- An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta
An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta, 09/04/2019, 9 Aibreán 2019
Na príomhthorthaí
An chéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile
Bhí malartú tuairimí ag na hairí maidir leis an mbeartas comhtháthaithe agus an comhbheartas talmhaíochta (CBT) i gcomhthéacs na díospóireachta faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil don tréimhse 2021-2027 (CAI).
Is cuid de shraith díospóireachtaí téamacha an díospóireacht sin, agus cuirfear san áireamh í agus dréachtbhosca caibidlíochta cuíchóirithe á ullmhú do Chomhairle Eorpach mhí an Mheithimh. Tugann an dréachtbhosca caibidlíochta le chéile na gnéithe sin is dóichí ar gá do cheannairí an Aontais treoir pholaitiúil a thabhairt ina leith chun go bhféadfar comhaontú a éascú sa Chomhairle.
Ina theannta sin, chuir an Uachtaránacht tuarascáil athbhreithnithe ar dhul chun cinn faoi bhráid na Comhairle, tuarascáil ina gcuirtear síos ar staid na himeartha sa chaibidlíocht faoi na tograí earnálacha sin a bhaineann le CAI.
Faoi Uachtaránacht na Rómáine ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh, d'oibríomar go dian dícheallach ar chuid mhaith clár a bhaineann le CAI. Thíolacamar gach a ndearnadh go dtí seo inniu. Tá comhthuiscint ag an gComhairle agus ag Parlaimint na hEorpa anois i dtaobh deich gclár de chuid an Aontais a bheidh ann amach anseo. A bhuí leis an ullmhúchán sin ba cheart go mbeimis in ann cláir éagsúla a ullmhú agus a chur chun feidhme go tráthúil. George Ciamba, Aire Toscaire na Rómáine do Ghnóthaí Eorpacha
Conclúidí ón gComhairle maidir leis an bhforbairt inbhuanaithe
Ghlac an Chomhairle tacar conclúidí maidir le Clár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe atá á chur chun feidhme ag an Aontas. Cuireadh tús le clár oibre 2030 in 2015 agus cuimsítear 17 sprioc forbartha inbhuanaithe ann (SDGanna). Toisc cineál cothrománach Chlár Oibre 2030, ní chuirfear chun feidhme é gan cur chuige trasbheartais ón Aontas agus ó na Ballstáit. Tá na conclúidí ag freagairt ar an bpáipéar machnaimh "I dtreo Eoraip inbhuanaithe faoi 2030" a d'fhoilsigh an Coimisiún níos luaithe i mbliana.
Sna conclúidí uaithi, leagann an Chomhairle béim ar an tábhacht lárnach a bhaineann le forbairt inbhuanaithe don Aontas Eorpach agus cuireann sí i bhfios go láidir gur chun leas an Aontais a bheidh sé príomhról a bheith ag an Aontas i gcur chun feidhme Chlár Oibre 2030 agus na 17 sprioc forbartha inbhuanaithe a ghabhann leis. Agus an tábhacht a bhaineann le clár oibre 2030 don Aontas á aithint aici, iarrann an Chomhairle go gcuirfear dlús le cur chun feidhme Chlár Oibre 2030 ''ar fud an domhain agus go hinmheánach, mar thosaíocht uileghabhálach de chuid an Aontais a rachaidh chun tairbhe a chuid saoránach agus chun a inchreidteacht laistigh den Eoraip agus ar fud an domhain a chaomhnú.''
D'athdhearbhaigh an Chomhairle go bhfuil iarrtha aici ar an gCoimisiún straitéis chuimsitheach a chur le chéile chun Chlár Oibre 2030 a chur chun feidhme.
- Conclúidí ón gComhairle ''I dtreo Aontas Inmharthana Níos Inbhuanaithe faoi 2030''
- Páipéar machnaimh ón gCoimisiún dar teideal<em> Towards a sustainable Europe by 2030 </em>[I dtreo Eoraip inbhuanaithe faoi 2030]
Nósanna imeachta Airteagal 7
Phléigh na hairí staid na himeartha ó thaobh luachanna an Aontais de san Ungáir agus an smacht reachta sa Pholainn faoi Airteagal 7(1) CAE.
Thug an Coimisiún an t-eolas is déanaí faoi na forbairtí is déanaí san Ungáir agus sa Pholainn, faoi seach, agus bhí malartú tuairimí ag na hairí ina dhiaidh.
Míreanna reachtacha A
Ina theannta sin, ghlac an Chomhairle líon nach beag gníomhartha reachtacha lena gcumhdaítear raon réimsí beartais. Is léiriú é sin ar an toradh a bhí ar an dianchaibidlíocht le Parlaimint na hEorpa le cúpla seachtain anuas agus deireadh an reachtais reatha ag teannadh linn.
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid ullmhúcháin
Preaseisiúintí
- Forbairt inbhuanaithe: Conclúidí glactha ag an gComhairle
- 09/04/2019
- Ollstruchtúr airgeadais Eorpach don fhorbairt: Grúpa ardleibhéil saoithe bunaithe ag an gComhairle
- 09/04/2019
- Na gníomhartha reachtacha a ghlac an Chomhairle Gnóthaí Ginearálta
- 09/04/2019
- Teacht ar tháirgí agus ar sheirbhísí a fheabhsú do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine scothaosta: An Gníomh Inrochtaineachta glactha ag an gComhairle
- 09/04/2019
- Taisteal gan víosa tar éis Brexit: Rialachán glactha ag an gComhairle
- 09/04/2019
- Rialacha níos fearr do tháirgeadh, lipéadú agus cosaint na ndeochanna biotáilleacha: rialachán nua glactha ag an gComhairle
- 09/04/2019
- Ag dul i ngleic le cleachtais éagóracha trádála i slabhra an tsoláthair talmhaíochta agus bia
- 09/04/2019
- Dlí maidir le hiomaíocht chóir in earnáil an aeriompair sínithe ag an gComhairle
- 09/04/2019
- Taifid choiriúla a mhalartú: Córas ECRIS athchóirithe comhaontaithe ag an Aontas
- 09/04/2019
- Rialacha níos doichte ag an Aontas chun calaois íocaíochta neamhairgid a chomhrac
- 09/04/2019
- Athchóiriú ar cheanglais chaipitil le hiasachtaí neamhthuillmheacha na mbanc glactha ag an gComhairle
- 09/04/2019
- Updated rules on the European Citizens' Initiative adopted
- 09/04/2019
- Rialacha níos éifeachtúla chun achomhairc a láimhseáil os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais
- 09/04/2019
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Dimosthenis Mammonas Press officer
- +32 477 61 20 77
- +32 2 281 2504
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #GAC
Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta
Cruinnithe roimhe seo
An t-athbhreithniú deireanach: an 8 Eanáir 2025