Eorpach i mí Eanáir. Aithnítear sna conclúidí an ról atá ag macrairéigiúin i dtaobh comhtháthú socheacnamaíoch agus críochach a chothú.
Plaistigh aon úsáide
Ghlac an Chomhairle treoir, gan phlé, lena dtugtar isteach srianta nua maidir le táirgí plaisteacha aon úsáide áirithe. Is é atá sa treoir nua cuid d’iarrachtaí an Aontais an comhshaol a chosaint ar thruailliú plaisteach agus bruscar muirí a laghdú.
Leasacháin
Ghlac an Chomhairle, gan phlé, rialachán nua maidir le leasacháin. Comhchuibhítear caighdeáin leis an rialachán seo i ndáil le leasacháin a tháirgtear as amhábhair orgánacha nó as amhábhair thánaisteacha san Aontas, agus cruthaítear féidearthachtaí nua dá dtáirgeadh agus dá margaíocht ar mhórscála. Leagtar síos freisin, dá réir, teorainneacha comhchuibhithe i gcomhair raon éilleán atá i leasacháin mhianracha ar nós caidmiaim.
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid ullmhúcháin
Preaseisiúintí
Rialacha nua glactha ag an gComhairle lena ndéanfar oibleagáidí tuairiscithe i reachtaíocht chomhshaoil a shimpliú - 21/05/2019
Rialacha nua maidir le leasacháin - 21/05/2019
Toirmeasc ar tháirgí plaisteacha aon úsáide glactha ag an gComhairle - 21/05/2019
Comhdhéanamh Choiste na Réigiún agus Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa: Oiriúnuithe glactha ag an gComhairle - 21/05/2019
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Dimosthenis Mammonas Press officer
- +32 477 61 20 77
- +32 2 281 2504
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #GAC
Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta
Cruinnithe roimhe seo
Cruinnithe a bheidh ann amach anseo
An t-athbhreithniú deireanach: an 8 Eanáir 2025