Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta

Físchomhdháil na n-airí atá freagrach as an mbeartas comhtháthaithe, 15 Meitheamh 2020

Na príomhthorthaí

Bhí díospóireacht bheartais ag airí an Aontais faoi ról an bheartais comhtháthaithe sa téarnamh eacnamaíoch tar éis phaindéim COVID-19.

Iarradh ar na hairí tuairimí a mhalartú faoin mbealach is fearr leis an gcothromaíocht cheart a bhaint amach idir

  • bearta láithreacha maidir le freagairt ar ghéarchéimeanna agus cuspóirí comhtháthaithe fadtéarmacha
  • solúbthacht ar an leibhéal náisiúnta agus tacaíocht spriocdhírithe a thabhairt do na réigiúin is lú forbairt agus do na hearnálacha is mó atá buailte
Marko Pavić, Aire na Cróite don fhorbairt réigiúnach agus do chistí an Aontais
Mar gheall ar iarmhairtí eacnamaíocha phaindéim COVID-19, tá an beartas comhtháthaithe á chur chun tosaigh sna bearta téarnaimh mar phríomhbheartas an Aontais ar fearr is féidir neamhionannais atá ag dul i méid a chosc leis. Mar thoradh ar ráig an choróinvíris, d’fhéadfadh sé go dtiocfadh méadú ar éagothromaíochtaí réigiúnacha, agus d’fhéadfadh sin an bonn a bhaint d’fheidhmiú an mhargaidh aonair mura rachfaí i ngleic leis go práinneach. Den chuid is mó, tá an beartas comhtháthaithe ceaptha chun tacaíocht bhreise a chur ar fáil do na Ballstáit agus do na réigiúin uile, go háirithe iad siúd a bhfuil a ngeilleagair buailte go dona ag an bpaindéim agus a bhfuil an cumas is lú acu téarnamh.
Marko Pavić, Aire na Cróite don fhorbairt réigiúnach agus do chistí an Aontais
Marko Pavić, Aire na Cróite don fhorbairt réigiúnach agus do chistí an Aontais

Sa phlé a bhí acu, chuir na hairí i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé tacaíocht níos láidre a thabhairt d’earnáil na sláinte chomh maith leis an ngá atá ann leas iomlán a bhaint as acmhainneacht eacnamaíoch na n-earnálacha is mó atá buailte, amhail an turasóireacht agus an cultúr.

I bhfianaise na géarchéime, rinne na Ballstáit a marana ar an bhféidearthacht cur le solúbthacht na n-aistrithe idir na cistí struchtúracha agus infheistíochta. Bheadh sé mar aidhm leis sin feabhas a chur ar ullmhacht i gcás éigeandálaí agus cruthú post i bhfiontair bheaga agus mheánmhéide a chur chun cinn a thuilleadh.

Chuir roinnt Ballstát in iúl go raibh gá le tuilleadh machnaimh ar an bhféidearthacht go n-áireofaí bearta mearfhreagartha, a d’fhéadfaí a chur i bhfeidhm in imthosca eisceachtúla agus neamhghnácha, faoi chuimsiú an bheartais comhtháthaithe.

Ar deireadh, shocraigh na hairí go n-oibreoidís chun uirlisí beartais comhtháthaithe a neartú chun cabhrú le sochaithe an staid mar atá faoi láthair a bhainistiú agus an bonn a leagan síos do théarnamh tapa inbhuanaithe a ngeilleagar.

Is é Marko Pavić, Aire na Cróite don fhorbairt réigiúnach agus do chistí an Aontais, a rinne cathaoirleacht ar an bhfíschomhdháil. Is í an Coimisinéir Elisa Ferreira a rinne ionadaíocht thar ceann an Choimisiúin Eorpaigh.

D'eisigh Uachtaránacht na Cróite preaseisiúint ag deireadh na físchomhdhála.

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid toraidh

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 8 Eanáir 2025