Leasú ar Phrótacal 1999 chun laghdú a dhéanamh ar an aigéadú, ar an eotrófú agus ar an ózón ar leibhéal na talún (Prótacal Gothenburg)
Sracfhéachaint
Is é an Coinbhinsiún ar Thruailliú Aeir Trasteorann Fadraoin (Coinbhinsiún LRTAP) an príomhchreat idirnáisiúnta maidir le comhar agus bearta idirnáisiúnta chun truailliú aeir a theorannú, a laghdú agus a chosc de réir a chéile. Tá 51 thír ó réigiún Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (UNECE) ina bpáirtithe sa choinbhinsiún, lena n-áirítear Ballstáit an Aontais, Ceanada, na Stáit Aontaithe agus roinnt tíortha san Áise Láir.
Ó síníodh in 1979 é, leathnaíodh Coinbhinsiún LRTAP le 8 bprótacal ar leith, lena n-áirítear an prótacal 1999 chun laghdú a dhéanamh ar an aigéadú, ar an eotrófú agus ar an ózón ar leibhéal na talún. D’fhormheas an Chomhairle an prótacal seo, dá ngairtear 'Prótacal Gothenburg’, thar ceann an Aontais i mí an Mheithimh 2003. Rinneadh an prótacal a thrasuí i ndlí an Aontais den chuid is mó tríd an Treoir Uasteorainneacha um Astaíochtaí Náisiúnta in 2001 agus tríd an Treoir maidir le hastaíochtaí ó ollghléasraí dócháin in 2001.
In 2012, rinneadh an prótacal a mhodhnú agus cuireadh dhá Iarscríbhinn nua isteach. Is é is aidhm leis na hathruithe sin go neartófar iarrachtaí chun cuspóirí maidir le cosaint fhadtéarmach sláinte an duine agus an chomhshaoil a bhaint amach. Ní foláir don Aontas Eorpach na hathruithe seo ar an bprótacal a fhormheas anois.
Na mionsonraí
Leasú ar Phrótacal 1999 chun laghdú a dhéanamh ar an aigéadú, ar an eotrófú agus ar an ózón ar leibhéal na talún — 2013/0448 (NLE)
Leis an leasú atá beartaithe ar phrótacal 1999, leagtar amach gealltanais nua laghdaithe astaíochtaí náisiúnta ó 2020 ar aghaidh. Cumhdaítear ceithre thruailleán aeir - sulfair (go príomha dé-ocsaíde sulfair) ocsaídí nítrigine, amóinia agus comhdhúile so-ghalaithe orgánacha (VOC) seachas meatán - agus ábhar cáithníneach.
Go háirithe, áirítear sa leasú an méid seo a leanas:
- laghduithe ar astaíochtaí de charbón dubh
- nuashonrú ar na luachanna do theorainneacha astaíochta atá leagtha amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an bprótacal
- caighdeáin nua maidir le hábhar VOC neamh-mheatán i dtáirgí
Comhlánaíonn sé freisin an oibleagáid tuairiscithe maidir le hastaíochtaí ó thruailleáin aeir.
Sa Chomhairle
An 31 Eanáir 2012, thíolaic an Coimisiún togra le haghaidh Cinnidh ón gComhairle maidir le glacadh le Prótacal Gothenburg athbhreithnithe thar ceann an Aontais Eorpaigh. Tá an togra sin á phlé faoi láthair ag an gComhairle. Ní mór do Pharlaimint na hEorpa a toiliú a thabhairt freisin.