"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
Le cead uaitse, úsáidfimid fianáin le sonraí comhlánaithe anaithnide a tháirgeadh maidir le brabhsáil agus iompraíocht na gcuairteoirí ar ár suíomh gréasáin. Úsáidfimid na sonraí sin chun feabhas a chur ar an eispéireas agat ar ár suíomh.
An Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile, 13 Márta 2020
Príomhthorthaí
Ag an gcruinniú a bhí againn inniu, thugamar aghaidh ar dhá dhúshlán mhóra atá os comhair na hEorpa: ráig an choróinvíris agus an staid ag an teorainn sheachtrach againn. Maidir leis an dá shaincheist sin, tá muintir na hEorpa ag lorg suaimhnis go bhfuil gach uile rud is féidir á dhéanamh againn chun dul i ngleic leis an staid. Céim eile chun cinn a bhí i gcruinniú an lae inniu chun ar gcomhordú foriomlán agus ár dtacaíocht fhrithpháirteach a fheabhsú maidir leis an dá shaincheist sin.
Davor Božinović, Leas-Phríomh-Aire agus Aire Gnóthaí Baile na Cróite
An staid ag teorainneacha seachtracha an Aontais
Chuir na Ballstáit is mó faoi thionchar, an Coimisiún agus gníomhaireachtaí ábhartha an Aontais na hairí gnóthaí baile ar an eolas faoin méid is déanaí atá ag tarlú ag teorainneacha seachtracha an Aontais leis an Tuirc. In ainneoin an bhrú mhéadaithe ón 28 Feabhra, tá an staid reatha cobhsaí i gcónaí i gcás na dteorainneacha talún agus mara araon.
Mheas na hairí freisin an chaoi ina bhfuil na bearta a luaitear i ráiteas na n-airí gnóthaí baile an 4 Márta á gcur chun feidhme:
chuir na ballstáit an fhoireann agus na sócmhainní ar fáil a d’iarr Frontex le haghaidh dhá oibríocht mear-idirghabhála teorann
cuirfear dlús le himscaradh 160 saineolaí tearmainn
d'fhreagair ballstáit agus stáit rannpháirteacha le breis agus 70000 mír ar an nglao a gníomhachtaíodh tríd an sásra AE um chosaint shibhialta
tá tacaíocht comhordaithe ó Frontex don fhilleadh, chomh maith le cúnamh airgeadais suas le EUR 700 milliún, á gcur ar fáil freisin
Teorainneacha seachtracha an Aontais: tacaíocht don Ghréig (Grafaic faisnéise)
COVID-19: ráig an choróinvíris
An chosaint shibhialta
Le linn lóin, rinne na hairí atá freagrach as saincheisteanna cosanta sibhialta plé ar ráig an choróinvíris, bunaithe ar na tosaíochtaí a shainaithin ceannairí an Aontais ar an 10 Márta. Dhírigh siad go háirithe ar an méid seo a leanas:
an chiall cheannaithe atá le baint as a ndearnadh go dtí seo chun an ráig COVID-19 a chomhrac
bearta féideartha breise ullmhachta agus freagartha de chuid Shásra an Aontais um Chosaint Shibhialta
conas dlús a chur leis an gcomhroinnt faisnéise, agus leas iomlán á bhaint as an mbosca uirlisí comhtháite don fhreagairt ar ghéarchéim pholaitiúil (IPCR)
tacaíocht bhreise ó na Ballstáit
Treoirlínte an Aontais Eorpaigh maidir le scagadh sláinte ag teorainneacha
Is cinntí náisiúnta iad na cinntí a dhéantar ag teorainneacha ballstát agus tagann siad faoi inniúlacht an Bhallstáit faoi seach. Mar sin féin, mhol an Coimisiún treoirlínte a ullmhú lena bhféadfaí bealach níos aonfhoirmí a mholadh don scagadh sláinte a dhéantar ag teorainneacha.
Modhanna oibre na Comhairle le linn na géarchéime
Tar éis iarraidh a fháil ó thoscaireacht na hIodáile, bhí malartú tuairimí gasta ag na hAirí le hArd-Rúnaí na Comhairle maidir le modhanna oibre na Comhairle le linn na géarchéime coróinvíris.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.