Skip to content
  • An Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile

Físchomhdháil na n-airí gnóthaí baile, 5 Meitheamh 2020

Na príomhthorthaí

Phléigh na hairí gnóthaí baile an fhreagairt ar phaindéim COVID-19 i réimse na rialuithe teorann inmheánaí agus na saorghluaiseachta daoine.

De réir mar a thagann feabhas ar an staid fhoriomlán sláinte, tá na Ballstáit uile i mbun díghéaraithe, agus cuid de na bearta a cuireadh i bhfeidhm ar an leibhéal náisiúnta nó ar an leibhéal réigiúnach á mbaint de réir a chéile acu. San áireamh leis na bearta sin, cuirfear deireadh de réir a chéile le rialuithe teorann agus athbhunófar go hiomlán an tsaorghluaiseacht daoine, rud a raibh teorainn curtha leis mar gheall ar an bpaindéim.

Davor Bozinovic, Leas-Phríomh-Aire agus Aire Gnóthaí Baile na Cróite
Bhí na Ballstáit agus institiúidí an Aontais ag obair go dlúth le chéile chun leathadh an víris a shrianadh. Ó tharla go bhfuil feabhas ag teacht anois ar chúrsaí, is den riachtanas i dtólamh an comhordú. Ní mór dúinn a chinntiú go gcuirfear deireadh leis na rialuithe ar bhonn comhréireach agus go seachnófar aon idirdhealú bunaithe ar náisiúntacht. Is tríd an gcomhar le chéile, agus mar sin amháin, is féidir linn an chinnteacht a chruthú atá de dhíth ar shaoránaigh chun a mbeatha a chur ag imeacht arís.
Davor Bozinovic, Leas-Phríomh-Aire agus Aire Gnóthaí Baile na Cróite
Davor Bozinovic, Leas-Phríomh-Aire agus Aire Gnóthaí Baile na Cróite

Faoin 15 Meitheamh, beidh deireadh curtha ag formhór na mBallstát leis na rialuithe ag a dteorainneacha inmheánacha agus leis na srianta taistil gaolmhara; tá sé beartaithe ag roinnt eile acu déanamh amhlaidh ag deireadh na míosa. Chomhaontaigh na hairí gur ar chritéir oibiachtúla a bhaineann leis an tsláinte a choinneofar aon srianta eile ar bun, agus go mbeidh siad neamh-idirdhealaitheach agus comhréireach. Leanfaidh siad de dhlúthchomhordú a dhéanamh faoi stiúir an Choimisiúin.

Ina theannta sin, phléigh na Ballstáit cé chomh fada ba cheart srianta taistil an Aontais maidir le teacht isteach náisiúnach tríú tír a choimeád; phléigh siad freisin na critéir agus na bearta a d'fhéadfaí a chur i bhfeidhm a luaithe a chuirfear deireadh leis na srianta.

Chomhaontaigh siad cur chuige aontaithe maidir le deireadh a chur de réir a chéile leis na srianta ar an taisteal neamhriachtanach, rud nach dtarlóidh, meastar, roimh an 1 Iúil. Chuir siad i dtreis, freisin, gur gá critéir shoiléire a bheith ann maidir leis na chéad chéimeanna eile. Ar bhonn an phlé sin, molfaidh an Coimisiún bealach chun cinn maidir le deireadh a chur, ar mhodh comhordaithe, le rialuithe teorann ag na teorainneacha seachtracha.

Ag tús an chruinnithe, chuir an Uachtaránacht na hairí ar an eolas faoi thorthaí oibríochtúla thimthriall beartais an Aontais 2019 chun an choireacht eagraithe a chomhrac(EMPACT).

Faoi aon ghnó eile, cuireadh na hairí ar an eolas faoi staid na himeartha maidir leis na tograí reachtacha reatha.

Ina theannta sin, chuir Málta na hairí ar an eolas maidir le staid na himirce sa Mheánmhuir Láir agus na dúshláin atá roimpi féin mar thír. Thug an Uachtaránacht tuairisc ar an bhfíschomhdháil aireachta ceartais agus gnóthaí baile idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe, a bhí ar siúl ar an 28 Bealtaine. Thíolaic uachtaránacht inteachta na Gearmáine a clár oibre lena ndíreofar ar an Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta a neartú, ar an athchóiriú ar bheartas imirce agus tearmainn an Aontais a chur chun cinn, ar shlándáil inmheánach an Aontais a neartú agus ar an sceimhlitheoireacht a chomhrac.

Chuir an Coimisiún na hairí ar an eolas i scríbhinn faoi chur chun feidhme leanúnach na rialachán idir-inoibritheachta.

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid toraidh

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 9 Eanáir 2025