Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta

An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta, 18/06/2019, 18 Meitheamh 2019

Na príomhthorthaí

Na príomhphointí ón gComhairle Gnóthaí Ginearálta a bhí ar siúl i Lucsamburg ar an 18 Meitheamh 2019.

Méadú

Ghlac an Chomhairle conclúidí maidir le beartas méadaithe an Aontais agus maidir leis an bpróiseas cobhsaíochta agus comhlachais freisin.

Athdhearbhaítear sna conclúidí go bhfuil an Chomhairle tiomanta don mhéadú, ar beartas lárnach de chuid an Aontais Eorpaigh i gcónaí é, i gcomhréir leis an gcomhthoil athnuaite maidir le méadú a d'fhormheas an Chomhairle Eorpach i mí na Nollag 2006 agus leis na conclúidí ón gComhairle ina dhiaidh sin.

Athdhearbhaíonn an Chomhairle gur infheistíocht straitéiseach i gcónaí é an méadú maidir le síocháin, daonlathas, rathúnas, slándáil agus cobhsaíocht na hEorpa.

Á athdhearbhú di na conclúidí uaithi ón 26 Meitheamh 2018, is díol sásaimh don Chomhairle Comhaontú Prespa (conradh stairiúil nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo), agus tugann sí aird faoi leith ar an moladh ón gCoimisiún tús a chur le hidirbheartaíocht aontachais le Poblacht na Macadóine Thuaidh agus leis an Albáin, bunaithe ar an measúnú dearfach ón gComhairle maidir leis an dul chun cinn a rinneadh agus bunaithe ar chomhlíonadh na gcoinníollacha a shainaithin an Chomhairle. Ó tharla an t-am a bheith gann agus a thábhachtaí atá an scéal, fillfidh an Chomhairle ar an tsaincheist seo féachaint le teacht ar chinneadh soiléir substainteach a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná Deireadh Fómhair 2019.

Is de bharr na dianoibre a rinneadh le linn próiseas casta caibidlíochta an réiteach a comhaontaíodh ar bhonn comhthola ar leibhéal na mBallstát uile. Teachtaireacht dhearfach atá inti lena gcaomhnaítear dearcadh soiléir Eorpach agus amlíne do na comhpháirtithe sin a chuireann a gcuid gealltanas i gcrích. Athdhearbhaítear le toradh na Comhairle inniu ach beartas um méadú a chur chun cinn, bunaithe ar chomhtháthú inmheánach an Aontais, cuirtear leis an gcomhleanúnachas agus lena ábhartha atá gníomhaíocht dhomhanda an Aontais. Is sa chomharsanacht thart orainn a chuirtear tús leis sin. George Ciamba, Aire Toscaire na Rómáine do Ghnóthaí Eorpacha

An chéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile

Bhí díospóireacht bheartais ag an gComhairle faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil (CAI) don tréimhse 2021-2027, roimh Chomhairle Eorpach mhí an Mheithimh. Bhí malartú tuairimí ag na hairí faoin dréachtbhosca caibidlíochta athbhreithnithe a d'ullmhaigh uachtaránacht na Rómáine, i ngeall ar an dianobair a rinneadh le linn an tseimeastair seo.

Is é cuspóir an doiciméid na roghanna a bhaineann leis an gcaibidlíocht a shimpliú agus a shoiléiriú ar mhaithe leis an bplé idir na ceannairí amach anseo a éascú, bunaithe ar an bprionsabal nach ndéanfar aon ní a chomhaontú go dtí go ndéanfar gach uile ní a chomhaontú.

Meastar go leanfar den obair ar an dréachtbhosca caibidlíochta le linn uachtaránacht na Fionlainne ar bhonn na treorach a thabharfaidh na ceannairí ag an gcruinniú a bheidh acu ar an 20-21 Meitheamh.

Dianobair ar CAI agus ar na cláir earnála gaolmhara a bhain leis an téarma agus uachtaránacht na Comhairle faoinár gcúram. Dréachtbhosca athbhreithnithe a ullmhú a bhí mar chuid den obair sin. Dar leis an Uachtaránacht, tabharfaidh sé sin bonn láidir do na comhghleacaithe de chuid na Fionlainne an obair ar an gcomhad a thabhairt chun cinn le go mbeidh comhaontú tráthúil ann. George Ciamba, Aire Toscaire na Rómáine do Ghnóthaí Eorpacha

Comhairle Eorpach mhí an Mheithimh

Chuir an Chomhairle an dlaíóg mhullaigh ar na hullmhúcháin don Chomhairle Eorpach a bheidh ar siúl ar an 20-21 Meitheamh 2019 trí na dréachtchonclúidí a phlé.

Ag an gcruinniú sin, meastar go ndéanfaidh ceannairí an Aontais an méid seo a leanas:

  • cinntí ábhartha a dhéanamh maidir le ceapacháin don chéad timthriall institiúideach eile agus clár oibre straitéiseach an Aontais don tréimhse 2019-2024 a ghlacadh
  • filleadh ar shaincheist an chéad chreata airgeadais ilbhliantúil eile
  • an t-athrú aeráide a phlé roimh an gcruinniú mullaigh ar son na haeráide a bheidh á eagrú ag Ardrúnaí na Náisiún Aontaithe ar an 23 Meán Fómhair 2019
  • na moltaí tír-shonracha a phlé, i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh
  • tuarascáil ar an mbréagaisnéis agus na toghcháin a d'ullmhaigh uachtaránacht na Rómáine i gcomhar leis an gCoimisiún agus leis an Ardionadaí a thabhairt dá n-aire

An Seimeastar Eorpach

Phléigh an Chomhaire an tuarascáil chothrománach maidir le moltaí tír-shonracha agus chinn sí í a chur ar aghaidh go dtí an Chomhairle Eorpach.

Doiciméad éigeandála taistil Aontais

Ghlac an Chomhairle, gan phlé, treoir maidir le doiciméad éigeandála taistil Aontais. Déantar nuashonrú sa treoir ar na rialacha, an leagan amach, agus na gnéithe slándála a ghabhann le doiciméad éigeandála taistil an Aontais. Déanann sé simpliú ar na foirmiúlachtaí do shaoránaigh de chuid an Aontais a bhíonn gan ionadaíocht i dtríú tíortha, ar cailleadh, ar goideadh nó ar scriosadh a bpas nó a ndoiciméad taistil.

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid ullmhúcháin

Doiciméid toraidh

Torthaí na vótála sa chruinniú

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 8 Eanáir 2025