Skip to content
  • Cruinniú mullaigh idirnáisiúnta

Cruinniú Mullaigh idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin, 09/07/2018, 9 Iúil 2018

Na príomhthorthaí

D'athdhearbhaigh an tAontas Eorpach agus an Úcráin an chomhpháirtíocht láidir atá acu bunaithe ar a gcomhaontú comhlachais, agus phléigh siad cad é mar is féidir an chomhpháirtíocht sin a chur chun cinn.

Gheall ceannairí an Aontais Eorpaigh agus ceannairí na hÚcráine comhlachas polaitiúil agus comhtháthú eacnamaíoch na hÚcráine leis an Aontas Eorpach a neartú.

“Tá bonn daingean faoinár gcomhpháirtíocht. Bliain ó shin, tháinig ár gcomhaontú comhlachais agus ár limistéar domhain cuimsitheach saorthrádála i bhfeidhm go hiomlán. Is soiléir agus is dearfach an toradh air sin. Tá fás athnuaite dearfach ag cur leis an téarnamh eacnamaíoch san Úcráin." An tUachtarán Tusk ag an bpreasócáid tar éis an chruinnithe mullaigh idir an tAontas agus an Úcráin, 9 Iúil 2018

D'athdhearbhaigh an tAontas go dtacaíonn sé go láidir le neamhspleáchas, le ceannasacht agus le sláine críche na hÚcráine. Chuir an tAontas in iúl, freisin, go dtacaíonn sé le clár oibre athchóirithe uaillmhianach na hÚcráine.

Rinne an tUachtarán Donald Tusk agus an tUachtarán Jean-Claude Juncker ionadaíocht thar ceann an Aontais ag an gcruinniú mullaigh. Is é an tUachtarán Petro Poroshenko a rinne ionadaíocht thar ceann na hÚcráine. Ghlac siad an ráiteas comhpháirteach seo a leanas:

An comhaontú comhlachais a chur chun feidhme

Phléigh ceannairí an Aontais agus ceannairí na hÚcráine na chéad chéimeanna eile i gcur chun feidhme an chomhaontaithe comhlachais mar aon le limistéar saorthrádála an chomhaontaithe sin, atá i bhfeidhm ó bhí 2016 ann.

Ba dhíol sásaimh dóibh an tionchar dearfach a bhí ag an gcomhaontú ar an trádáil idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin agus ar gheilleagar na tíre, freisin, mar atá:

  • fás 24% in 2017 i dtrádáil na n-earraí idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin
  • fás 2.5% in 2017 i ngeilleagar na hÚcráine (agus táthar ag súil freisin le fás 3.5% in 2018)

Ina theannta sin, ba dhíol sásaimh do na ceannairí gur tugadh isteach córas taistil neamhvíosa do shaoránaigh na hÚcráine:

"Leathbhliain i ndiaidh do léirscaoileadh víosaí a theacht i bhfeidhm, tá leas bainte ag corradh le leathmhilliún Úcránach as an deis nua seo." An tUachtarán Tusk ag an bpreasócáid tar éis an chruinnithe mullaigh idir an tAontas agus an Úcráin, 9 Iúil 2018

Próiseas athchóirithe na hÚcráine

Bhreathnaigh ceannairí an Aontais agus ceannairí na hÚcráine ar an bpróiseas athchóirithe forleathan a thug an Úcráin i gcrích. Ba dhíol sásaimh dóibh seoladh na n-athchóirithe nua tábhachtacha ó bhí an cruinniú mullaigh deireanach ann:

"Le bliain anuas thug an rialtas faoi roinnt athchóirithe, amhail athchóirithe pinsin agus cúraim sláinte, a bheidh crua go gearrthéarmach ach lena neartófar an Úcráin go fadtéarmach." An tUachtarán Tusk ag an bpreasócáid tar éis an chruinnithe mullaigh idir an tAontas agus an Úcráin, 9 Iúil 2018

Dúirt na ceannairí go raibh sé tábhachtach leanúint de na hathchóirithe sin agus dlús a chur leo, go háirithe chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • an éillitheacht a chomhrac
  • cúinsí gnó a fheabhsú agus cearta na n-oibreoirí eacnamaíocha a chosaint
  • earnáil an fhuinnimh a nuachóiriú

D'athdhearbhaigh an tAontas a chuid tacaíochta le clár oibre athchóirithe na hÚcráine agus thoiligh sé dlús a chur le hiarrachtaí i roinnt réimsí éagsúla, na cinn seo a leanas san áireamh:

  • forbairt scileanna
  • an éifeachtúlacht fuinnimh
  • an chibearshlándáil
  • an bhréagaisnéis

I mí na Bealtaine 2018, tháinig an Chomhairle ar chomhaontú faoi phacáiste nua dar luach EUR 1 bhilliún de chúnamh macra-airgeadais don Úcráin. Beidh na heisíocaíochtaí faoi réir réimse coinníollacha beartais óna dteastóidh comhaontú idir údaráis an Aontais agus údaráis na hÚcráine.

Ar imeall an chruinnithe mullaigh, shínigh an Úcráin agus an Banc Eorpach Infheistíochta (BEI) comhaontú iasachta dar luach EUR 75 mhilliún chun maoiniú a dhéanamh ar thionscadail maidir leis an tsábháilteacht ar bhóithre sa tír.

Nasc-ghabháil neamhdhleathach na Crimé agus Sevastopol

D'athdhearbhaigh an tAontas go dtacaíonn sé le neamhspleáchas, le ceannasacht agus le sláine críche na hÚcráine.

Chuir an tAontas i dtreis an athuair go gcáineann sé go géar an nasc-ghabháil neamhdhleathach a rinne an Rúis ar an gCrimé agus ar Sevastopol:

"Is rún daingean linn go fóill gan nasc-ghabháil neamhdhleathach na Crimé agus Sevastopol a aithint, agus tá curtha againn le liosta na dtoirmeasc víosa i ndiaidh gur reachtáladh toghcháin uachtaránachta na Rúise ar an leithinis agus gur tógadh droichead Kerch gan toiliú na hÚcráine." An tUachtarán Tusk ag an bpreasócáid tar éis an chruinnithe mullaigh idir an tAontas agus an Úcráin, 9 Iúil 2018

Leag na ceannairí béim ar a riachtanaí atá sé go gcuirfí gach páirtí comhaontuithe Mhionsc chun feidhme go hiomlán, agus é á athdhearbhú acu gurb í an Rúis is ciontach as an gcogadh in oirthear na hÚcráine. Ó 2014 i leith, tá sé ar taifead ag na Náisiúin Aontaithe gur maraíodh breis agus 10 250 duine agus gur gortaíodh breis agus 24 600 duine le linn na coinbhleachta sin go dtí seo.

Nuair nach ndearnadh dul chun cinn ar bith sa scéal, chomhaontaigh ceannairí an Aontais i mí na Meitheamh 2018 chun síneadh a chur leis na smachtbhannaí eacnamaíocha lena ndírítear ar earnálacha sonracha de chuid geilleagar na Rúise.

D'iarr An tUachtarán Tusk an athuair go scaoilfí saor Oleh Sentsov, Úcránach ar déantóir scannán é agus ar scríbhneoir é agus a cuireadh i bpríosún go neamhdhleathach, mar aon leo siúd uile atá faoi choinneáil go neamhdhleathach sa Chrimé agus sa Rúis.

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid ullmhúcháin

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: Cruinniú mullaigh idirnáisiúnta

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 9 Eanáir 2025