- An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh
An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh (Fuinneamh), 04/12/2019, 4 Nollaig 2019
Príomhthorthaí
Comhtháthú na hearnála cliste: Fuinneamh glan a chur chun cinn
Bhí díospóireacht bheartais ag na hairí faoi comhtháthú na hearnála cliste agus faoin ról atá aici i ndáil le dícharbónú gheilleagar na hEorpa. Ba é príomhfhócas na díospóireachta an chaoi ar féidir leis an Aontas cabhrú le comhtháthú na hearnála agus cúpláil na hearnála a chumasú - agus na bacainní idir rialála agus eile - a bhaint chun dlús a chur le forbairt na nithe sin. Tháinig na hairí ar chomhaontú maidir lena thábhachtaí atá comhtháthú earnála chun dícharbónú an gheilleagair a bhaint amach, go háirithe i gcás earnálacha nach bhféadfaí a leictriú go héasca, agus leag siad béim ag an am céanna ar a thábhachtaí atá sé cothrom na Féinne a áirithiú. D'iarr siad go ndéanfaí tuilleadh oibre i réimsí éagsúla, lena n-áirítear: an creat rialála maidir le comhtháthú earnála, tacaíocht do thaighde agus don nuálaíocht, maoiniú teicneolaíochtaí nuálacha agus treoirthionscadal, agus comhar trasteorann.
Tosaíochtaí beartais fuinnimh an Choimisiúin nua
Tar éis cur i láthair a rinne an Coimisinéir Fuinnimh nua, Kadri Simson, bhí malartú tuairimí ag na hairí maidir le tosaíochtaí an Choimisiúin nua i ndáil le beartas fuinnimh. Chuir an Coimisinéir Simson chun suntais an Comhaontú Glas don Eoraip, ceann de thionscnaimh shuaitheanta an Uachtaráin von der Leyen, agus mhínigh sé go mbeadh a tosaíochtaí beartais fuinnimh bunaithe ar thrí cholún: daoine, an pláinéad, agus na comhpháirtithe. Le linn an phlé, d'fhear na hairí fáilte fhorleathan roimh thosaíochtaí an Choimisiúin agus thug siad na chéadbharúlacha uathu i dtaobh na bpleananna a leag an Coimisinéir amach.
Pleananna náisiúnta don fhuinneamh agus don aeráid
Phléigh an Chomhairle an obair leantach ar an Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir leis na dréachtphleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide dar teideal "United in delivering the Energy Union and climate action" [Aontaithe chun an tAontas Fuinnimh agus gníomhú ar son na haeráide a chur i gcrích]. Chuir roinnt airí chun suntais an dul chun cinn breise a rinne siad maidir lena bpleananna náisiúnta deiridh don fhuinneamh agus don aeráid a dhréachtú, a chuirfear faoi bhráid an Choimisiúin faoi dheireadh na bliana.
Rinneadh plé ar an ábhar sin cheana, ag an gComhairle Fuinnimh ar an 24 Meán Fómhair 2019.
Pleananna náisiúnta don fhuinneamh agus don aeráid (Grafaic faisnéise)
Míreanna eile ar an gclár oibre
Chuir an Coimisiún an Chomhairle ar an eolas faoi na forbairtí is déanaí sna cainteanna tríthaobhacha leis an Rúis agus leis an Úcráin faoi thodhchaí idirthurais gáis, agus rinne sé anailís ar an staid reatha san Aontas maidir le slándáil an tsoláthair gáis don gheimhreadh seo. I ndáil leis sin, chuir an Coimisiún i dtreis go bhfuil stórais gáis lán agus go bhfuil an leibhéal ullmhachta níos airde ná mar a bhí san am a chuaigh thart.
Chuir an Uachtaránacht na hairí ar an eolas faoin dul chun cinn a rinneadh ar an rialachán maidir le lipéadú bonn. Thángthas ar chomhaontú sealadach le Parlaimint na hEorpa ar an 13 Samhain 2019.
Chuir Uachtaránacht nua na Cróite a clár oibre i réimse an oideachais i láthair. Beidh clár oibre Uachtaránacht na Cróite bunaithe ar cheithre thosaíocht: Eoraip ina ndéantar forbairt, nascadh, cosaint agus ina n-imrítear tionchar. Chuir toscaireacht na Cróite i bhfios go láidir go bhfuil sé ar intinn aici leanúint den obair maidir leis an Aontas Fuinnimh a bhunú agus a chur chun feidhme.
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid ullmhúcháin
Doiciméid toraidh
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Niels Timmermans Press officer
- +32 470 18 22 47
- +32 2 281 32 65
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #TTE
Cruinnithe eile: An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh
Cruinnithe roimhe seo
Cruinnithe a bheidh ann amach anseo
An t-athbhreithniú deireanach: an 15 Eanáir 2025