Skip to content
  • An Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile

Físchomhdháil na n-airí ceartais, 4 Meitheamh 2020

Na príomhthorthaí

Sannadh éileamh

Phléigh na hairí an rialachán atá beartaithe maidir leis an dlí is infheidhme i ndáil le héifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh de. Leagfar amach leis an rialachán sin rialacha aonfhoirmeacha lena ainmniú cén dlí náisiúnta lenar cheart úinéireacht éilimh a chinneadh tar éis dó a bheith sannta ar bhonn trasteorann.

Ionas go mbainfidh an margadh aonair barr a chumais amach, ní mór bacainní praiticiúla ar infheistíocht trasteorann a laghdú. Leis an reachtaíocht bheartaithe a phléamar, tabharfar deimhneacht dhlíthiúil níos mó do ghnólachtaí agus do thomhaltóirí, rud a éascóidh an rochtain atá acu ar mhaoiniú. Dražen Bošnjaković, Aire Ceartais na Cróite

Is é an aidhm a bhí leis an bplé sin treoir pholaitiúil a chur ar fáil i gcás trí ghné:
- ar cheart cur i bhfeidhm cúlghabhálach an rialacháin a eisiamh
- ar cheart rialacha maidir le coinbhleachtaí tosaíochta lena mbaineann nuachan a bheith sa rialachán
- ar cheart prionsabal na huilíochta a urramú sa rialachán

Sna hidirghabhálacha a bhí acu, thacaigh na hairí go forleathan le neamh-aisghníomhaíocht agus le cur i bhfeidhm uilíoch na hionstraime a bheidh ann amach anseo. Chuir siad a n-ionchur ar fáil freisin faoi shaincheist na nuachana. Leanfar den phlé ar an togra sin ar an leibhéal teicniúil as seo amach.

Saoránaigh den Aontas a eiseachadadh chuig tríú tíortha

Bhí malartú tuairimí ag na hairí maidir leis an gceist faoi shaoránaigh den Aontas a eiseachadadh chuig tríú tíortha. Ag eascairt as sraith breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais le blianta beaga anuas, lena n-áirítear an breithiúnas i gcás Petruhhin, tá obair le déanamh go fóill chun aghaidh a thabhairt ar a n-impleachtaí praiticiúla. D’aontaigh na hairí cuireadh a thabhairt do Eurojust agus don Ghréasán Breithiúnach Eorpach (EJN) anailís a dhéanamh ar an gcaoi a bpléitear go praiticiúil le hiarrataí ó thríú tíortha ar eiseachadadh shaoránaigh den Aontas, agus moltaí a dhéanamh ina leith sin.

Tionchar COVID-19 ar réimse an cheartais

Thug an Ghníomhaireacht um Chearta Bunúsacha, mar atá, Eurojust, an Gréasán Breithiúnach Eorpach agus an Coimisiún forléargas ar staid na himeartha maidir le tionchar COVID-19 ar réimse an cheartais san Aontas.

Thug an Coimisiún tuairisc faoi bhunú an ghrúpa comhordúcháin Eorpaigh um barántais ghabhála, tar éis fhíschomhdháil na n-airí ceartais ar an 6 Aibreán. Cuirtear faisnéis ábhartha faoi thionchar COVID-19 ar an gcomhar breithiúnach arna bhailiú ag an gCoimisiún, Eurojust agus ag an nGréasán Breithiúnach Eorpach (EJN) ar fáil ar leathanach faoi leith ar an tairseach r-Cheartais. Déanann an Ghníomhaireacht um Chearta Bunúsacha tuarascálacha a mhionsaothrú go rialta faoi na himpleachtaí atá ag baint le COVID-19 do chearta bunúsacha.

Faoi aon ghnó eile, cuireadh na hairí ar an eolas faoi staid na himeartha maidir leis na tograí reachtacha reatha.

Thuairiscigh an Uachtaránacht freisin ar fhíschomhdháil airí Ceartais agus Gnóthaí Baile an Aontais agus na Stát Aontaithe, a bhí ar siúl ar an 28 Bealtaine. Chuir Uachtaránacht inteachta na Gearmáine a clár oibre i láthair, a dhíreoidh ar conas athléimneacht agus muinín a chinntiú i gcórais cheartais an Aontais, chomh maith le rochtain ar cheartas, cearta íospartach, digitiú agus intleacht shaorga, bréagaisnéis agus fuathchaint. Leanfar leis an obair ar thograí reachtacha atá ar siúl faoi láthair, lena n-áirítear r-fhianaise, agus ar bhunú OIPE.

Chuir an Coimisiún na hairí ar an eolas i scríbhinn faoi staid na himeartha i dtaca le hOifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) a chur ar bun agus faoin gcaibidlíocht idirnáisiúnta atá ar siúl faoi láthair faoi r-fhianaise.

Comhaid na gcruinnithe

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 9 Eanáir 2025