Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais

An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais, 9 Samhain 2023

Na príomhthorthaí

Athbhreithniú ar an rialachas eacnamaíoch

Phléigh an Chomhairle an t-athchóiriú atá beartaithe ar an gcreat rialachais eacnamaíoch.

Nadia Calviño, céad-Leas-Uachtarán gníomhach agus Aire Geilleagair agus Digiteála na Spáinne
Tá comhaontú againn maidir le príomhghnéithe agus sásraí na rialacha fioscacha nua, maidir leis an ngá smacht, creidiúnacht agus muinín fhioscach a bheith againn agus frith-thimthriallacht agus na dreasachtaí cearta a chinntiú freisin le haghaidh na n-infheistíochtaí agus na n-athchóirithe a chuirfidh leis an bhfás agus a fhreagraíonn dár dtosaíochtaí Eorpacha comhroinnte. Tá na Ballstáit uile ag seasamh go daingean lena ngealltanas rannchuidiú, oibriú le chéile agus comhaontú cothrom a bhaint amach roimh dheireadh na bliana.
Nadia Calviño, céad-Leas-Uachtarán gníomhach agus Aire Geilleagair agus Digiteála na Spáinne
Nadia Calviño, céad-Leas-Uachtarán gníomhach agus Aire Geilleagair agus Digiteála na Spáinne

Is é atá i gcreat rialachais eacnamaíoch an Aontais sraith comhrialacha do bheartais fhioscacha agus eacnamaíocha náisiúnta a bhfuil feidhm acu maidir leis na Ballstáit uile. Is é is aidhm dóibh inbhuanaitheacht an airgeadais phoiblí a chinntiú agus an cóineasú a chur chun cinn agus aghaidh á tabhairt ar mhíchothromaíochtaí maicreacnamaíocha ag an am céanna.

Is iad seo na trí thogra atá san athchóiriú:

  • rialachán maidir le comhordú éifeachtach na mbeartas eacnamaíoch agus faireachas buiséadach iltaobhach
  • rialachán maidir le dlús a chur le cur chun feidhme an nós imeachta um easnamh iomarcach agus soiléiriú a dhéanamh air
  • treoir maidir le ceanglais do chreataí buiséadacha na mBallstát

Fogha na Rúise faoin Úcráin

Bhí seisiún tuairimíochta ag an gComhairle maidir le staid imeartha thionchar eacnamaíoch agus airgeadais fhogha na Rúise faoin Úcráin. Fuair na hairí an t-eolas is déanaí ón gCoimisiún maidir leis an staid eacnamaíoch agus bhuiséadach san Úcráin agus maidir le cur chun feidhme bhearta sriantacha an Aontais.

An tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta

Bhí seisiún tuairimíochta ag na hairí maidir le staid imeartha chur chun feidhme na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta.

Ghlac an Chomhairle cinntí cur chun feidhme lena bhformheastar pleananna modhnaithe téarnaimh agus athléimneachta a chuir an Danmhairg, an Liotuáin, an Ostair agus an tSualainn faoina bráid. I measc leasuithe eile, chuir na tíortha caibidlí nua REPowerEU lena bpleananna nuashonraithe.

Le linn 2023, meastar go dtíolacfaidh gach ceann de na 27 mBallstát leasuithe ar a bpleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta uair amháin ar a laghad, chun rochtain a fháil ar dheontais nua REPowerEU, nó chun iasachtaí atá ar fáil a iarraidh, nó chun leithdháileadh nuashonraithe na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta a chur san áireamh.

Léaráidí de línte soláthair cumhachta, stáisiúin chumhachta gaoithe, traein, foirgneamh agus daoine.
Míniú ar phlean REPowerEU (Grafaic faisnéise)

Míniú ar phlean REPowerEU (Grafaic faisnéise)

An Seimeastar Eorpach

Bhí seisiún tuairimíochta ag an gComhairle maidir leis na ceachtanna a foghlaimíodh i ndáil le próiseas an tSeimeastair Eorpaigh. Déantar athbhreithniú rialta ar an bpróiseas sin ar mhaithe le feabhas a chur ar an gcaoi a gcuirtear an próiseas i gcrích.

Bhí seisiún tuairimíochta ag na hairí maidir le cur chun feidhme chleachtadh Sheimeastar 2023 agus thug siad treoir pholaitiúil faoi chleachtadh na bliana seo chugainn.

Staidreamh an Aontais

D’fhormheas an Chomhairle conclúidí maidir le staidreamh an Aontais.

I bhfianaise a thábhachtaí atá staidreamh ardcháilíochta, inchomparáide agus iontaofa do cheapadh beartas eacnamaíoch an Aontais, agus go háirithe do chomhordú an bheartais eacnamaíoch, formheasann an Chomhairle conclúidí maidir le staidreamh an Aontais san fhómhar gach bliain.

Sna conclúidí uaithi, rinne an Chomhairle athbhreithniú ar an dul chun cinn a rinneadh maidir leis na tosaíochtaí staidrimh a leagadh amach i gComhairle Ecofin an bhliain roimhe sin agus thug sí treoir don obair a dhéanfar amach anseo.

Léiríodh sna conclúidí gur díol sásaimh é an dul chun cinn a rinneadh i ndáil le ceanglais faisnéise san Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta agus cáilíocht an staidrimh don Nós Imeachta um Míchothromaíochtaí Maicreacnamaíocha agus don Chomhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis.

Tuarascáil bhliantúil ón mBord Fioscach Eorpach

Bhí seisiún tuairimíochta ag na hairí maidir le tuarascáil bhliantúil 2023 ón mBord Fioscach Eorpach i láthair chathaoirleach an bhoird, Niels Thygesen.

Tuarascáil ar chur chun feidhme an bhuiséid

Chuir Uachtarán Chúirt Iniúchóirí na hEorpa an tuarascáil bhliantúil ar chur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2022, a foilsíodh an 5 Deireadh Fómhair 2023, i láthair.

Seirbhísí airgeadais

Chuir an Uachtaránacht síos ar staid na himeartha maidir leis na tograí reachtacha reatha i réimse na seirbhísí airgeadais. Is mír í sin a luaitear arís agus arís eile ar chlár oibre na Comhairle.

Idirphlé aireachta idir an tAontas agus CSTE

Bhí idirphlé aireachta idir an tAontas agus tíortha CSTE (Comhlachas Saorthrádála na hEorpa) ar siúl ar imeall an chruinnithe an 9 Samhain, maidir le cur chuige nua beartais thionsclaíoch. Bhí seisiún tuairimíochta ag na hairí maidir leis an gcaoi ar féidir rás fóirdheontais díobhálach a sheachaint.

Idirphlé aireachta idir Ecofin agus CSTE: Grianghraf den ghrúpa

Cánachas

D’eisigh an Chomhairle ráiteas maidir leis an réiteach dhá cholún chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin chánach a eascraíonn as digitiú an gheilleagair. Rinne an Coimisiún ráiteas ina leith sin freisin.

Ghlac an Chomhairle, gan phlé, na míreanna ar liosta na míreanna A thíos.

Comhaid na gcruinnithe

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 9 Eanáir 2025