- An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh
An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh (Fuinneamh), 24/09/2019, 24 Meán Fómhair 2019
Na príomhthorthaí
Pleananna Náisiúnta don Fhuinneamh agus don Aeráid
Bhí malartú tuairimí ag an gComhairle ar mheasúnú an Choimisiúin Eorpaigh maidir leis na dréachtphleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide (NECPanna). Dhírigh na hairí ar conas a chinnteofar go mbeidh leibhéal uaillmhianach na rannchuidithe náisiúnta sna NECPanna deiridh sách ard chun na spriocanna uile-Aontais a chomhlíonadh.
Is cúis áthais dom go bhfuil go leor de na Ballstáit réidh lena n-uaillmhian náisiúnta a mhéadú ionas gur féidir linn ár spriocanna fuinnimh do 2030 a chomhlíonadh i dteannta a chéile. Bhí plé an-dearfach againn agus tá súil agam go gcabhróidh an plé sin leis na Ballstáit ach a gcuirfidh siad bailchríoch ar a bpleananna roimh dheireadh na bliana. Katri Kulmuni, Aire Gnóthaí Eacnamaíocha na Fionlainne agus cathaoirleach na Comhairle
Le cois na NECPanna, tugadh aghaidh freisin ar an ról ba cheart a bheith ag an gComhairle faoi chuimsiú shásra rialachais an Aontais Eorpaigh. Léiríodh sa phlé gur mian leis na Ballstáit go mbeadh ról gníomhach ag an gComhairle i ndáil leis an bpróiseas maidir leis na NECPanna a ullmhú agus a chur chun feidhme agus go ndéanfaidh an Chomhairle é a stiúradh agus a fhaireachán.
Pleananna náisiúnta don fhuinneamh agus don aeráid (Grafaic faisnéise)
Earnáil an fhuinnimh tar éis 2030: I dtreo neodracht aeráide
Mhalartaigh na hairí tuairimí ar na bealaí agus na modhanna atá ann chun neodracht aeráide a bhaint amach in earnáil an fhuinnimh. Bhí an plé oscailte agus fairsing. I measc na bpríomhréimsí ar dhírigh na toscaireachtaí orthu, bhí na hábhair seo a leanas: an taighde agus an nuálaíocht sna teicneolaíochtaí carbón-neodracha, an comhar réigiúnach agus an gá atá le haistriú cóir. Chuir na hairí i bhfios go láidir gur rí-thábhacht leo conas an neodracht aeráide a bhaint amach i gcórais fuinnimh, agus slándáil an tsoláthair agus iomaíochas gheilleagar na hEorpa á chinntiú ag an am céanna.
Mar chuid den díospóireacht, taispeánadh físeán ina raibh teachtaireachtaí ó cheannairí gnó, taighdeoirí, ENRanna agus geallsealbhóirí eile a rannchuidíonn go gníomhach leis an aistriú fuinnimh.
- Féach ar thaifeadadh den díospóireacht anseo
- <em>A clean planet for all</em> [Pláinéad glan do chách]: <em>A European strategic long-term vision for a prosperous, modern, competitive and climate-neutral economy</em> [Fís straitéiseach fhadtéarmach Eorpach ar mhaithe le geilleagar rachmasach, nua-aimseartha, iomaíoch atá neodrach ó thaobh na haeráide de]
Míreanna eile ar an gclár oibre
Chuir an Coimisiún an Chomhairle ar an eolas faoi shlándáil an tsoláthair gáis le linn an gheimhridh atá le teacht, 2019-2020. Maidir leis na cainteanna tríthaobhacha idir an Rúis agus an Úcráin faoi thodhchaí an idirthurais gáis, a reáchtáladh ar an 19 Meán Fómhair, chuir an Coimisiún i dtreis gur cruthaíodh na dálaí chun teacht ar réiteach roimh dheireadh na bliana a bhuí leis an atmaisféar dearfach a bhí ann.
Chuir toscaireacht na hOstaire faisnéis ar fáil faoi na forbairtí is déanaí maidir leis an tionscnamh hidrigine. Cuireadh tús leis an tionscnamh sin le linn uachtaránacht na hOstaire i mí Mheán Fómhair 2018 agus tá sé mar aidhm aige go mbainfear an méid is mó is féidir as hidrigin inbhuanaithe chun an córas fuinnimh a dhícharbónú agus an tslándáil fuinnimh fhadtéarmach a chinntiú.
Tharraing toscaireacht Lucsamburg anuas an t-athbhreithniú agus an nuachóiriú leanúnach ar an gConradh um Chairt Fuinnimh agus d'iarr sí go ndíreofaí níos mó ar ghníomhaíocht aeráide sa phróiseas nuachóirithe.
Ar deireadh, chuir toscaireacht na Liotuáine na hairí ar an eolas faoin stáisiún núicléach "Astravets" sa Bhealarúis agus faoi na torthaí a bhí ar 'thástálacha struis' na Bealarúise.
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid ullmhúcháin
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Niels Timmermans Press officer
- +32 470 18 22 47
- +32 2 281 32 65
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #TTE
Cruinnithe eile: An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh
Cruinnithe roimhe seo
An t-athbhreithniú deireanach: an 15 Eanáir 2025