Skip to content
  • Cruinniú mullaigh idirnáisiúnta

Cruinniú Mullaigh idir an tAontas agus an India, an Bhruiséil , 30/03/2016, 30 Márta 2016

Ar an 30 Márta 2016, thionóil an tAontas an 13ú cruinniú mullaigh idir an tAontas Eorpach agus an India sa Bhruiséil. Bhí an plé dírithe ar chúrsaí trádála agus infheistíochta, fuinnimh agus aeráide, uisce, imirce agus ar an gcomhbheartas eachtrach agus slándála.

Ghlac na ceannairí a bhí i láthair ag an gcruinniú mullaigh ráiteas comhpháirteach, ina n-athdhearbhaítear go bhfuil siad meáite ar an gcomhpháirtíocht straitéiseach idir an tAontas Eorpach agus an India a neartú.

Rinne Donald Tusk, Uachtarán na Comhairle Eorpaí, agus Jean-Claude Juncker, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh ionadaíocht thar ceann an Aontais Eorpaigh. Rinne an Príomh-Aire Shri Narendra Modi ionadaíocht thar ceann Phoblacht na hIndia.

Comhpháirtíocht idir an tAontas agus an India

Thacaigh na ceannairí le cláir oibre gníomhaíochta 2020 idir an tAontas Eorpach agus an India ina leagfar amach treochlár nithiúil don chéad chúig bliana atá le teacht.

Ba dhíol sásaimh dóibh freisin go ndeachthas i mbun plé arís faoin mbealach ina bhféadfaí dul ar aghaidh leis an gcaibidlíocht faoin gComhaontú Trádála agus Infheistíochta idir an tAontas Eorpach agus an India.

Aithníonn an dá thaobh an tábhacht a bhaineann le feabhas a chur ar an gcomhar maidir leis an bhforbairt inbhuanaithe agus le saincheisteanna comhshaoil. Sa chomhthéacs sin, ghlac siad dearbhú comhpháirteach maidir leis an gcomhpháirtíocht uisce idir an India agus an tAontas Eorpach. Ghlac siad dearbhú comhpháirteach maidir le comhpháirtíocht fuinnimh ghlain agus aeráidefreisin.

Leag an tAontas agus an India béim ar a thábhachtaí agus atá teagmhálacha idir a gcuid saoránach. Ba dhíol sásaimh dóibh gur bunadh clár oibre coiteann maidir leis an imirce agus an tsoghluaisteacht.

Bhí deis ag an mBanc Eorpach Infheistíochta agus ag an India iasacht fadtéarma €450 milliún a chomhaontú ar bhonn foirmiúil ag an gcruinniú mullaigh freisin chun go maoineofaí an chéad líne meitreo in Lucknow.

Beartas eachtrach, cearta an duine agus an tslándáil

Chuir an dá thaobh in iúl go raibh siad tiomanta don beartas eachtrach agus slándála. Leag siad béim freisin ar an tábhacht a bhaineann le comhar maidir le cearta an duine.

Ghlac na ceannairí dearbhú comhpháirteach maidir an bhfrithsceimhlitheoireacht, agus béim á leagan acu ar an ngá atá ann freagairt dhomhanda a thabhairt ar an mbagairt seo.

Saincheisteanna domhanda

D'athdhearbhaigh na ceannairí an ról lárnach atá ag an G20 chun go mbeadh fás láidir, inbhuanaithe agus cothrom ann a rachadh chun tairbhe na saoránach agus d'aithin siad an tábhacht a bhaineann le cur chun feidhme an chláir oibre chuimsithigh a glacadh ag ruinniú ullaigh an G-20 i mí na Samhna 2015.

Ba dhíol sásaimh dóibh freisin gur glacadh clár oibre 2030 don fhorbairt inbhuanaithe agus an comhaontú stairiúil maidir leis an athrú aeráide ar thángthas air i bPáras.

Féach freisin

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: Cruinniú mullaigh idirnáisiúnta

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 9 Eanáir 2025