- Cruinniú mullaigh idirnáisiúnta
Cruinniú de chuid Ceannairí Stáit nó Rialtais an Aontais Eorpaigh leis an Tuirc, 29/11/2015, 29 Samhain 2015
An 29 Samhain 2015, bhí cruinniú ag Ceannairí Stáit nó Rialtais an Aontais Eorpaigh leis an Tuirc. Céim thábhachtach a bhí i gceist leis an gcruinniú seo chun an caidreamh idir an tAontas Eorpach agus an Tuirc a fhorbairt agus chun cuidiú le géarchéim na himirce a bhainistiú.
Bhí Uachtarán na Comhairle Eorpaí, Donald Tusk, ina chathaoirleach ar an gcruinniú, rinne an Príomh-Aire Ahmet Davutoğlu ionadaíocht don Tuirc.
Chomhaontaigh an tAontas Eoprach agus an Tuirc dlús a chur arís faoi phróiseas aontachais na Tuirce leis an Aontas Eorpach. Déanfar an t-idirphlé ardleibhéal idir an dá pháirtí a neartú trí chruinnithe a bheidh níos minice agus níos structúraithe agus trí chruinnithe mullaigh a eagrú faoi dhó sa bhliain.
Le cruinnithe mullaigh rialta, cuirfear ardán ar fáil chun measúnú a dhéanamh ar fhorbairt an chaidrimh idir an Tuirc agus an tAontas agus chun cúrsaí idirnáisiúnta a phlé.
"We do not expect anyone to guard our borders for us. (...) But we expect a major step towards changing the rules of the game when it comes to stemming the migration flow that is coming to the EU via Turkey." Donald Tusk, President of the European Council
Glacadh Plean Comhpháirteach Gníomhaíochta ag an gcruinniú d'fhonn dul i ngleic le géarchéim na dteifeach, arb iad na cúinsí sa tSiria is cúis léi. Méadóidh an tAontas Eorpach agus a chuid Ballstát a gcomhair leis an Tuirc agus cuirfidh siad lena rannpháirtíocht pholaitiúil agus airgeadais ar bhealach substaintiúil.
Gabhann an tAontas air féin €3 billiún d'acmhainní breise a chur ar fáil mar thús chun cuidiú leis an Tuirc déileáil leis an líon ard teifeach ón tSiria atá sa tír faoi láthair.
Le cur chun feidhme an phlean gníomhaíochta, cuirfidh an dá thaobh dlús lena gcomhar gníomhach maidir le himircigh nach bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu:
- cosc a chur ar thaisteal go dtí an Tuirc agus an tAontas
- a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm na forálacha déthaobhacha atá ann cheana i ndáil le hathligean isteach
- iad a sheoladh ar ais chuig a dtíortha tionscnaimh go mear
Ba dhíol sásaimh do na ceannairí go bhfuil sé i gceist ag an Tuirc feabhas a chur ar staid na Siriach sin atá á gcosaint go sealadach agus go bhfuil sí fós meáite troid i gcoinne líonraí coiriúla smuigléireachta.
Chomhaontaigh an tAontas agus an Tuirc freisin go gcuirfidís an comhaontú faoi athligean isteach i bhfeidhm ó mhí an Mheithimh 2016 ar aghaidh. Tá sé i gceist acu próiseas an léirscaoilte víosaí a thabhairt chun críche agus fáil réidh leis na ceanglais víosaí ar shaoránaigh na Tuirce i gcrios Schengen faoi mhí Dheireadh Fómhair 2016.
Próiseas aontachais
D'fhógair na ceannairí go mbeadh Comhdháil Idir-Rialtasach ann an 14 Nollaig 2015 d'fhonn caibidil 17 den phróiseas aontachais a oscailt, maidir le comhtháthú breise eacnamaíochta leis an Tuirc. Cuirfidh an Coimisiún Eorpach tús leis an obair ullmhúcháin do chaibidlí breise gan dochar do sheasamh na mBallstát.
As 35 caibidil idirbheartaíochta leis an Tuirc, osclaíodh 14 caibidil agus dúnadh ceann amháin díobh siúd ar bhonn sealadach.
Stádas na hidirbheartaíochta
Cúlra
Cinneadh cruinniú a thionól idir na 28 ceannaire de chuid an Aontais agus an Tuirc tar éis sraith de chainteanna ar ardleibhéal idir an Coimisiún Eorpach agus an Tuirc agus tar éis roinnt cruinnithe déthaobhacha a bhí ag an Uachtarán Tusk leis an Uachtarán Erdoğan agus leis an bPríomh-Aire Davutoğlu.
Ag na cruinnithe a bhí acu i mí Dheireadh Fómhair agus i mí na Samhna, phléigh ceannairí an Aontais a thábhachtaí a bhí sé dlús a chur lena gcomhar leis an Tuirc maidir le géarchéim na himirce.
Géarchéim na himirce - amlíne
Leagtar amach san amlíne, na príomhbhearta a ghlac an tAontas, i gcomhar leis na Ballstáit, le cúpla mí anuas, chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá ann mar thoradh ar an imirce.
Féach ar an leathanach ábhartha beartas ar ár suíomh gréasáin freisin:
Preaseisiúintí
- Preasráiteas ón Uachtarán Donald Tusk tar éis chruinniú na gCeannairí Stáit nó Rialtais leis an Tuirc
- 29/11/2015
- Cruinniú de chuid Ceannairí Stáit nó Rialtais an Aontais Eorpaigh leis an Tuirc, 29/11/2015 - Ráiteas ón Aontas Eorpach agus ón Tuirc
- 29/11/2015
- Caint tosaigh an Uachtaráin Donald Tusk ag cruinniú Cheannairí Stáit nó Rialtais an Aontais Eorpaigh leis an Tuirc, an 29 Samhain 2015
- 29/11/2015
- Ráiteas tairsí ón Uachtarán Donald Tusk roimh an gcruinniú de Cheannairí Stáit nó Rialtais an Aontais Eorpaigh leis an Tuirc, an 29 Samhain 2015
- 29/11/2015
- Cuireadh ón Uachtarán Donald Tusk chuig Ceannairí Stáit nó Rialtais an Aontais Eorpaigh chuig cruinniú leis an Tuirc
- 24/11/2015
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Symeon Piperidis Press officer
- +32 478 83 12 21
- +32 2 281 84 72
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
Cruinnithe eile: Cruinniú mullaigh idirnáisiúnta
Cruinnithe roimhe seo
An t-athbhreithniú deireanach: an 14 Eanáir 2025