Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta

Físchomhdháil na n-airí gnóthaí Eorpacha, 26 Bealtaine 2020

Na príomhthorthaí

Bhí malartú tuairimí ag na hairí maidir le cur chuige cuimsitheach i ndáil le paindéim COVID-19, lena n-áirítear maolú ar bhearta imshrianta agus an téarnamh eacnamaíoch.

Iarradh orthu a dtaithí a roinnt agus aiseolas a thabhairt maidir leis an gcaoi le srianta a bhaineann le COVID-19 a bhaint de réir a chéile agus an geilleagar agus gníomhaíochtaí sóisialta a atosú, agus na gnéithe sláinte á gcur san áireamh.

Leag na hairí amach a mbearta agus a n-amlínte náisiúnta, agus béim á leagan acu ar an tábhacht a bhaineann le comhar leanúnach idir na Ballstáit, chomh maith le cur chuige comhréireach neamh-idirdhealaitheach a áirithiú tráth a bheidh na srianta á mbaint agus na teorainneacha á n-oscailt.

Andreja Metelko-Zgombić, Státrúnaí Gnóthaí Eorpacha na Cróite
Ní mór don Aontas Eorpach leanúint de chur chuige cuimsitheach comhordaithe a bheith aige maidir le maolú ar bhearta imshrianta. Ba cheart dúinn cothromaíocht a áirithiú idir gníomhaíochtaí eacnamaíocha agus sóisialta a atosú agus sláinte ár saoránach a chosaint. Ba cheart dúinn na dálaí a chruthú go comhpháirteach ionas go dtiocfaidh deireadh gasta leis an ngéarchéim agus go n-áiritheofar téarnamh eacnamaíoch gach Ballstáit.
Andreja Metelko-Zgombić, Státrúnaí Gnóthaí Eorpacha na Cróite
Andreja Metelko-Zgombić, Státrúnaí Gnóthaí Eorpacha na Cróite

Ina theannta sin, bhí malartú tuairimí ag na hairí maidir le téarnamh cuimsitheach eacnamaíoch agus sóisialta an Aontais. Chuir siad in iúl an méid lena bhfuil siad ag súil maidir le coigeartuithe ar an gcéad chreat airgeadais eile lena gcuirfear san áireamh na réaltachtaí nua agus maidir leis an gciste téarnaimh atá beartaithe.

Luadh roinnt príomhréimsí gníomhaíochta sa phlé, amhail an margadh aonair a neartú agus cothrom na Féinne á áirithiú ag an am céanna, tacú le comhtháthú agus cóineasú, an t-aistriú glas agus an claochlú digiteach, agus uathriail straitéiseach an Aontais a neartú.

Chuir roinnt cainteoirí in iúl go mbeadh an Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa ábhartha chun na dúshláin atá roimh an Aontas sa mheántéarma agus san fhadtéarma, lena n-áirítear na ceachtanna a foghlaimíodh ó ghéarchéim COVID-19, a phlé le saoránaigh an Aontais agus le geallsealbhóirí eile. Chuir an uachtaránacht chun suntais gurb é is aidhm aici teacht ar chomhaontú maidir le seasamh an Aontais i ndáil leis an gcomhdháil chomh luath agus is féidir agus dul i mbun plé ar an mbonn sin leis an gCoimisiún agus le Parlaimint na hEorpa.

Faoi 'aon ghnó eile', chuir an Coimisiún na hairí ar an eolas maidir le staid na himeartha i ndáil le hullmhú na chéad tuarascála bliantúla faoin smacht reachta san Aontas, atá beartaithe do mhí Mheán Fómhair. Chuir sí i dtreis go bhfuil an tuarascáil ina tosaíocht i gcónaí don Choimisiún agus go bhfuil na hullmhúcháin ar an mbóthar ceart in ainneoin na gcúinsí deacra. Is é is aidhm don tuarascáil go n-áiritheofar an oibiachtúlacht agus go gcaithfear go cothrom leis na Ballstáit uile.

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 8 Eanáir 2025