Skip to content
  • Cruinniú mullaigh idirnáisiúnta

Cruinniú idir Cinn Stáit nó Rialtais an Aontais Eorpaigh leis an Tuirc, 07/03/2016, 7 Márta 2016

Ar an 7 Márta 2016, bhí cruinniú ag Cinn Stáit nó Rialtais an Aontais Eorpaigh leis an Tuirc chun comhar a neartú maidir le géarchéim na himirce agus na ndídeanaithe. Bhí Uachtarán na Comhairle Eorpaí, Donald Tusk, ina chathaoirleach ar an gcruinniú, rinne an Príomh-Aire Ahmet Davutoğlu ionadaíocht thar ceann na Tuirce.

I ndiaidh an chruinnithe bhí cruinniú neamhfhoirmiúil ag comhaltaí na Comhairle Eorpaí.

Phléigh ceannairí an Aontais cur chun feidhme an Phlean Gníomhaíochta idir an tAontas agus an Tuirc. Fiú má tá dul chun cinn maith le feiceáil maidir le roinnt gníomhaíochtaí sa Phlean Gníomhaíochta, bíonn i bhfad an iomarca daoine fós ag teacht isteach go neamhdhleathach ón Tuirc go dtí an Ghréig. Tháinig ceannairí an Aontais ar chomhaontú leis an bPríomh-Aire Davutoğlu an comhar a neartú chun torthaí nithiúla a bhaint amach ar an láthair.

"All the above mentioned decisions send a very clear message that the days of illegal migration to Europe are over." Donald Tusk, President of the European Council

Dhearbhaigh siad go bhfuil an Tuirc tiomanta do ghlacadh le filleadh mear na n-imirceach uile a bheidh agtrasnú ón Tuirc go dtí an Ghréig, ar imircigh iad nach bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu. Tá siad ag súil freisin le bunú ghníomhaíocht Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh sa Mhuir Aeigéach d’fhonn turais farraige ag imircigh a chosc.

Pléadh roinnt tograí forchéimnitheacha nua chun aghaidh a thabhairt ar ghéarchéim na himirce le linn an chruinnithe. Cuireadh de chúram ar an Uachtarán Tusk na mionsonraí a oibriú amach roimh an chéad Chomhairle Eorpach eile. 

Áirítear sna tograí an méid a leanas:

  • cur ar ais na n-imirceach mídhleathach uile a thrasnaíonn ón Tuirc isteach in Oileáin na Gréige
  • dlús a chur le cur chun feidhme an treochláir maidir le léirscaoileadh víosaí
  • cinneadh chun eisíoc na 3 billiún euro a leithdháileadh ar dtús a bhrostú agus cinneadh a dhéanamh maidir le maoiniú breise don tSaoráid do Dhídeanaithe na Siria
  • an bóthar a réiteach don chinneadh lena ndéanfar caibidlí nua a oscailt sa chaibidlíocht i leith aontachais
  • breithniú a dhéanamh an bhféadfaí limistéir shábháilte dhaonnúla sa tSiria a bhunú
  • In aghaidh gach Siriach a athghlacann an Tuirc ó oileáin na Gréige, athlonnófar Siriach eile ón Tuirc go dtí an tAontas Eorpach

"Leis an sásra maidir le filleadh a luaitear thuas (...) ba cheart go gcuirfí deireadh faoi dheoidh le samhail ghnó na smuigléirí daoine,” a dúirt an tUachtarán Tusk.

Ina theannta sin, phléigh ceannairí an Aontais Eorpaigh leis an bPríomh-Aire Davutoğlu staid na meán sa Tuirc agus tábhacht na saoirse tuairimíochta agus cainte.

Cruinniú neamhfhoirmiúil de chuid na Comhairle Eorpaí

Tar éis an lóin leis an bPríomh-Aire Davutoğlu, d'athchrom 28 gCeannaire an Aontais ar an gcruinniú agus tháinig siad ar chomhaontú maidir leis an méid seo a leanas:

  • filleadh ar Chód Teorainneacha Schengen a fheidhmiú arís ina iomláine chun deireadh a chur le sreabhadh mírialta na n-imirceach ar fud bhealach na mBalcán Thiar
  • an cúnamh daonnúil do na dídeanaithe sa Ghréig a neartú
  • tacaíocht a thabhairt don Ghréig maidir leis na teorainneacha seachtracha atá aici a bhainistiú

Cúlra

Cruinniú leantach ar an gCruinniú Mullaigh leis an Tuirc i mí na Samhna 2015 leis an Tuirc, nuair a rinneadh an méid seo a leanas:

  • glacadh ráiteas comhpháirteach maidir le dlús a chur athuair le caidreamh idir an tAontas agus an Tuirc
  • seoladh Plean Gníomhaíochta Comhpháirteach uaillmhianach chun dul i ngleic legéarchéim na himirce 

D’ainneoin an dul chun cinn a bhí déanta i gcur chun feidhme an phlean gníomhaíochta idir an tAontas agus an Tuirc, tá an líon daoine a thagann isteach go neamhdhleathach ón Tuirc fós ró-ard agus is gá an líon sin a laghdú go suntasach. Ag an gComhairle Eorpach ar an 18-19 Feabhra 2016, chomhaontaigh ceannairí cruinniú speisialta a eagrú leis an Tuirc chun comhar a threisiú maidir le géarchéim na himirce.

Mar ullmhúchán don chruinniú sin, thaistil an tUachtarán Tusk go dtí príomhthíortha bhealach na mBalcán Thiar idir an 1-4 Márta agus phléigh sé an dul chun cinn le Jens Stoltenberg maidir le comhar ECAT-Frontex sa Mhuir Aeigéach agus é ag caint leis ar an nguthán. Bhuail sé leis an bPríomh-Aire Ahmet Davutoğlu agus leis an Uachtarán Recep Tayyip Erdoğan sa Tuirc freisin.

Géarchéim na himirce - amlíne

Leagtar amach san amlíne, na príomhbhearta a ghlac an tAontas, i gcomhar leis na Ballstáit, le cúpla mí anuas, chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá ann mar thoradh ar an imirce.

Féach ar an leathanach ábhartha beartas ar ár suíomh gréasáin freisin:

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid toraidh

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: Cruinniú mullaigh idirnáisiúnta

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 14 Eanáir 2025