Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta

Físchomhdháil na n-airí gnóthaí Eorpacha, 16 Meitheamh 2020

Na príomhthorthaí

Ullmhúchán d’fhíschomhdháil cheannairí an Aontais

Bhí malartú tuairimí ag na hairí maidir leis an togra modhnaithe ón gCoimisiún don chéad chreat airgeadais ilbhliantúil (CAI) eile agus maidir leis an bplean téarnaimh d‘fhonn ullmhúchán a dhéanamh d’fhíschomhdháil chomhaltaí na Comhairle Eorpaí agus dá ndíospóireacht bheartais an 19 Meitheamh.

Cumhdaíodh réimse leathan saincheisteanna sa phlé, lena n-áirítear ailtireacht bhunúsach an phlean téarnaimh, measúnú riachtanas agus critéir leithdháilte, creat rialachais, na tograí nua ón gCoimisiún maidir leis an gcéad CAI eile agus an méadú atá beartaithe ar an CAI reatha mar réiteach idirlinne.

Leag na hairí amach a seasaimh, agus béim á leagan acu ar na príomhthosaíochtaí atá acu don chaibidlíocht agus ar an gcur chuige foriomlán. Bhí siad ar aon intinn go bhfuil siad réidh chun aghaidh a thabhairt ar iarmhairtí ghéarchéim COVID-19 trí bhuiséad an Aontais a úsáid, agus cuireadh tuairimí éagsúla in iúl maidir leis na tograí mionsonraithe ón gCoimisiún, lena n-áirítear méid agus creat ama na hionstraime téarnaimh, critéir leithdháilte, agus saincheist na n-iasachtaí agus na ndeontas.

Chuir roinnt cainteoirí in iúl gur mheas siad go raibh an CAI agus an plean téarnaimh mar phacáiste. Leag go leor airí béim ar a thábhachtaí atá sé teacht ar chomhaontú a luaithe is féidir.

An caidreamh idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe

Phléigh na hairí an caidreamh idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe freisin. Chuir Michel Barnier ar an eolas iad faoi staid na caibidlíochta agus faoi chur chun feidhme an chomhaontaithe um tharraingt siar.

Thug na hairí an fhaisnéis dá n-aire agus d’athdhearbhaigh siad a dtacaíocht d’aon toil do Phríomh-Idirbheartaí an Aontais agus a muinín as. Leag siad béim ar a thábhachtaí atá sé go gcuirfeadh an dá thaobh an comhaontú um tharraingt siar chun feidhme ina iomláine.

An 16 Meitheamh 2020, tháinig ceannairí an Aontais agus na Ríochta Aontaithe le chéile trí fhíschomhdháil chun an caidreamh eatarthu a phlé. Chomhaontaigh siad dlús a chur leis an gcaibidlíocht faoin gcomhpháirtíocht amach anseo, d’fhonn margadh a thabhairt chun críche agus a dhaingniú faoi dheireadh 2020. Beidh babhtaí caibidlíochta ar siúl i mí Iúil, mí Lúnasa agus i mí Mheán Fómhair.

Clár oibre na dtrí-uachtaránachta

Chuir trí uachtaránacht inteachta na Comhairle (an Ghearmáin, an Phortaingéil agus an tSlóivéin) an clár 18 mí don Chomhairle i láthair, a chumhdóidh an tréimhse idir 1 Iúil 2020 agus 31 Nollaig 2021.

Tá tionchar ag an ngealltanas chun aghaidh a thabhairt ar ghéarchéim COVID-19 agus an téarnamh ar a bhfuil sa chlár. Tá sé bunaithe ar na príomhthosaíochtaí a leagtar amach sa chlár oibre straitéiseach don tréimhse 2019-2024 a chomhaontaigh ceannairí an Aontais anuraidh:

  • saoránaigh agus saoirsí a chosaint
  • bonn láidir, bríomhar eacnamaíoch a fhorbairt
  • Eoraip níos aeráidneodraí, níos glaise, níos cothroime agus níos sóisialta a thógáil
  • leasanna agus luachanna na hEorpa a chur chun cinn os comhair an domhain mhóir

Leagtar béim sa chlár freisin ar a thábhachtaí atá sé teacht ar chomhaontú maidir leis an gcéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile agus maidir leis na cláir earnála lena mbaineann a luaithe is féidir, agus go bhféachfar le comhpháirtíocht chuimsitheach a bhaint amach leis an Ríocht Aontaithe faoi dheireadh 2020.

Meastar go bhformhuineoidh an Chomhairle an clár 18 mí tar éis na físchomhdhála trí nós imeachta i scríbhinn.

D'eisigh Uachtaránacht na Cróite preaseisiúint ag deireadh na físchomhdhála.

Andreja Metelko-Zgombić, Státrúnaí Gnóthaí Eorpacha na Cróite
Ba mhór an onóir í agus bhí sé de phribhléid aici a bheith i gceannas ar an gComhairle Gnóthaí Ginearálta le linn géarchéim nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo don Aontas. Ní mór dúinn bogadh ar aghaidh le chéile mar fhoireann agus freagra láidir a thabhairt chun téarnamh tapa eacnamaíoch agus sóisialta a bhaint amach. Ach níl aon amhras orm ach gur ‘Eoraip láidir i ndomhan ina bhfuil dúshláin’ muid, mar a deir ár mana uachtaránachta, agus go mbeimid in ann an dúshlán sin a shárú, téarnamh agus forbairt bhreise a dhéanamh ar mhaithe leis an Aontas, lena Bhallstáit agus lena saoránaigh.
Andreja Metelko-Zgombić, Státrúnaí Gnóthaí Eorpacha na Cróite
Andreja Metelko-Zgombić, Státrúnaí Gnóthaí Eorpacha na Cróite

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid toraidh

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 8 Eanáir 2025