Skip to content

Gníomhaireacht nua de chuid an Aontais Eorpaigh um Thearmann

Cuirfidh Gníomhaireacht nua de chuid an Aontais Eorpaigh um Thearmann leis an tacaíocht a thugtar don chomhar agus don dlúthpháirtíocht i measc na mBallstát agus le gné sheachtrach fhoriomlán an Aontais.

An Oifig Tacaíochta Eorpach do Chúrsaí Tearmainn a mhodhnú

Mar chuid dá thograí le haghaidh comhshocrú maidir le himirce agus tearmann i mí Mheán Fómhair 2020, chuir an Coimisiún Eorpach togra ar aghaidh chun feabhas a chur ar chur i bhfeidhm an bheartais tearmainn laistigh den Aontas, trí ghníomhaireacht lánfheidhme a dhéanamh den Oifig Tacaíochta Eorpach do Chúrsaí Tearmainn (EASO) atá ann faoi láthair.

Tá an ghníomhaireacht nua freagrach as feidhmiú an chomhchórais Eorpaigh tearmainn a fheabhsú, tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • cúnamh feabhsaithe teicniúil agus oibríochtúil a sholáthar do na Ballstáit
  • cur le comhsheasmhacht maidir le measúnú ar iarratais ar chosaint idirnáisiúnta

Leis an reachtaíocht nua, cuirtear leis an tacaíocht a thugann an ghníomhaireacht don chomhar idir na Ballstáit agus tíortha nach bhfuil san Aontas.

Gníomhaireacht nua an Aontais Eorpaigh um Thearmann a thógáil. Ar bhalla an fhoirgnimh tá lógó (cearnóg mhór ghorm agus cearnóg bhuí níos lú) taobh leis an téacs ‘Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann’. Tá spéir ghorm le feiceáil sa chúlra.
Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann

Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann a bhunú

Tá ról lárnach ag Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann (EUAA) maidir le cabhrú le Ballstáit an Aontais an pacáiste de dhlíthe an Aontais a chuimsíonn an Comhchóras Eorpach Tearmainn a chur i bhfeidhm.

Bunaítear leis an gcóras na rialacha agus na nósanna imeachta atá ceangailteach ó thaobh dlí nach mór do na Ballstáit a leanúint chun a ráthú go n-urramófar go hiomlán san Eoraip cearta na n-iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta.

An 9 Nollaig 2021, ghlac an Chomhairle an rialachán lena ndéantar gníomhaireacht lánfheidhme de chuid an Aontais as EASO. Céim shuntasach chun tosaigh a bhí sa mhéid sin i nuachóiriú chleachtais tearmainn agus ghlactha an Aontais.

An 19 Eanáir 2022, tháinig Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann (EUAA) in ionad na hOifige Tacaíochta Eorpaí do Chúrsaí Tearmainn (EASO).

Obair ar an gcomhshocrú imirce agus tearmainn

Tháinig Uachtaránacht na Comhairle agus an Pharlaimint ar chomhaontú sealadach an 29 Meitheamh 2021. Ghlac an Pharlaimint go foirmiúil an rialachán an 11 Samhain 2021.

An 20 Nollaig 2023, tháinig an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa ar chomhaontú maidir leis na príomhchomhaid reachtacha, chomh maith le go leor comhad eile sa chomhshocrú imirce agus tearmainn.

An 8 Feabhra 2024, d’fhormhuinigh ionadaithe Bhallstáit an Aontais an comhaontú ar thángthas air i mí na Nollaig, mar aon le trí dhlí a comhaontaíodh cheana idir an Chomhairle agus an Pharlaimint in 2022.

Ghlac an Chomhairle comhshocrú an Aontais maidir le himirce agus tearmann an 14 Bealtaine 2024.

An t-athbhreithniú deireanach: an 10 Feabhra 2025