- An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta
Físchomhdháil na n-airí gnóthaí Eorpacha, 15 Iúil 2020
Na príomhthorthaí
Ullmhúchán don Chomhairle Eorpach
D'ullmhaigh na hairí don chruinniú urghnách den Chomhairle Eorpach a bheidh ar siúl an 17 agus an 18 Iúil. Féachfaidh ceannairí an Aontais le teacht ar chomhaontú maidir le creat airgeadais ilbhliantúil (CAI) an Aontais do 2021-2027 agus maidir leis an bplean téarnaimh chun freagairt ar ghéarchéim COVID-19.
In oirchill an chruinnithe sin, chuir Uachtarán na Comhairle Eorpaí, Charles Michel, i láthair a thogra le haghaidh CAI agus an phacáiste téarnaimh. Tar éis plé déthaobhach le ceannairí an Aontais, shainaithin sé sé 'bhloc tógála' a bhféadfaí teacht ar chomhaontú ina leith, maidir le méid an CAI agus an phlean téarnaimh, lacáistí, an chothromaíocht idir iasachtaí agus deontais, leithdháileadh na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta, agus rialachas agus coinníollacht. Tá €1 074 bhilliún molta ag an Uachtarán Michel chun cuspóirí fadtéarmacha an Aontais a chomhlíonadh agus chun acmhainneacht iomlán phlean téarnaimh an Choimisiúin (€750 billiún) a chaomhnú.
Bhí malartú tuairimí ag na hairí maidir le cothromaíocht fhoriomlán agus indéantacht pholaitiúil an togra, agus iad ag díriú ar a bpríomhthosaíochtaí roimh an gcruinniú den Chomhairle Eorpach a bheidh ar siúl go gairid.
Ní tráth moille é. Tá ár ngeilleagair agus ár sochaithe creachta ag an bpaindéim agus ní mór gníomh cinntitheach a dhéanamh anois. Chuidigh an díospóireacht linn a mheas cá seasann na Ballstáit in oirchill an chruinnithe mullaigh chinniúnaigh a bheidh ann níos déanaí an tseachtain seo. Cé go bhfuil ceisteanna deacra fós gan réiteach, tá súil agam gur chuidigh an díospóireacht linn an bealach a réiteach do chomhaontú a fhágfaidh go dtiocfaidh an tAontas slán as an ngéarchéim agus é níos láidre ná mar a bhí riamh, go dtabharfar aghaidh ar na hiarmhairtí gearrthéarmacha agus ar na tosaíochtaí fadtéarmacha atá againn, amhail an smacht reachta, cóineasú sóisialta agus eacnamaíoch, cosaint na haeráide agus claochlú digiteach. Michael Roth, Aire Stáit Cónaidhme Eorpach na Gearmáine
Togra le haghaidh plean téarnaimh an Aontais – na príomhghnéithe (Grafaic faisnéise)
Tosaíochtaí Uachtaránacht na Gearmáine
Chuir Uachtaránacht na Gearmáine na tosaíochtaí atá aici don sé mhí atá amach romhainn i láthair. Is iad seo a leanas a bheidh mar threoirphrionsabail ag an uachtaránacht:
- an lámh in uachtar a fháil feasta ar phaindéim COVID-19, agus an téarnamh eacnamaíoch;
- Eoraip atá níos láidre agus níos nuálaí;
- Eoraip atá cóir;
- Eoraip atá inbhuanaithe;
- Eoraip atá slán agus ag a bhfuil luachanna coiteanna;
- Eoraip atá láidir sa saol.
I réimse na ngnóthaí ginearálta, díreoidh an uachtaránacht ar an gcaibidlíocht a thabhairt chun críche go pras maidir leis an gcéad CAI eile agus maidir leis an bplean téarnaimh, agus freisin maidir leis na cláir ghaolmhara earnála agus na hionstraimí gaolmhara. Beidh ról gníomhach aici lena áirithiú go mbeidh toradh rathúil ar an gcaibidlíocht idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe agus rachaidh sí i mbun plé le hinstitiúidí eile an Aontais maidir leis an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa ionas go mbeifear in ann í a sheoladh a luaithe is féidir ag féachaint do phaindéim COVID-19.
Oibreoidh an Ghearmáin go dian dícheallach freisin chun cur chuige coiteann, comhoibríoch agus cuiditheach a chur chun cinn chun aghaidh a thabhairt ar an smacht reachta, chun dul i ngleic leis an mbréagaisnéis agus chun na creataí caibidlíochta do Phoblacht na hAlbáine agus do Phoblacht na Macadóine Thuaidh a dhréachtú in oirchill na gcaibidlíochtaí aontachais leis na tíortha sin.
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid toraidh
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Dimosthenis Mammonas Press officer
- +32 477 61 20 77
- +32 2 281 2504
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #GAC
Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta
Cruinnithe roimhe seo
Cruinnithe a bheidh ann amach anseo
An t-athbhreithniú deireanach: an 8 Eanáir 2025