- Cruinniú mullaigh idirnáisiúnta
Cruinniú Mullaigh idir an tAontas Eorpach agus an tSeapáin, 06/07/2017, 6 Iúil 2017
Bhí an cruinniú mullaigh idir an tAontas Eorpach agus an tSeapáin ar siúl ar an 6 Iúil sa Bhruiséil. Ag an gcruinniú mullaigh, d’fhógair na ceannairí gur tháinig siad ar chomhaontú polaitiúil maidir le margadh saorthrádála uaillmhianach idir tAontas agus an tSeapáin agus maidir le comhar polaitiúil níos dlúithe eatarthu a bheidh bunaithe ar luachanna comhroinnte, cearta an duine, an daonlathas agus an smacht reachta.
Rinne Donald Tusk, Uachtarán na Comhairle Eorpaí, agus Jean-Claude Juncker, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh ionadaíocht thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an gcruinniú mullaigh.
Ghlac na ceannairí ráiteas i ndiaidh an chruinnithe mullaigh agus ráiteas maidir leis an gCóiré Thuaidh chomh maith.
- A ndúradh tar éis an 24ú Cruinniú Mullaigh idir an tAontas agus an tSeapáin, an Bhruiséil, 6 Iúil 2017
- Ráiteas a rinne an Príomh-Aire Abe, an tUachtarán Tusk agus an tUachtarán Juncker maidir leis an gCóiré Thuaidh, 6 Iúil 2017
- A raibh le rá ag an Uachtarán Donald Tusk ag an bpreasócáid ag cruinniú mullaigh an Aontais Eorpaigh agus na Seapáine, 6 Iúil 2017, sa Bhruiséil
Comhaontú um chomhpháirtíocht eacnamaíoch
Chomhaontaigh ceannairí an Aontais agus na Seapáine i bprionsabal go ndéanfaí comhaontú um chomhpháirtíocht eacnamaíoch. Leis an gcomhaontú sin cuirfear dlús leis an gcomhpháirtíocht trádála agus eacnamaíoch idir an tAontas agus an tSeapáin trí aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna a bhaineann leis an méid seo a leanas:
- rochtain ar na margaí le haghaidh earraí (ar a n-áirítear gluaisteáin agus táirgí déiríochta), seirbhísí agus infheistíocht
- soláthar,, in earnáil an iarnróid agus in earnálacha eile
- bearta neamhtharaife
- cosaint tásc geografach
- cearta maoine intleachtúla.
Beidh an comhaontú um chomhpháirtíocht eacnamaíoch idir an tAontas agus an tSeapáin ina bhonn don tsaorthrádáil agus cóirthrádáil a chur chun cinn idir dhá gheilleagar atá ar na cinn is tábhachtaí ar domhan, agus diúltaítear leis do gach cineál caomhnaitheachta. Neartaíonn sé freisin tiomantas an Aontais agus na Seapáine comhoibriú ar bhonn níos dlúithe fós le go mbunófar caighdeáin nua idirnáisiúnta amach anseo.
“Cé go bhfuil daoine ag rá go bhfuil ré an leithliseachais agus an dínasctha ag druidim linn arís, táimid ag taispeáint nach amhlaidh an scéal. Nach gá don domhan dul céad bliain siar san am in aon chor. Agus ní gá. Ní gá gur mar sin a bheadh. Mar atá á chruthú againn in éineacht leis an tSeapáin.”
An tUachtarán Donald Tusk ag preasagallamh Chruinniú Mullaigh AE-an tSeapáin sa Bhruiséil
Cuirfidh na foirne caibidlíochta faoi seach clabhsúr ar an gcomhaontú ionas go mbeifear in ann na nósanna imeachta inmheánacha a thosú go luath, san Aontas Eorpach agus sa tSeapáin araon.
Comhaontú comhpháirtíochta straitéisí
Tháinig an tAontas agus an tSeapáin ar chomhaontú i bprionsabal freisin maidir leis an gcomhaontú comhpháirtíochta straitéisí. Leis an méid sin cuirfear creat ar fáil le haghaidh comhar níos dlúithe agus níos straitéisí fós idir an tAontas agus an tSeapáin.
Léirítear sa chomhaontú comhpháirtíochta straitéisí na luachanna comhroinnte agus na comhphrionsabail a bhfuil an chomhpháirtíocht idir an tAontas agus an tSeapáin bunaithe orthu, ar a n-áirítear cearta an duine, an daonlathas agus an smacht reachta.
“Ní hamháin go bhfuil meas againn ar bhunús sin na luachanna comhroinnte, táimid tiomanta, i gcomhréir leis an gcomhaontú comhpháirtíochta straitéisí, lena gcur chun cinn agus is mar thoradh ar an mbunús sin a rabhamar in ann an chaibidlíocht seo a thabhairt i gcrích. Agus níor chaill éinne, is é sin an rud is tábhachtaí.”
An tUachtarán Donald Tusk ag preasagallamh Chruinniú Mullaigh AE-an tSeapáin sa Bhruiséil
An Chóiré Thuaidh
Ag an gcruinniú mullaigh, d’iarr na ceannairí go nglacfaí gan mhoillRún nua ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe maidir le Daon-Phoblacht na Cóiré (DPRK), i ngeall ar dhiúracán balaistíoch a d’fhéadfadh raon idir-ilchríochach a bheith aige a bheith seolta le déanaí.
D’áitigh siad freisin ar DPRK fáil réidh leis na hairm núicléacha uile atá acu mar aon le hairm eile ollscriosta agus cláir diúracán balaistíoch atá acu agus dul i mbun idirphlé inchreidte leis an bpobal idirnáisiúnta.
- Ráiteas a rinne an Príomh-Aire Abe, an tUachtarán Tusk agus an tUachtarán Juncker maidir leis an gCóiré Thuaidh, 6 Iúil 2017
- Bearta sriantacha an Aontais i gcoinne na Cóiré Thuaidh (faisnéis chúlra)
Féach freisin
Preaseisiúintí
A ndúirt an tUachtarán Donald Tusk ag preasagallamh an chruinnithe mullaigh idir an tAontas Eorpach agus an tSeapáin sa Bhruiséil - 06/07/2017
Statement by Prime Minister Abe, President Tusk and President Juncker on North Korea, 6 July 2017 - 06/07/2017
Statement following the 24th EU-Japan Summit, Brussels, 6 July 2017 - 06/07/2017
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Symeon Piperidis Press officer
- +32 478 83 12 21
- +32 2 281 84 72
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
Cruinnithe eile: Cruinniú mullaigh idirnáisiúnta
Cruinnithe roimhe seo
An t-athbhreithniú deireanach: an 9 Eanáir 2025