- Cruinniú mullaigh idirnáisiúnta
Cruinniú mullaigh idir an tAontas agus an tSeapáin, an Bhruiséil, 07/05/2014, 7 Bealtaine 2014
An 7 Bealtaine, bhí Shinzo Abe, Príomh-Aire na Seapáine, Herman Van Rompuy, Uachtarán na Comhairle Eorpaí, agus José Manuel Barroso, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, i láthair ag an 22ú cruinniú mullaigh idir an tAontas Eorpach agus an tSeapáin sa Bhruiséil.
Phléigh ceannairí an Aontais agus na Seapáine a gcomhpháirtíocht eacnamaíoch agus pholaitiúil, an beartas comharsanachta, an ghéarchéim san Úcráin, comhar slándála neartaithe agus príomhdhúshláin dhomhanda.
Tá an tUasal Van Rompuy, an tUasal Barroso, agus Príomh-Aire Abe ag súil le bualadh lena chéile arís i mí an Mheithimh ag an gcruinniú mullaigh G7 a bheidh ar siúl sa Bhruiséil.
An caidreamh eacnamaíoch agus polaitiúil
Dhearbhaigh na ceannairí a dtiomantas Comhaontú Comhpháirtíochta Straitéisí lena gcumasaítear comhar polaitiúil níos doimhne a thabhairt chun críche. Ba cheart go dtabharfaí an chaibidlíocht chun críche a luaithe is féidir maidir leis an gComhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche (CCE).
Ba dhíol sásaimh dóibh an dul chun a rinneadh maidir leis an bplé ar shaorthrádáil d'aineoinn roinnt ceisteanna a bhí gan réiteach a bhaineann le rochtain ar an margadh agus le bearta neamhtharaife. Seolfaidh an Coimisiún tuarascáil ar dhul chun cinn maidir le céad bhliain na caibidlíochta chuig an gComhairle i mí na Bealtaine. Is dóigh go mbeidh na cainteanna sin ar Chomhaontú Saorthrádála idir an dá phríomhimreoir sa gheilleagar domhanda i measc an chaibidlíocht is tábhachtaí sna blianta atá romhainn.
Trádáil idir an tAontas agus an tSeapáin
Tá sciar 27% beagnach den OTI domhanda ag geilleagair an Aontais agus na Seapáine le chéile. Tá an tSeapáin ar an dara páirtnéir trádála is mó atá ag an Aontas san Áise, agus tá an tAontas ar an tríú páirtnéir is mó atá ag an tSeapáin. Cé gur infheisteoir mór san Aontas í an tSeapáin, tá infheistíochtaí díreacha coigríche an Aontais fós íseal sa tSeapáin. Chinn an tAontas agus an tSeapáin caibidlíocht a thosú i gcomhair comhaontú saorthrádála domhain agus cuimsitheach.
Tar éis dó teacht i bhfeidhm, d'fhéadfadh an comhaontú trádála borradh a chur faoi gheilleagar na hEorpa dar luach 0.6% go 0.8% dá OTI; d'fhéadfadh onnmhairithe chuig an tSeapáin méadú faoi 32.7%. De thoradh an chomhaontaithe, d'fhéadfaí 420,000 post a chruthú san Aontas amháin.
An beartas comharsanachta
Pléadh freisin ceisteanna réigiúnacha, amhail an méid a tharla ar na mallaibh i gcomharsanachtaí faoi seach an Aontais agus na Seapáine.
Bhí an staid san Úcráin, staid atá ag dul in olcas, go hard ar an gclár oibre. D'athdhearbhaigh an tAontas agus an tSeapáin a dtacaíocht do mhuintir na hÚcráine agus dá gceart a dtodhchaí féin a roghnú. Tá an tAontas agus an tSeapáin sa tóir ar na spriocanna céanna: an rialtas i gCív a chobhsú agus a áirithiú go dtionólfar toghchán uachtaránachta atá saor agus cothrom san Úcráin an 25 Bealtaine.
Cúis imní is ea an staid in Oirthear na hÁise freisin. Ní mór loingseoireacht agus traseitilt na mórmhara atá saor agus slán a áirithiú.
San Úcráin agus in Oirthear na hÁise, caithfear réitigh shíochánta a fháil trí rannpháirtíocht taidhleoireachta i gcomhréir le prionsabail an dlí idirnáisiúnta.
Comhpháirtíocht slándála neartaithe
Is é a dúirt Uachtarán Van Rompuy: "Fearann AE fáilte roimh ullmhacht na Seapáine comhpháirtíocht slándála mhéadaithe a thógáil leis an Aontas mar chuid de bheartas iomlán na Seapáine cur níos gníomhaí le síocháin agus slándáil an domhain."
Tá an caidreamh idir an tAontas agus an tSeapáin ag bogadh i dtreo comhar bainistithe géarchéime praiticiúil, lena n-áirítear i roinnt tíortha na hAfraice. D'aontaigh na comhpháirtithe comhchleachtadh frithphíoráideachta a dhéanamh lena n-áirítear sócmhainní cabhlaigh na Seapáine agus EUNAVFOR Atalanta san Aigéan Indiach Iartharach.
Dúshláin dhomhanda
Pléadh an chaibidlíocht idirnáisiúnta maidir leis an athrú aeráide, ina dteastaíonn ranníocaíochtaí uaillmhianacha agus tráthúla, agus pléadh freisin an staid eacnamaíoch dhomhanda agus comhar G20.
Leag an tUasal Barroso béim ar an bpráinn a bhaineann le beart a dhéanamh maidir leis an athrú aeráide, agus d'aithin an tAontas agus an tSeapáin go gcaithfidh gach páirtí ciorruithe móra a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa.
Oibreoidh an tAontas agus an tSeapáin as lámh a chéile freisin chun cibearspás oscailte, slán agus daingean a chruthú, agus tá Cibearphlé AE-na Seapáine seolta acu anois.
Comhaid na gcruinnithe
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Symeon Piperidis Press officer
- +32 478 83 12 21
- +32 2 281 84 72
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
Cruinnithe eile: Cruinniú mullaigh idirnáisiúnta
Cruinnithe roimhe seo
An t-athbhreithniú deireanach: an 9 Eanáir 2025