"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
Le cead uaitse, úsáidfimid fianáin le sonraí comhlánaithe anaithnide a tháirgeadh maidir le brabhsáil agus iompraíocht na gcuairteoirí ar ár suíomh gréasáin. Úsáidfimid na sonraí sin chun feabhas a chur ar an eispéireas agat ar ár suíomh.
Físchomhdháil neamhfhoirmiúil na n-airí gnóthaí baile, 4 Lúnasa 2026
Na príomhthorthaí
Le linn físchomhdhála, thug na hairí gnóthaí baile aghaidh ar ar thit amach le déanaí in Ceuta. Le linn an chruinnithe, chuir toscaireacht na Spáinne, an Coimisiún Eorpach agus an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí in iúl a measúnú ar na himeachtaí a tharla le laethanta beaga anuas agus ar an staid reatha ag an teorainn sheachtrach in Ceuta.
Tá an tAontas ag seasamh le chéile agus faoi réir le tacú leis an Spáinn agus lenár dteorainneacha seachtracha a chosaint ar an imirce neamhdhleathach. Molaimid an Spáinn as a freagairt thapa ar an staid in Ceuta agus cuirimid ár mór-chomhbhrón in iúl faoin líon daoine a cailleadh go tragóideach. Is freagracht chomhroinnte iad teorainneacha seachtracha an Aontais, agus tá gá le freagairt aontaithe Eorpach i leith na himirce. Ag an gcruinniú a thionóil mé inniu, tugadh deis thábhachtach do na Ballstáit measúnú a dhéanamh ar na huirlisí atá ar fáil dúinn cheana, na réimsí ina bhfuil gá le tuilleadh comhair a shainaithint, agus ár n-ullmhúchán coiteann a thabhairt chun cinn roimh an gcéad chruinniú aireachta eile agus roimh an gcruinniú den Chomhairle Eorpach i mí Dheireadh Fómhair.
Jim O’Callaghan, Aire Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce na hÉireann
Bhí na Ballstáit agus tíortha comhlachaithe Schengen ar aon fhocal agus dlúthpháirtíocht láidir á cur in iúl acu leis an Spáinn. Ba mhór ag na hairí na hiarrachtaí gasta éifeachtacha a rinne údaráis na Spáinne i bhfreagairt ar an staid in Ceuta. Chuir siad a gcomhbhrón in iúl freisin i bhfianaise na ndaoine a cailleadh agus iad ag iarraidh an trasnú a dhéanamh.
De réir an eolais is déanaí a thug údaráis na Spáinne agus an Coimisiún, cuireadh ar ais formhór mór na ndaoine a thrasnaigh go neamhdhleathach agus ní dheachthas ar aghaidh go mórthír na Spáinne ná chuig Ballstáit eile.
Ag cruinniú an lae inniu, tugadh deis do na Ballstáit tuairimí a mhalartú maidir lena thábhachtaí atá sé teorainneacha seachtracha an Aontais a chosaint.
Bhí comhthuiscint ann gur gá leanúint de líonraí smuigleála imirceach a chomhrac gan staonadh, treisiú leis an bhfilleadh, teorainneacha an Aontais a neartú, comhpháirtíochtaí doimhne a thógáil le tríú tíortha, agus an fhadbhreathnaiteheacht a fheabhsú.
Leag na hairí béim ar a thábhachtaí atá sé an fheasacht chomhroinnte staide a fheabhsú, rud a d’fhéadfaí a dhéanamh trí chórais luathrabhaidh a fhorbairt – mar shampla, faisnéis réamhtheorann agus faireachán ar na meáin shóisialta.
Tharraing an Chomhairle aird ar a thábhachtaí atá sé comhar a dhéanamh le tríú tíortha agus comhpháirtíochtaí a fhorbairt a thuilleadh chun na deiseanna cearta a thabhairt do dhaoine ina dtíortha dúchais agus chun an bainistiú imirce a neartú.
Ar deireadh, chuir na hairí in iúl go bhféadfaí an chumarsáid a dhéantar tráth géarchéime a threisiú a thuilleadh trí chomhordú tráthúil agus gur cheart í a bheith níos comhleanúnaí, go háirithe chun cur i gcoinne gníomhaithe seachtracha mailíseacha a bhíonn ag gabháil d’ionramháil agus do chur isteach eachtrach ar fhaisnéis.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.