Skip to content

An caidreamh idir an tAontas Eorpach agus an Iordáin: fíricí agus figiúirí

Tá an Iordáin ar cheann de na comhpháirtithe is dlúithe atá ag an Aontas sa Mheánoirthear, agus tá ról tábhachtach aici maidir le cobhsaíocht a chinntiú sa réigiún.

In Eanáir 2026, bhí an chéad chruinniú mullaigh riamh idir an tAontas agus an Iordáin ar siúl in Amman, d’athdhearbhaigh na ceannairí go bhfuil siad toilteanach oibriú le chéile mar chomhpháirtithe iontaofa intuartha ar son na cobhsaíochta, na síochána agus na slándála, agus an rathúnais chomhroinnte, agus d’athdhearbhaigh siad a dtiomantas do luachanna uilíocha an daonlathais, an smachta reachta agus chearta an duine.

Comhpháirtíocht straitéiseach chuimsitheach idir an tAontas agus an Iordáin

I mí Eanáir 2025, chuaigh an tAontas agus an Iordáin i mbun comhpháirtíocht straitéiseach chuimsitheach. Neartaíonn an chomhpháirtíocht sin an caidreamh láidir atá acu cheana féin agus díríonn sí ar thacaíocht a thabhairt do chobhsaíocht na hIordáine i bhfianaise dúshláin gheopholaitiúla urghnácha. Tacaíonn an chomhpháirtíocht freisin le fís na hIordáine maidir le nuachóiriú polaitiúil, eacnamaíoch agus riaracháin, agus maidir le hathléimneacht eacnamaíoch a chothú.

Shainaithin an dá thaobh cúig phríomhréimse leasa choitinn:

  • an caidreamh polaitiúil agus an comhar réigiúnach
  • an tslándáil agus an chosaint
  • an athléimneacht eacnamaíoch, an trádáil agus infheistíochtaí
  • an caipiteal daonna
  • an imirce, an chosaint agus an tacaíocht do dhídeanaithe

Chun tacú leis an gcomhpháirtíocht, mhol an tAontas pacáiste airgeadais dar luach €3 bhilliún don Iordáin. Áirítear leis sin an méid seo a leanas:

  • €640 milliún i ndeontais
  • €1 bhilliún in iasachtaí lamháltais (cúnamh macrairgeadais)
  • thart ar €1.4 billiún d’infheistíochtaí breise

Cuireann an chomhpháirtíocht straitéiseach leis an gcomhaontú comhlachais idir an tAontas agus an Iordáin, atá i bhfeidhm ó 2002 i leith.

Tacaíocht airgeadais

Cúnamh macra-airgeadais

An 20 Eanáir 2026, ghlac an Chomhairle cinneadh chun €500 milliúnbreisede chúnamh macrairgeadais a chur ar fáil don Iordáin. Tá sé sin mar chuid de phacáiste airgeadais agus infheistíochta €3 bhilliún an Aontais a fógraíodh i mí Eanáir 2025 chun tacú leis an gcomhpháirtíocht straitéiseach chuimsitheach idir an tAontas agus an Iordáin.

Beidh an cúnamh ar fáil ar feadh dhá bhliain go leith agus cuirfear ar fáil é i bhfoirm iasachtaí fadtéarmacha, a eisíocfar i dtrí thráthchuid.

Ó 2013 i leith, tá€1.08 billiún curtha ar fáil ag an Aontas don Iordáin faoi thrí chlár cúnaimh macrairgeadais a bhí ann roimhe seo. Tá an ceathrú clár cúnaimh macrairgeadais, ar fiú EUR 500 milliún é, ar siúl faoi láthair.

Ionstraim NDICI ‘An Eoraip Dhomhanda’

Tairbhíonn an Iordáin de chistiú faoin Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – an Eoraip Dhomhanda. Le haghaidh na tréimhse idir 2021 agus 2024, leithdháil an tAontas thart ar €377 milliún i ndeontais ar an Iordáin. Baineadh úsáid as na cistí sin chun tacú leis an méid seo a leanas:

  • athchóirithe daonlathacha, riarachán éifeachtach, an smacht reachta agus an tslándáil
  • an t-aistriú glas agus athléimneacht eacnamaíoch
  • forbairt dhaonna (e.g. oideachas agus cosaint shóisialta)

Is í an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – An Eoraip Dhomhanda príomhuirlis chistiúcháin sheachtraigh an Aontais le haghaidh comhar le tíortha nach bhfuil san Aontas, faoi bhuiséad fadtéarmach 2021-2027 an Aontais.

Tacaíocht chun aghaidh a thabhairt ar ghéarchéim na ndídeanaithe ón tSiria

Thairis sin, ó 2011 i leith, tá níos mó ná €4 bhilliún caite ag an Aontas ar chabhair dhaonnúil agus ar chúnamh macrairgeadais chun cabhrú leis an Iordáin aghaidh a thabhairt ar ghéarchéim na ndídeanaithe ón tSiria.

ceann de na pobail dídeanaithe is mó per capita ar domhan san Iordáin. Tá ról ríthábhachtach daonnúil agus cobhsaíochta aige sa réigiún.

Comhar maidir le slándáil agus cosaint

Measann an tAontas Eorpach gur príomh-chomhpháirtí í an Iordáin don chobhsaíocht agus don tslándáil réigiúnach; bíonn siad ag obair le chéile ar bhagairtí coiteanna, a bhfuil an sceimhlitheoireacht, an t-antoisceachas foréigneach, an choireacht thrasnáisiúnta agus an tslándáil teorann ina measc.

Tarlaíonn comhar struchtúrtha faoi chomhaontú comhlachais 2002 idir an tAontas agus an Iordáin agus faoin gcomhpháirtíocht straitéiseach chuimsitheach a seoladh i mí Eanáir 2025. Mar shampla, sna cruinnithe a reáchtálann an fochoiste um cheartas agus slándáil go rialta, dírítear ar bhainistiú comhtháite teorainneacha, ar an bhfrithsceimhlitheoireacht, ar gháinneáil ar airm thine agus ar dhrugaí, agus ar chomhar breithiúnach.

Tá an Iordáin ar cheann de thairbhithe na Saoráide Eorpaí Síochána (SES). Go dtí seo, ghlac an Chomhairle an iliomad beart cúnaimh dhéthaobhaigh faoin tSaoráid Eorpach Síochána, ar fiú os cionn €55 mhilliún iad.

Tá na cistí sin beartaithe le haghaidh trealamh ar nós radair ghearr-raoin, córais cheannais agus rialaithe agus oiliúint ghaolmhar chun cuidiú leis an Iordáin aghaidh a thabhairt ar dhúshláin slándála agus rannchuidiú leis an tslándáil réigiúnach.

An caidreamh trádála

Trádáil earraí

Is é an tAontas an tríú comhpháirtí trádála is mó atá ag an Iordáin, agus is leis an Aontas a dhéanann an Iordáin breis agus 12 % dá trádáil dhomhanda earraí. In 2024, b’fhiú thart ar €4.8 billiún an trádáil earraí idir an tAontas agus an Iordáin – os cionn €4.1 billiún in onnmhairí an Aontais agus €0.66 billiún in allmhairí an Aontais.

Saigheada ag díriú i dtreo réaltaí an Aontais, siombail d’allmhairí an Aontais.

Allmhairí ón Iordáin dar luach €0.66 billiún

Cairt chearnógach atá ina siombail den trádáil earraí idir an tAontas agus an Iordáin.
Saigheada ag díriú amach as réaltaí an Aontais i dtreo ciorcail, siombail d’onnmhairí an Aontais.

Onnmhairí chuig an Iordáin dar luach €4.13 billiún

Na hearraí is mó a trádáladh

ceimiceáin

innealra agus trealamh iompair

earraí monaraithe (allmhairí an Aontais)

bia agus ainmhithe beo (onnmhairí ón Aontas)

Trádáil seirbhísí

In 2023 (an bhliain dheireanach ina raibh sonraí ar fáil) b’fhiú €2.5 billiún an trádáil i seirbhísí idir an tAontas agus an Iordáin, le €1.2 billiún in allmhairí an Aontais agus €1.3 billiún in onnmhairí an Aontais.

Saigheada ag díriú i dtreo réaltaí an Aontais, siombail d’allmhairí an Aontais.

Allmhairí ón Iordáin dar luach €1.2 billiún

Cairt chearnógach atá ina siombail den trádáil seirbhísí idir an tAontas agus an Iordáin.
Saigheada ag díriú amach as réaltaí an Aontais i dtreo ciorcail, siombail d’onnmhairí an Aontais.

Onnmhairí chuig an Iordáin dar luach €1.3 billiún

An t-athbhreithniú deireanach: an 20 Eanáir 2025