Skip to content
  • An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh

An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh (Iompar), 20/09/2019, 20 Meán Fómhair 2019

Main results

Bhí díospóireacht bheartais chuimsitheach ag an gComhairle faoin gcaoi leis an iompar a dhícharbónú d'fhonn dul i ngleic leis an athrú aeráide agus cuspóirí Chomhaontú Pháras a bhaint amach.

Chuir an díospóireacht leis an teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal A Clean Planet for all [Pláinéad Glan do Chách], a foilsíodh i mí na Samhna 2018.

D'fhonn tábhacht an ábhair a léiriú, tiomnaíodh seisiúin ar leith don iompar talún (ar bhóithre, ar iarnróid agus trí loingseoireacht intíre), don eitlíocht agus don loingeas.

B'ábhar misnigh é plé an lae inniu. Is léir go gcaithfimid tuilleadh a dhéanamh chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú ar mhaithe le téamh domhanda a stopadh. Agus caithfidh ról ríthábhachtach a bheith ag an earnáil iompar san iarracht seo agus is acu a bheidh. Táthar toilteanach ar fud na mBallstát a mhór a dhéanamh de réimse leathan roghanna: roghanna teicneolaíochta, roghanna polaitiúla agus athrú ar ár n-iompraíocht féin. Ní leor aon réiteach amháin, ach má tá an meascán ceart beartais i gceist agus má ghlactar go fonnmhar leis na deiseanna a bhaineann leis an nuálaíocht agus leis an digitiú, éireoidh linn. Tacaíonn muintir na hEorpa le gníomhú láidir ar son na haeráide agus tá sé seo mar phríomhthosaíocht ag Uachtaránacht na Fionlainne. Tá plé an lae inniu mar bhonn maith le tuilleadh oibre ar mhaithe le soghluaisteacht saor ó charbón agus sochaí atá neodrach ó thaobh carbóin de. Sanna Marin, Aire Iompair agus Cumarsáide na Fionlainne, agus cathaoirleach an chruinnithe
Highlights from the Transport Council of 20 September 2019

Déanfaidh an uachtaránacht achoimriú ar dhíospóireacht na n-airí mar ionchur don Chomhairle Eorpach, agus táthar ag súil go gcuirfidh sí siúd bailchríoch ar a treoir roimh dheireadh na bliana. Ansin is féidir leis an Aontas a straitéis fhadtéarmach aeráide a ghlacadh agus é a chur faoi bhráid Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (UNFCCC) faoi 2020, rud atá mar cheangal i gComhaontú Pháras.

Le plé na Comhairle - mar aon leis an treoir ón gComhairle Eorpach - tabharfar treoir don Choimisiún in ullmhú tograí nua reachtacha agus tionscnamh eile sa réimse seo.

I gcaitheamh an lóin, phléigh na hairí ionstraimí airgeadais d'iompar inbhuanaithe.

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid ullmhúcháin

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 15 Eanáir 2025