Skip to content

An Seimeastar Eorpach in 2023

  • 2023

    9 Samhain

    Bhí seisiún tuairimíochta ag na hairí maidir leis na ceachtanna a foghlaimíodh

    Bhí seisiún tuairimíochta ag an gComhairle maidir leis na ceachtanna a foghlaimíodh i ndáil le próiseas an tSeimeastair Eorpaigh. Is athbhreithniú rialta é seo arb é is aidhm dó feabhas a chur ar an gcaoi a gcuirtear an próiseas i gcrích. Phléigh na hairí cur chun feidhme athbhreithniú 2023 agus thug siad treoir pholaitiúil do chleachtadh na bliana seo chugainn.

  • 2023

    14 Iúil

    Conclúidí glactha ag an gComhairle faoin nós imeachta um míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha

    Ghlac an Chomhairle conclúidí maidir le grinn-athbhreithnithe 2023 faoin nós imeachta um míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha.

    Sna conclúidí sin, meabhraíonn an Chomhairle go bhfuil geilleagar an Aontais fós in ann athléimneacht a léiriú in ainneoin timpeallacht dhúshlánach agus aithníonn sí an téarnamh láidir iarphaindéimeach. Cuireann sí i bhfios go láidir a thábhachtaí atá an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta a chur chun feidhme go hiomlán, go tráthúil agus go héifeachtach trí na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí atá sceidealaithe sna pleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta. Leagann an Chomhairle béim freisin ar a thábhachtaí atá sé leanúint de dhlúthchomhordú a dhéanamh ar bheartas eacnamaíoch an Aontais, agus míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha a bhrath, a chosc agus a cheartú.

    Léaráidí d’amlíne an tSeimeastair Eorpaigh, de chairteacha eacnamaíocha agus de charn airgid
    An Seimeastar Eorpach (Grafaic faisnéise)

    An Seimeastar Eorpach (Grafaic faisnéise)

  • 2023

    30 Meitheamh

    Moltaí tírshonracha pléite ag ceannairí an Aontais

    Ag an gcruinniú a bhí acu i mí an Mheithimh, bhí plé ag ceannairí an Aontais maidir leis na moltaí tírshonracha mar a pléadh sa Chomhairle iad, rud a d’fhág go bhféadfaí bailchríoch a chur ar Sheimeastar Eorpach 2023.

  • 2023

    27 Meitheamh

    Déanann an Chomhairle moltaí tírshonracha a fhormheas

    D’fhormheas airí an Aontais sa Chomhairle Gnóthaí Ginearálta moltaí tírshonracha comhtháite, lena dtugtar treoir bhliantúil do Bhallstáit an Aontais maidir le hathchóirithe náisiúnta.

    Cuireadh na moltaí sin faoi bhráid cheannairí an Aontais lena bhformhuiniú ag cruinniú na Comhairle Eorpaí an 29-30 Meitheamh. Meastar go nglacfaidh an Chomhairle na moltaí go foirmiúil i mí Iúil, rud a chuirfidh deireadh le Seimeastar Eorpach 2023.

  • 2023

    16 Meitheamh

    Tagann an Chomhairle ar chomhaontú maidir le moltaí tírshonracha

    Tháinig an Chomhairle ar chomhaontú maidir lena moltaí tírshonracha i ndáil le cláir náisiúnta um athchóiriú na mBallstát don bhliain 2023 agus maidir lena tuairimí i ndáil lena cláir nuashonraithe um chobhsaíocht nó um chóineasú.

    Meastar go ndéanfaidh an Chomhairle Eorpach na moltaí tírshonracha a fhormhuiniú ag an gcruinniú a bheidh aici an 29-30 Meitheamh 2023.

    Ina dhiaidh sin, beidh an Chomhairle in ann dul ar aghaidh leis an nglacadh foirmiúil lena gcuirfear an chéim dheireanach de phróiseas Sheimeastar Eorpach 2023 i gcrích.

    Elisabeth Svantesson, Aire Airgeadais na Sualainne agus Uachtarán na Comhairle
    Tá an-áthas orm gur thángamar ar chomhaontú maidir le moltaí tírshonracha. Cuirfidh sé sin leis an gcuspóir foriomlán atá againn an fás a mhéadú agus ár n-athléimneacht a neartú. I bhfianaise chogadh na Rúise ar an Úcráin agus na staide deacra eacnamaíche, tá sé ríthábhachtach athléimneacht ár ngeilleagar a chinntiú agus beartais fhioscacha fhreagracha a shaothrú.
    Elisabeth Svantesson, Aire Airgeadais na Sualainne agus Uachtarán na Comhairle
    Elisabeth Svantesson, Aire Airgeadais na Sualainne agus Uachtarán na Comhairle
  • 2023

    16 Bealtaine

    Moladh glactha ag an gComhairle maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro

    Ghlac an Chomhairle moladh sonrach uaithi maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro. D’fhormheas an Chomhairle an téacs cheana féin, an 17 Eanáir 2023, faoi réir an athbhreithnithe dhlítheangeolaíoch, agus d’fhormhuinigh an Chomhairle Eorpach é ag an gcruinniú a bhí aici an 23–24 Márta 2023.

  • 2023

    23 Márta

    D’fhormhuinigh ceannairí an Aontais moladh maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro

    Ag an gcruinniú den Chomhairle Eorpach, d’fhormhuinigh ceannairí an Aontais an dréachtmholadh ón gComhairle maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro.

    D’fhormhuinigh siad na tosaíochtaí beartas a leagtar amach sa suirbhé bliantúil don fhás inbhuanaithe agus d’iarr siad ar na Ballstáit iad a léiriú sna cláir náisiúnta um athchóiriú agus sna cláir um chobhsaíocht nó um chóineasú.

  • 2023

    17 Eanáir

    Conclúidí glactha ag an gComhairle i ndáil leis an tuarascáil maidir leis an sásra foláirimh agus an suirbhé bliantúil don fhás inbhuanaithe

    Chuir an Chomhairle tús le próiseas bliantúil an tSeimeastair Eorpaigh chun faireachán a dhéanamh ar bheartais eacnamaíocha, fostaíochta agus fhioscacha na mBallstát.

    Ghlac na hairí gnóthaí eacnamaíocha agus airgeadais conclúidí i ndáil le tuarascáil 2023 maidir leis an sásra foláirimh, chomh maith le conclúidí maidir le suirbhé bliantúil 2023 don fhás inbhuanaithe. D’fhormheas siad freisin an moladh maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro do 2023. Cuirfear an moladh sin faoi bhráid na Comhairle Eorpaí lena fhormhuiniú i mí an Mhárta 2023.