Skip to content
  • An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh

An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh (Teileachumarsáid), 03/12/2019, 3 Nollaig 2019

Príomhphointí an chláir oibre

Teicneolaíocht 5G

Glacfaidh an Chomhairle conclúidí faoi thábhacht theicneolaíocht 5G do gheilleagar na hEorpa, agus faoin ngá atá le rioscaí slándála gaolmhara a mhaolú.

I mí Mhárta na bliana seo, d'iarr an Chomhairle Eorpach ar an Aontas agus ar na Ballstáit gníomhú chun an geilleagar digiteach a fhorbairt.

Tá sé beartaithe ag an Aontas cumhdach 5G a chinntiú do gach ceantar uirbeach agus do gach mórchonair iompair trastíre faoi 2025.

r-Phríobháideachas

Cloisfidh an Chomhairle faoin dul chun cinn atá déanta leis an rialachán maidir le rialacha príobháideachais don chumarsáid leictreonach (r-phríobháideachas).

Is é is aidhm don dréachtrialachán, i measc nithe eile, ardleibhéal cosanta a chinntiú don saol príobháideach, don chumarsáid agus do shonraí pearsanta in earnáil na cumarsáide leictreonaí.

Úsáid sonraí eiticiúil

Tá sé mar cheann de thosaíochtaí uachtaránacht na Fionlainne an geilleagar Eorpach sonraí a neartú.

Pléifidh na hairí an chaoi a bhféadfadh an tAontas Eorpach a bheith ina mhol le haghaidh úsáid sonraí eiticiúil, agus iarrfar orthu machnamh a dhéanamh ar na chéad chéimeanna eile sa réimse sin.

Any other business

Under 'Any other business', the presidency updated ministers on the current legislative proposal on the European Cybersecurity Competence Centre and the Network of Coordination Centres. The presidency also briefed ministers on the Data Economy Conference and Digital Government Conference, which were both held in Helsinki in the autumn. The incoming Croatian presidency presented its work programme.

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid ullmhúcháin

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 15 Eanáir 2025