"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
Le cead uaitse, úsáidfimid fianáin le sonraí comhlánaithe anaithnide a tháirgeadh maidir le brabhsáil agus iompraíocht na gcuairteoirí ar ár suíomh gréasáin. Úsáidfimid na sonraí sin chun feabhas a chur ar an eispéireas agat ar ár suíomh.
An Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile (Ceartas), 5 Meitheamh 2026
Na príomhthorthaí
An Clár maidir leis an gCeartas, 2028-2034
Chomhaontaigh an Chomhairle a seasamh caibidlíochta páirteach maidir leis an gclár nua um Cheartas, ar cuid de bhuiséad foriomlán an Aontais é. Dírítear sa chlár ar thacú leis an gcomhar breithiúnach in ábhair shibhialta agus choiriúla agus san oiliúint bhreithiúnach, agus ar neamhspleáchas agus neamhchlaontacht na mbreithiúna a chur chun cinn. Tá sé d’aidhm aige freisin rochtain chomhionann ar an gceartas a chinntiú do gach saoránach agus do gach gnólacht, bunaithe ar an smacht reachta, ar aitheantas frithpháirteach agus ar mhuinín fhrithpháirteach. Seasamh caibidlíochta ‘páirteach’ atá ann toisc nach ndéantar saincheisteanna airgeadais ná cothrománacha a áireamh. Tá siad sin á bplé faoi láthair mar chuid den chaibidlíocht maidir leis an gcéad chreat airgeadais ilbhliantúil (CAI) eile.
Tráth nach mór leanúint den cheartas agus den smacht reachta a chosaint, is céim thábhachtach é an comhaontú seo i dtreo limistéar Eorpach ceartais níos éifeachtaí, níos inrochtana agus níos digitithe. Tacóidh an clár nua um Cheartas le comhar thar theorainneacha, le rochtain ar cheartas a fheabhsú, agus le neamhspleáchas ár gcóras breithiúnach a threisiú ar fud an Aontais.
Costas Fytiris, Aire Dlí agus Cirt agus Oird Phoiblí Phoblacht na Cipire
Bhí díospóireacht bheartais ag na hairí i ndáil le rialachán atá beartaithe maidir le haitheantas a thabhairt don tuismíocht agus thug siad treoir maidir leis an obair a dhéanfar amach anseo d’fhonn teacht ar chomhaontú. Is é is aidhm don togra a chinntiú go n-aithneofar an tuismíocht atá bunaithe i mBallstát amháin ar fud an Aontais, rud a thabharfadh deimhneacht dhlíthiúil i gcásanna trasteorann. Féachann sé le gach leanbha chosaint, gan beann ar an gcaoi ar gineadh nó ar rugadh iad agus gan beann ar a gcineál teaghlaigh.
Thug an Uachtaránacht agus an Príomh-Ionchúisitheoir Eorpach, Laura Kövesi, an t-eolas is déanaí do na hairí maidir le staid na himeartha i ndáil le OIPE.
Leagadh béim sa phlé gur tosaíocht é dul chun cinn a dhéanamh maidir le próiseas athnuachana páirtí Choláiste OIPE, ós rud é go rachaidh sainordú ionchúisitheoirí Eorpacha roinnt Ballstát in éag an 28 Iúil 2026. Tosóidh Ionchúisitheoir Eorpach reatha na Gearmáine, Andrés Ritter, mar phríomh-ionchúisitheoir Eorpach an 1 Samhain, mar sin ba cheart ionchúisitheoir Eorpach nua a cheapadh sa Ghearmáin freisin.
Pléadh an t-athbhreithniú ar an rialachán maidir le rochtain OIPE agus OLAF ar fhaisnéis CBL ar leibhéal an Aontais, ar cheart é a ghlacadh sna míonna amach romhainn. Céim shuntasach a bheidh sa mhéid sin i dtreo éifeachtúlacht OIPE a threisiú i gcomhrac na calaoise.
Ar deireadh, d’fhógair an Ungáir go raibh fógra foirmiúil tugtha aici don Choimisiún agus don Chomhairle go raibh sé ar intinn aici dul isteach in OIPE. Agus an Ungáir ag dul isteach in OIPE, beidh na Ballstáit uile tar éis dul isteach sa chomhar feabhsaithe (roghnaigh Éire agus an Danmhairg gan a bheith páirteach ann).
Cogadh foghach na Rúise ar an Úcráin: an tsaoirse ó phionós a chomhrac
Fuair na hairí an t-eolas is déanaí ón gCoimisiún agus ó Eurojust maidir leis na forbairtí is déanaí arb é is aidhm dóibh cuntasacht a chinntiú as coireanna a rinneadh san Úcráin. An 15 Bealtaine, chuaigh an Coimisiún, thar ceann an Aontais, isteach i bPáirt-chomhaontú Méadaithe an Bhinse Speisialta maidir le Coir an Fhogha faoin Úcráin. Leagtar amach sa chomhaontú socruithe institiúideacha, airgeadais agus riaracháin an Bhinse Speisialta. Dhaingnigh an Coimisiún an Coinbhinsiún lena mbunaítear an Coimisiún Éileamh Idirnáisiúnta don Úcráin freisin.
Le linn lón oibre, bhí díospóireacht ag na hairí maidir le tionscnaimh dlí choiriúil de chuid an Aontais a d’fhéadfadh a bheith ann chun an fhuathchoireacht agus an fhuathchaint a rialáil. Bhí seisiún tuairimíochta acu maidir leis an bhféidearthacht liosta reatha de choireanna an Aontais a leathnú chun an fhuathchaint agus an fhuathchoireacht a chuimsiú chun aghaidh a thabhairt ar bhagairtí as líne agus ar líne araon nó, de rogha air sin, an bunús dlí atá ann cheana a úsáid chun aghaidh a thabhairt ar an bhfuathchaint agus ar an bhfuathchoireacht ar líne.
Faoi aon ghnó eile, chuir an Coimisiún eolas ar fáil maidir le Scórchlár Ceartais AE 2026, ina gcuirtear sonraí comparáideacha ar fáil maidir le raon táscairí a bhaineann le córais cheartais náisiúnta na mBallstát.
Chuir an Coimisiún na hairí ar an eolas freisin faoi chomhaontuithe comhair idirnáisiúnta idir Eurojust agus tríú tíortha. Le cúig bliana anuas, tugadh comhaontuithe i gcrích leis an Liobáin, leis an Airméin, leis an mBoisnia agus an Heirseagaivéin agus leis an Ailgéir faoi shainordú lena gcumhdaítear 13 thír.
Chuir Éire clár oibre a huachtaránachta i láthair freisin.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.