Skip to content

Seasamh an Aontais maidir leis an staid sa Mheánoirthear

Ag na cruinnithe a bhí ag an gComhairle Eorpach idir 2023 agus 2026, ghlac ceannairí an Aontais conclúidí maidir leis an staid sa Mheánoirthear. Léiríonn ábhar an leathanaigh seo na conclúidí is déanaí an 18 agus an 19 Meitheamh 2026.

An Iaráin

Meabhrán tuisceana idir na Stáit Aontaithe agus an Iaráin

Is díol sásaimh don Chomhairle Eorpach an meabhrán tuisceana idir na Stáit Aontaithe agus an Iaráin, lena dtugtar deis cobhsaíocht réigiúnach a bhaint amach agus an tsaoirse loingseoireachta agus idirthurais shábháilte trí Chaolas Hormuz a athbhunú go hiomlán.

Is díol sásaimh di na hiarrachtaí leanúnacha taidhleoireachta atá á ndéanamh d’fhonn teacht ar réiteach síochána agus leagann sí béim ar a thábhachtaí atá sé teacht ar réiteach fadtéarmach caibidlithe ar na saincheisteanna uile atá fós gan réiteach, i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta.

Molann sí an Phacastáin, Catar agus comhpháirtithe réigiúnacha eile as ucht a gcuid iarrachtaí idirghabhála. Leanfaidh an tAontas Eorpach den teagmháil, i ndlúthchomhar le comhpháirtithe réigiúnacha, sna hiarrachtaí taidhleoireachta agus tá sé faoi réir chun tacú leis an gcomhaontú a chur chun feidhme.

An tslándáil mhuirí

Leagann an Chomhairle Eorpach béim ar a thábhachtaí atá sé an tsaoirse loingseoireachta agus an tslándáil mhuirí a urramú i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta agus le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige.

Is díol sásaimh don Chomhairle Eorpach na hiarrachtaí a d’fhógair na Ballstáit agus comhpháirtithe chun an tsaoirse loingseoireachta a áirithiú i gCaolas Hormuz, a luaithe a chomhlíonfar na coinníollacha. Níor cheart d’aon socrú a bhaineann le Caolas Hormuz teorainn a chur leis an tsaoirse loingseoireachta ná a rialachas a athrú ar aon bhealach.

Meabhraítear don Chomhairle Eorpach ról oibríocht cosanta muirí an Aontais EUNAVFOR ASPIDES, leagann sí béim ar a hacmhainneacht rannchuidiú leis an réigiún a chobhsú, agus iarrann sí go ndéanfaí í a threisiú, i gcomhréir lena sainordú.

Gníomhaíochtaí maidir le leathadh arm núicléach

Athdhearbhaíonn an Chomhairle Eorpach nach bhféadfaí a cheadú go deo don Iaráin arm núicléach a bheith aici. Tathantaíonn sí ar an Iaráin a cuid oibleagáidí i ndáil leis an gcoimirce núicléach a chomhlíonadh faoin gConradh maidir le Neamhleathadh Arm Núicléach agus dul i mbun comhar iomlán an athuair leis an nGníomhaireacht Idirnáisiúnta do Fhuinneamh Adamhach.

Iarrann sí freisin ar an Iaráin deireadh a chur leis na gníomhaíochtaí díchobhsaitheacha atá ar bun aici, lena n-áirítear a clár diúracán balaistíoch. I bhfianaise na bagartha atá ag dul i méid a bhaineann le seirbhísí faisnéise na hIaráine a bheith ag baint úsáid as líonraí coiriúla agus seachfhórsaí eile, athdhearbhaíonn an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit go bhfuil rún daingean acu oibriú i ndlúthchomhar le chéile chun gníomhaíochtaí naimhdeacha den sórt sin a chosc agus a chomhrac.

Sáruithe ar chearta an duine

Iarrann an Chomhairle Eorpach ar réimeas na hIaráine deireadh a chur leis an bhforéigean agus leis an gcos ar bolg ar a mhuintir féin. Iarrann sí go n-urramófaí cearta uilíocha an duine agus saoirsí bunúsacha mhuintir na hIaráine, lena n-áirítear an ceart a dtodhchaí féin a roghnú. I ndáil leis an méid sin, leanfaidh an tAontas Eorpach de bheith ag obair ar bhearta sriantacha breise ina gcoinne siúd atá freagrach.

Tionchar na géarchéime

Leanfaidh an tAontas Eorpach de bheith ag obair, lena n-áirítear le comhpháirtithe réigiúnacha agus domhanda, chun tionchar na géarchéime a mhaolú agus chun an leochaileacht dhomhanda i leith Chaolas Hormuz a laghdú, lena n-áirítear trí bhealaí soláthair fuinnimh a éagsúlú.

Tugann an Chomhairle Eorpach dá haire na tionscnaimh a mhol an Coimisiún chun aghaidh a thabhairt ar na hiarmhairtí a bheidh ann don Aontas ó thaobh slándáil fuinnimh, praghsanna fuinnimh agus slabhraí soláthair domhanda de, lena n-áirítear an tslándáil bia agus iarrann sí ar an gComhairle agus ar an gCoimisiún leanúint d’fhaireachán a dhéanamh ar an staid.

Athdhearbhaíonn sí a thábhachtaí atá sé ullmhacht a áirithiú, lena n-áirítear maidir le sreabha imirce a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo, agus í ag obair le tíortha tionscnaimh agus idirthurais.

Gaza agus an Bruach Thiar

An staid dhaonnúil

Cuireann an Chomhairle Eorpach in iúl gur cúis mhór imní di an staid atá ag dul in olcas in Gaza agus ar an mBruach Thiar, lena n-áirítear an ghéarchéim dhaonnúil leanúnach thubaisteach in Gaza.

Iarrann sí ar Iosrael rochtain láithreach gan bhac a cheadú don chabhair dhaonnúil agus don mhórdháileadh leanúnach ar theorainn isteach go Gaza agus ar fud Gaza, lena n-áirítear trí chonair mhuirí na Cipire sa bhreis ar na bealaí talún, agus a chur ar chumas na Náisiún Aontaithe agus a ngníomhaireachtaí, agus eagraíochtaí daonnúla, oibriú go neamhspleách agus go neamhchlaonta chun beatha daoine a shábháil agus an fhulaingt a laghdú.

Iarrann sí freisin ar Iosrael pointí trasnuithe teorann Gaza a athoscailt, chomh maith leis an gconair leighis idir Gaza agus an Bruach Thiar, rochtain a cheadú do na meáin idirnáisiúnta, agus a chinneadh a aisiompú maidir le dlí clárúcháin na n-eagraíochtaí neamhrialtasacha.

Tathantaíonn an Chomhairle Eorpach ar Iosrael a oibleagáidí uile faoin dlí idirnáisiúnta a chomhlíonadh, lena n-áirítear an dlí daonnúil idirnáisiúnta. Ní mór cosaint na sibhialtach a áirithiú i gcónaí.

Cáineann an Chomhairle Eorpach an drochíde a tugadh do dhaoine a bhí á gcoinneáil, saoránaigh Eorpacha ina measc, tar éis Cabhlachán Global Sumud a urghabháil in uiscí idirnáisiúnta, chomh mhaith le hiompraíocht airí antoisceacha a ghríosaíonn agus a chuireann chun cinn sáruithe ar chearta an duine. Tugann an Chomhairle Eorpach dá haire go leanfaidh an Chomhairle de bhearta a scrúdú i ndáil leis an méid sin.

Síocháin chuimsitheach chóir bhuan

Athdhearbhaíonn an Chomhairle Eorpach tiomantas an Aontais Eorpaigh do shíocháin chuimsitheach chóir mharthanach atá bunaithe ar réiteach an dá stát i gcomhréir leis na Rúin ábhartha ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe (CSNA), lena bhfuil sé i gceist go mairfeadh an dá stát dhaonlathacha, Iosrael agus an Phalaistín, taobh le taobh, faoi shíocháin, laistigh de theorainneacha slána aitheanta.

Aithníonn sé an ról tábhachtach atá ag an tsochaí shibhialta sna hiarrachtaí chun an tsíocháin a chothú agus chun an dúshraith a thógáil atá riachtanach do shíocháin chaibidlithe agus mharthanach idir Iosrael agus an Phalaistín agus sa chomhthéacs sin is díol sásaimh di an chomhdháil thiomnaithe a tionóladh i bPáras an 12 Meitheamh 2026.

Agus na conclúid a ghlac sí roimhe seo á meabhrú aici, cuireann an Chomhairle Eorpach in iúl gur cúis imní di an easpa dul chun cinn atá déanta ag na gníomhaithe uile maidir leis an sos comhraic agus gach foráil eile de Rún 2803 ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe a chur chun feidhme. Iarrann sí ar na gníomhaithe uile iad a chur chun feidhme go hiomlán, i gcomhréir leis na Rúin ábhartha ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe agus le prionsabail idirnáisiúnta pholaitiúla agus dhlíthiúla.

Iarrann an Chomhairle Eorpach go ndéanfaí dí-armáil go buan i gcás Hamas agus grúpaí armtha neamhstáit eile, go dtarraingeofaí siar fórsaí Iosrael ina n-iomláine as Stráice Gaza agus go n-imscarfaí an fórsa sealadach ‘an Fórsa Cobhsaíochta Idirnáisiúnta’, mar a leagtar amach sa Phlean Cuimsitheach chun Deireadh a chur le Coinbhleacht Gaza. Diúltaíonn an tAontas Eorpach go láidir don fhógra ó Iosrael go bhfuil sé de rún aige smacht a bheith aige ar 70 % de chríoch Gaza.

Atógáil agus athfhorbairt Gaza

Leanfaidh an tAontas Eorpach de bheith ag obair ar chur chun feidhme an Phlean Chuimsithigh chun deireadh a chur le Coinbhleacht Gaza i gcomhréir le Rún 2803 ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, lena n-áirítear trí Mhisean Cúnaimh Teorann an Aontais Eorpaigh do Phointe Trasnaithe Rafah (EU BAM Rafah) agus trí Mhisean Póilíneachta an Aontais Eorpaigh do na Críocha Palaistíneacha (EUPOL COPPS), agus ar atógáil agus athfhorbairt Gaza, i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta.

Leanfaidh an tAontas Eorpach dethacaíocht a thabhairt d’Údarás na Palaistíne , lena n-áirítear lena chlár oibre don athchóiriú, ionas gur féidir leis dul i gceannas go héifeachtach in Gaza arís ar bhealach slán.

Iarrann an Chomhairle Eorpach an athuair ar Iosrael an t-ioncam imréitigh ar fad atá á choinneáil siar a scaoileadh mar ábhar práinne agus na seirbhísí baincéireachta comhfhreagraí idir bainc Iosrael agus bainc na Palaistíne a leathnú, arb ioncam agus seirbhísí iad a bhfuil géarghá leo araon chun feidhmiú cuí Údarás na Palaistíne agus seachadadh seirbhísí riachtanacha don phobal a chinntiú. Is díol sásaimh don Chomhairle Eorpach gur scaoileadh cistí Eorpacha le déanaí chuig Údarás na Palaistíne, lena n-áirítear trí shásra PEGASE.

An Bruach Thiar agus foréigean lonnaitheoirí

Athdhearbhaíonn an Chomhairle Eorpach go gcáineann sí gníomhaíochtaí aontaobhacha Iosraelarb é is aidhm dóibh a láithreacht ar an mBruach Thiar a leathnú, lena n-áirítear Iarúsailéim Thoir, rud a dearbhaíodh a bheith neamhdhleathach sa tuairim chomhairleach ón gCúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta an 19 Iúil 2024.

Tathantaíonn sí ar Rialtas Iosrael leathnú na lonnaíochtaí a aisiompú, lena n-áirítear i limistéar E1, lonnaíochtaí atá neamhdhleathach faoin dlí idirnáisiúnta, cloí lena oibleagáidí faoin dlí idirnáisiúnta agus pobal Palaistíneach na gcríoch faoi fhorghabháil a chosaint, lena n-áirítear pobail Chríostaí agus mionlaigh eile, chomh maith lena áirithiú go gcaomhnófar agus go n-urramófar status quo ionaid naofa Iarúsailéim.

Cuireann an Chomhairle Eorpach i bhfios go láidir nár cheart do ghnólachtaí tairiscint a dhéanamh ar chonarthaí foirgníochta le haghaidh E1 ná ar fhorbairtí lonnaíochta eile agus leagann sí béim ar na hiarmhairtí dlíthiúla agus na hiarmhairtí clú atá ann do ghnólachtaí atá rannpháirteach i dtógáil lonnaíochta, lena n-áirítear an baol go ndéanfar sáruithe tromchúiseacha ar an dlí idirnáisiúnta.

Cáineann an Chomhairle Eorpach foréigean leanúnach agus méadaitheach na lonnaitheoirí i gcoinne sibhialtaigh Phalaistíneacha, iarrann sí go mbeadh cuntasacht ann agus is díol sásaimh di gur glacadh bearta sriantacha i gcoinne lonnaitheoirí antoisceacha agus eintitis agus eagraíochtaí a thacaíonn le foréigean lonnaitheoirí i gcoinne sibhialtaigh Phalaistíneacha.

Is díol sásaimh di freisin gur glacadh bearta sriantacha breise i gcoinne Hamas. Cáineann an Chomhairle Eorpach Iosrael as dlí maidir le pionós an bháis a ghlacadh, dlí atá idirdhealaitheach, agus iarrann sí go ndéanfaí é a aisghairm láithreach.

Tugann an Chomhairle Eorpach dá haire go bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún roghanna a chur i láthair roimh chruinniú na Comhairle an 13 Iúil 2026, i bhfianaise na staide atá ag dul in olcas a thuilleadh maidir leis na lonnaíochtaí neamhdhleathacha.

An Liobáin

Cur chun feidhme an tsosa comhraic

Cuireann an Chomhairle Eorpach in iúl gur cúis mhór imní di na sáruithe leanúnacha ar an sos comhraic agus tathantaíonn sí ar na gníomhaithe uile an sos comhraic a chur chun feidhme ina iomláine, páirt chuiditheach a ghlacadh sna cainteanna leanúnacha, tuilleadh taismigh shibhialtacha agus easáitithe a chosc agus teacht ar réiteach polaitiúil marthanach lena n-áiritheofar síocháin agus slándáil don Liobáin agus d’Iosrael araon.

Tá an tAontas Eorpach faoi réir chun tacú le comhaontú idir an Liobáin agus Iosrael a chur chun feidhme. Iarrann an Chomhairle Eorpach go gcuirfí deireadh buan leis an gcogaíocht, go gcosnófaí sibhialtaigh agus bonneagar sibhialtach, agus go n-urramófaí an dlí idirnáisiúnta, lena n-áirítear an dlí daonnúil idirnáisiúnta.

Cáineann an Chomhairle Eorpach go láidir na hionsaithe a rinne Hezbollah ar Iosrael agus ar an bpobal sibhialta i dtuaisceart Iosrael agus iarrann sí go ndéanfaí Hezbolladh a dhí-armáil go hiomlán. Iarrann sí ar Iosrael ceannasacht agus iomláine chríochachna Liobáine a urramú agus a fhórsaí a tharraingt siar ón Liobáin, i gcomhréir le Rún 1701 ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe.

Iarrann an Chomhairle Eorpach ar Iosrael gan géarú breise a dhéanamh. Athdhearbhaíonn an Chomhairle Eorpach go dtacaíonn an tAontas leis na hiarrachtaí atá á ndéanamh chun sábháilteacht mhuintir na Liobáine a áirithiú agus le ceannasacht agus iomláine chríochach na Liobáine.

Tacaíocht an Aontais don Liobáin

Athdhearbhaíonn sí go dtacaíonn an tAontas go hiomlán le hiarrachtaí Rialtas na Liobáine institiúidí na tíre a neartú, lena n-áirítear Fórsaí Armtha na Liobáine d’fhonn smacht a fháil ar chríoch iomlán na Liobáine agus monaplacht an Stáit a bhunú ó thaobh sealbhú arm de.

Leanfaidh an tAontas Eorpach de thacaíocht a thabhairt d’Fhórsaí Armtha na Liobáine, lena n-áirítear trí mhisean CBSC a d’fhéadfadh a bheith ann agus trí thacaíocht leanúnach threisithe faoin tSaoráid Eorpach Síochána.

Leanfaidh an tAontas Eorpach de thacaíocht leanúnach a chur ar fáil san fhadtéarma, i ndlúthchomhar le comhpháirtithe idirnáisiúnta. Tá rún daingean ag an Aontas Eorpach i gcónaí cabhair éigeandálaa chur ar fáil don bhreis is milliún duine easáitithe, sa bhreis ar an €100 milliún de chabhair dhaonnúil a slógadh tar éis thionscnamh na cogaíochta agus ar na hoibríochtaí aerdhroichid dhaonnúil arna gcomhordú le comhpháirtithe réigiúnacha.

Iarrann an Chomhairle Eorpach an athuair ar na páirtithe uile Rún 1701 ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe a chur chun feidhme go hiomlán. Athdhearbhaíonn sí go gcáineann sí na hionsaithe doghlactha a rinneadh ar fhoireann UNIFIL agus iarrann sí go ndéanfaí imscrúdú cuimsitheach orthu. Meabhraítear don Chomhairle Eorpach a thábhachtaí atá sé go leanfadh na Náisiúin Aontaithe de láithreacht a bheith acu sa Liobáin tar éis do UNIFIL imeacht, agus athdhearbhaíonn sí go bhfuil an tAontas faoi réir chun rannchuidiú leis an méid sin in 2027.

Téacs iomlán na gconclúidí ón gComhairle Eorpach an 18 agus an 19 Meitheamh 2026:

Ráitis ón Ardionadaí thar ceann an Aontais

Féach freisin

Bean ag ardú a lámh i gcomhartha cumhachtaithe, curtha i gcoinne patrúin gheoiméadracha Peirsis i scáthanna glasa.
Smachtbhannaí an Aontais i gcoinne na hIaráine

Smachtbhannaí an Aontais i gcoinne na hIaráine

Beirt daoine fásta agus greim láimhe acu ar leanbh.
An tSiria

An tSiria

Beirt oibrithe daonnúla os comhair boscaí cabhrach daonnúla.
Tacaíocht dhaonnúil an Aontais do mhuintir na Palaistíne

Tacaíocht dhaonnúil an Aontais do mhuintir na Palaistíne

An t-athbhreithniú deireanach: an 2 Iúil 2026