- An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta
An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta, 18/07/2019, 18 Iúil 2019
Na príomhthorthaí
An chéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile
Chuir an uachtaránacht na hairí ar an eolas faoi na pleananna atá aici maidir leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil (CAI) don tréimhse 2021-2027.
Sna conclúidí uaithi i mí an Mheithimh, d’iarr an Chomhairle Eorpach ar Uachtaránacht na Fionlainne obair ar CAI a shaothrú agus an Bosca Caibidlíochta a fhorbairt. Ar an mbonn sin, beidh malartú tuairimí ag ceannairí an Aontais i mí Dheireadh Fómhair, ina ndíreofar ar theacht ar chomhaontú roimh dheireadh na bliana.
Le hullmhú do na malartuithe a bheidh ag na ceannairí, leanfaidh an uachtaránacht de phléití téamacha a bheith aici ar leibhéal teicniúil i mí Iúil agus i mí Mheán Fómhair. Ina theannta sin, d’ullmhaigh an uachtaránacht ceistneoir a fhreagróidh na toscaireachtaí le linn shos an tsamhraidh. Sa bhreis air sin, beidh cruinnithe déthaobhacha ann ar leibhéal na n-airí roimh chruinniú na Comhairle Gnóthaí Ginearálta a bheidh ann i mí Mheán Fómhair.
I gcomhthreo leis sin, déanfaidh an uachtaránacht iarracht an méid is mó dul chun cinn is féidir a dhéanamh sa chaibidlíocht maidir le tograí earnálacha a bhaineann le CAI.
Tá Uachtaránacht na Fionlainne go hiomlán tiomanta don amchlár a leag ceannairí an Aontais amach a chomhlíonadh agus do na céimeanna deiridh den chaibidlíocht faoi CAI a éascú. Táimid réidh le dianobair a dhéanamh agus tabharfaimid linn uimhreacha chuig an gcaibidlíocht. Is é an tasc is tábhachtaí dúinne bonn cothrom a sholáthar dár gceannairí. Tytti Tuppurainen, Aire Gnóthaí Eorpacha na Fionlainne
Clár oibre straitéiseach a chur chun feidhme
Rinne na hairí a dtuairimí a mhalartú faoi chur chun feidhme chlár oibre straitéiseach 2019-2024. Tionóladh an díospóireacht i seisiún poiblí.
Tá an clár oibre straitéiseach, a chomhaontaigh ceannairí an Aontais i mí an Mheithimh, beartaithe le bheith mar threoir d’obair na n-institiúidí sna cúig bliana atá amach romhainn. Díríonn sé ar cheithre cinn de mhórthosaíochtaí:
- saoránaigh agus saoirsí a chosaint
- bonn láidir, bríomhar eacnamaíoch a fhorbairt
- Eoraip níos aeráidneodraí, níos glaise, níos cothroime agus níos sóisialta a thógáil
- leasanna agus luachanna na hEorpa a chur chun cinn os comhair an domhain mhóir
Is í an Fhionlainn an chéad uachtaránacht a dhéanfaidh tosaíochtaí nua Chlár Oibre Straitéiseach 2019-2024 a chomhtháthú in obair na Comhairle. Phléigh na hairí an chaoi is fearr gur féidir é sin a dhéanamh, agus na dúshláin agus na deiseanna ilghnéitheacha atá romhainn á gcur san áireamh. Thug siad aghaidh freisin ar mhodhanna oibre na Comhairle agus ar phrionsabail thrasearnálacha an chláir oibre straitéisigh, amhail an trédhearcacht.
Bhí an plé bunaithe ar pháipéar inar thug an uachtaránacht léiriú sealadach i dtaca le cathain a scrúdófaí na príomh-shaincheisteanna agus le cé acu d’fhoirmíocht na Comhairle ina scrúdófaí iad.
Le linn na díospóireachta, chuir na hairí i bhfáth a thábhachtaí atá sé torthaí inláimhsithe a bhaint amach. Ní mór don Aontas Eorpach freagairt ar ionchais na saoránach. Sa bhreis air sin, measadh gur ríthábhachtach í an chumarsáid shoiléir ghníomhach.
Táthar ag súil leis go bhfillfidh an Chomhairle Gnóthaí Ginearálta ar an gclár oibre straitéiseach a chur chun feidhme ag na cruinnithe a bheidh aici i mí Dheireadh Fómhair agus i mí na Nollag. Pléifidh an Chomhairle Eorpach freisin an obair leantach a bhaineann leis an gclár oibre straitéiseach i mí Dheireadh Fómhair 2019.
An smacht reachta
Chuir an uachtaránacht na hairí ar an eolas faoi na pleananna atá aici chun an urraim don smacht reachta a fheabhsú san Aontas. Díreoidh an uachtaránacht ar ionstraimí an Aontais don smacht reachta a fhorbairt, lena n-áirítear idirphlé na Comhairle faoin smacht reachta, agus na sineirgí atá eatarthu a fheabhsú.
Thíolaic an Coimisiún a theachtaireacht maidir leis an smacht reachta a neartú san Aontas, a glacadh ar an 17 Iúil.
Táthar ag súil go bhfillfidh na hairí ar an ábhar seo ag an gcruinniú a bheidh acu i mí Mheán Fómhairl.
Rinne an Chomhairle a marana ar conas a sheasann an smacht reachta sa Pholainn tar éis an méid a thit amach le déanaí, go háirithe breithiúnas Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh faoi dhlí na Cúirte Uachtaraí sa Pholainn.
Gan iad a phlé, d’fhormheas an Chomhairle na gnáthmhódúlachtaí d’éisteachtaí faoi chuimsiú nósanna imeachta Airteagal 7(1) CAE. Tar éis an taithí a bhfuarthas ó nósanna imeachta Airteagal 7(1) CAE atá fós ar siúl, is é is aidhm don téacs seo tuarthacht agus struchtúr níos daingne a chur leis na héisteachtaí.
Is cuid ríthábhachtach dár mbonn luachanna coiteanna é an smacht reachta. Is rud é a nascann le chéile muid. Dá bhrí sin, leagann an Fhionlainn tábhacht ar leith ar an smacht reachta a neartú san Aontas. Mar uachtaránacht, ba mhaith linn tabhairt faoin díospóireacht seo de mheon dearfach cuiditheach. Is é an aidhm atá léi, bealaí níos fearr agus níos éifeachtúla a aimsiú chun a áirithiú go n-urramófar luachanna coiteanna an Aontais sna Ballstáit. Tytti Tuppurainen, Aire Gnóthaí Eorpacha na Fionlainne
Tosaíochtaí Uachtaránacht na Fionlainne
Rinneadh cur i láthair don Chomhairle ar thosaíochtaí uachtaránacht na Fionlainne as seo go ceann 6 mhí.
Is iad seo a leanas tosaíochtaí foriomlána Uachtaránacht na Fionlainne: luachanna coiteanna agus an smacht reachta a neartú, an tAontas Eorpach a dhéanamh níos iomaíche agus níos cuimsithí ar bhonn sóisialta, seasamh an Aontais Eorpaigh mar cheannaire domhanda ar ghníomhú ar son na haeráide a neartú agus slándáil na saoránach a chosaint go hiomlán.
Sa dara leath de 2019, díreoidh na hairí sa Chomhairle Gnóthaí Ginearálta ar na hábhair seo a leanas, go háirithe:
- an creat airgeadais ilbhliantúil
- an smacht reachta
- méadú
- bagairtí hibrideacha
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid ullmhúcháin
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Dimosthenis Mammonas Press officer
- +32 477 61 20 77
- +32 2 281 2504
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #GAC
Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta
Cruinnithe roimhe seo
Cruinnithe a bheidh ann amach anseo
An t-athbhreithniú deireanach: an 8 Eanáir 2025