Skip to content

Truailliú aeir ó ghléasraí dócháin meánmhéide a laghdú

Sracfhéachaint

Úsáidtear gléasraí dócháin meánmhéide do réimse leathan cuspóirí, amhail giniúint leictreachais, téamh agus fuarú baile/cónaithe agus teas/gal a sholáthar do phróisis thionsclaíocha. Is foinse thábhachtach astaíochtaí dé-ocsaíde sulfair, ocsaídí nítrigine agus ábhair cháithnínigh iad (deannach mín). Tá tuairim is 142 986 de na gléasraí dócháin meánmhéide sin san Aontas.

Ní chumhdaítear na hastaíochtaí ó na gléasraí dócháin meánmhéide sin faoi láthair le rialacha sonracha ar leibhéal an Aontais. Thabharfaí teorainneacha isteach leis an Treoir a bheartaítear do na hastaíochtaí, lena gcabhrófaí go mór le gealltanais fhoriomlána na mBallstát maidir le laghdú astaíochtaí.

Na mionsonraí

An Treoir a bheartaítear maidir le hastaíochtaí truailleán áirithe san aer ó ghléasraí dócháin meánmhéide a theorannú - 2013/0442 (COD)

Leis an treoir atá beartaithe, leagtar síos uasteorainneacha astaíochta do dhé-ocsaíd sulfair, d'ocsaídí nítrigine agus d'ábhar cáithníneach ó ghléasraí dócháin meánmhéide. Go háirithe, áirítear an méid a leanas ar an togra:

  • scéim éigeandála clárúcháin do ghléasraí dócháin meánmhéide
  • teorainneacha sonracha astaíochtaí do dhé-ocsaíd sulfair, d'ocsaídí nítrigine agus d'ábhar cáithníneach do ghléasraí nua dócháin agus do ghléasraí dócháin atá ann cheana agus na spriocdhátaí maidir leis na teorainneacha sin a thabhairt isteach
  • oibleagáid a chur ar na Ballstáit teorainneacha astaíochtaí níos déine a chur i bhfeidhm i gcás gléasraí i gcriosanna nach bhfuil cáilíocht an aeir ag an leibhéal riachtanach
  • ceanglas a chur ar oibreoirí faireachán a dhéanamh ar astaíochtaí agus tuarascáil a thabhairt ar neamh-chomhlíonadh - lena n-áirítear córas cigireachta comhshaoil a bhunú ar leibhéal na mBallstát do na gléasraí dócháin meánmhéide nó bearta eile a chur chun feidhme chun seiceáil a dhéanamh ar a gcomhlíonadh - agus na bearta riachtanacha a dhéanamh i gcás nach gcomhlíontar na rialacha
  • sásra tuairiscithe a chruthú
  • rialacha sonracha maidir le pionóis infheidhme i gcásanna ina sáraítear na rialacha

Sa Chomhairle

Chuir an Coimisiún a thogra i láthair ag cruinniú a bhí ag an gComhairle Comhshaoil an 3 Márta 2014. Bhí an chéad díospóireacht beartais ag Airí Comhshaoil an Aontais Eorpaigh maidir leis an Treoir a bheartaítear an 12 Meitheamh 2014.

Tháinig an Chomhairle ar chur chuige ginearálta maidir leis an togra sin an 17 Nollaig 2014. Leis sin, ceadaíodh d'Uachtaránacht na Comhairle dul i mbun caibidlíochta le Parlaimint na hEorpa i mí na Bealtaine 2015.

An 23 Meitheamh 2015, tháinig Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar chomhaontú sealadach maidir leis an togra. Rinneadh roinnt athruithe ar an togra bunaidh ón gCoimisiún leis an téacs ar tháinig siad ar chomhaontú ina leith. Áirítear an méid a leanas ar na hathruithe eile:

  • an sonrú nach féidir gléasraí dócháin meánmhéide a oibriú ach sa chás ina ndéantar iad a chlárú nó le cead
  • córais éagsúla a thabhairt isteach do ghléasraí dócháin meánmhéide atá ann cheana, bunaithe ar a méid
  • spriocdhátaí maidir le comhlíonadh a shíneadh i gcás gléasraí áirithe, amhail córais teilithéamh agus teilifuarú, gléasraí inarb í an bhithmhais an phríomhbhreosla, gléasraí atá mar chuid de chórais bheaga leithlisithe (amhail ar oileáin) agus gléasraí sonracha atá nasctha le córas tarchurtha gáis nádúrtha
  • foráil go ndéanfaidh na Ballstáit measúnú ar an ngá atá ann teorainneacha níos déine a chur i bhfeidhm do ghléasraí aonair i gcriosanna nach gcomhlíontar iontu luachanna na dteorainneacha maidir le cáilíocht an aeir san Aontas
  • rialacha a thabhairt isteach chun faireachán a dhéanamh ar na hastaíochtaí aonocsaíde carbóin

Dhearbhaigh Coreper (Coiste na mBuanionadaithe) an comhaontú ar an 30 Meitheamh 2015. Chomhaontaigh Parlaimint na hEorpa a seasamh an 7 Deireadh Fómhair 2015 agus ghlac an Chomhairle an Treoir an 10 Samhain 2015.