- An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta
An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta (Comhtháthú), 25/06/2019, 25 Meitheamh 2019
Na príomhthorthaí
An pacáiste reachtach don bheartas comhtháthaithe 2021-2027
Thug an Chomhairle dá haire an staid mar atá sa chaibidlíocht i ndáil leis an bpacáiste maidir leis an mbeartas comhtháthaithe don tréimhse 2021-2027.
Le roinnt míonna anuas, comhaontaíodh sainorduithe don chaibidlíocht le Parlaimint na hEorpa faoi rialachán na bhForálacha Coiteanna agus faoi na rialacháin lena gcuimsítear Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus an Ciste Comhtháthaithe, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus agus faoin rialachán Interreg. Eisiatar sa chomhaontú na forálacha sin atá á bplé mar chuid den chaibidlíocht ar an gcéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile, de bharr an nádúir bhuiséadaigh nó chothrománaigh a bhaineann leo.
Tá cuíchóiriú déanta ag an gComhairle ar bhainistiú na gcistí; tá laghdú déanta aici ar ualach an riaracháin do na Ballstáit ach ag ag an am céanna, méadaítear an tsolúbthacht agus an chomhréireacht do na Ballstáit. Anuas air sin, tugann sainorduithe páirteacha na Comhairle breis intuarthachta agus cinntítear cobhsaíocht na n-infheistíochtaí.
Lasmuigh den obair sin a bhí ar bun ag comhlachtaí ullmhúcháin na Comhairle, chuir Uachtaránacht na Rómáine tús le caibidlíocht idirinstitiúideach le Parlaimint na hEorpa i ndáil leis na forálacha sin a bhaineann le clársceidealú agus pleanáil straitéiseach rialachán na bhForálacha Coiteanna.
Bhí obair na Comhairle an seimeastar seo maidir leis an gcéad phacáiste comhtháthaithe eile gnóthach agus táimse thar a bheith sásta lena bhfuil bainte amach againn. Ó tharla seasamh na Comhairle maidir le rialachán na bhForálacha Coiteanna agus na rialacháin chiste-shonracha go léir comhaontaithe, tá na cuspóirí a bhí ag Uachtaránacht na Rómáine bainte amach aici. Ina theannta sin, cuideoidh na malartuithe a bhí againn leis an bParlaimint leis an gcaibidlíocht amach anseo agus beidh sí ina treoir úsáideach don obair bhreise a dhéanfar faoi uachtaránacht na Fionlainne. Roxana Mînzatu, Aire Cistí Eorpacha na Rómáine
- Tuarascáil ón Uachtaránacht ar an dul chun cinn maidir leis an gcaibidlíocht laistigh den Chomhairle
- Tuarascáil ón Uachtaránacht ar an dul chun cinn maidir le Parlaimint na hEorpa maidir le Rialachán na bhForálacha Coiteanna
Anuas air sin, bhí díospóireacht bheartais ag an gComhairle faoina dúshláin atá le teacht maidir le clársceidealú na gcistí comhtháthaithe don tréimhse 2021-2027.
Treisíonn pacáiste reachtach an bheartais comhtháthaithe an nasc leis an Seimeastar Eorpach. Fágann an pacáiste seo gur dlúthchuid de dhearadh na gclár do 2021-2027 iad moltaí tír-shonracha 2019 agus bunaithe ar mholtaí tír-shonracha 2024, foráiltear d'athbhreithniú meántéarma in 2025.
Phléigh na hairí cé mar is féidir moltaí tír-shonracha a chur san áireamh ar an leibhéal náisiúnta agus i gclársceidealú réigiúnach na gcistí.
Anuas air sin, rinne siad tuairimí a mhalartú maidir le rialachas eacnamaíoch fónta agus coinníollachtaí eile don chiste comhtháthaithe, agus ag cur san áireamh nach mór na cistí a chaitheamh ar an mbealach is éifeachtaí is féidir, ach ag an am ceanna, an tairbhe is mó is féidir a bhaint astu d'fhonn an éagothromaíocht réigiúnach a laghdú.
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid ullmhúcháin
Doiciméid toraidh
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Dimosthenis Mammonas Press officer
- +32 477 61 20 77
- +32 2 281 2504
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #GAC
Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta
Cruinnithe roimhe seo
Cruinnithe a bheidh ann amach anseo
An t-athbhreithniú deireanach: an 8 Eanáir 2025