"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
Le cead uaitse, úsáidfimid fianáin le sonraí comhlánaithe anaithnide a tháirgeadh maidir le brabhsáil agus iompraíocht na gcuairteoirí ar ár suíomh gréasáin. Úsáidfimid na sonraí sin chun feabhas a chur ar an eispéireas agat ar ár suíomh.
An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta, 27 Meitheamh 2023
Na príomhthorthaí
Comhairle Eorpach mhí an Mheithimh
Lean na hairí den ullmhúchán don chruinniú den Chomhairle Eorpach a bheidh ar siúl an 29 agus an 30 Meitheamh 2023 trí na dréachtchonclúidí a phlé.
Ag an gcruinniú a bheidh acu, beidh ceannairí an Aontais ag díriú ar an méid seo a leanas:
Cogadh foghach na Rúise ar an Úcráin
saincheisteanna eacnamaíochta
comhar i réimse na slándála agus na cosanta
imirce
An tSín agus an chéad chruinniú mullaigh eile idir an tAontas agus CELAC
Gheobhaidh na ceannairí faisnéis freisin faoin bpróiseas i dtreo Chlár Oibre Straitéiseach 2024-2029.
Tá go leor oibre déanta le roinnt míonna anuas i ndáil leis na príomh-shaincheisteanna a bhaineann leis an gclár oibre polaitiúil Eorpach. Agus an uachtaránacht á tabhairt againn dár gcomhghleacaithe Spáinneacha, táim an-bhródúil as an dul chun cinn atá déanta. Tá tacaíocht láidir tugtha ag an Aontas don Úcráin agus tá sé faoi réir chun leanúint den obair sin chomh fada agus is gá. Tá comhaontú stairiúil bainte amach againn i dtaca leis an gcomhaontú maidir le himirce, agus tá ár gcuid oibre á díriú go daingean againn anois ar iomaíochas fadtéarmach an Aontais.
Jessika Roswall, Aire Gnóthaí Eorpacha na Sualainne
I seisiún poiblí, bhreathnaigh an Chomhairle ar an obair a rinneadh ar an togra ó Pharlaimint na hEorpa le haghaidh athbhreithniú a dhéanamh ar rialacha an Aontais maidir le toghcháin do Pharlaimint na hEorpa.
Is i gCruinniú na Comhairle Gnóthaí Ginearálta i mí Dheireadh Fómhair 2022 an uair dheireanach a phléigh na hairí an togra. Ó shin i leith, tá suirbhé déanta ag an Uachtaránacht ar thuairimí mionsonraithe ó na Ballstát faoi fhorálacha éagsúla an togra ó Pharlaimint na hEorpa.
Le linn an phlé ag cruinniú sin na Comhairle, leag na hairí béim ar na príomhfhorálacha ar a bhfuil siad sásta tuilleadh plé a dhéanamh agus ar na tograí a dtéann sé crua orthu tacú leo chomh maith.
Deimhníodh sa díospóireacht go dtacaíonn na Ballstáit go láidir lehiarrachtaí chun an ghné Eorpach de thoghcháin Pharlaimint na hEorpa a neartú, agus go bhfuil tuairimí éagsúla acu chomh maith ar ghnéithe sonracha den togra ó Pharlaimint na hEorpa.
Leag roinnt airí béim ar a thábhachtaí atá sé sainiúlachtaí náisiúnta a urramú agus toghcháin á n-eagrú agus chuir siad in iúl go raibh amhras orthu faoi thograí éagsúla chun an próiseas toghcháin ar fud an Aontais a chomhchuibhiú. Bhain na deacrachtaí is mó leis na tograí maidir le próiseas an iarrthóra tosaigh agus toghcheantar uile-Aontais bunaithe ar liostaí trasnáisiúnta.
Chuir Uachtaránacht nua na Spáinne in iúl go bhfuil sé ar intinn aici leanúint ar aghaidh leis an obair ar an athbhreithniú atá beartaithe ar an dlí toghcháin Eorpach ar bhonn thorthaí an tsuirbhé.
D’fhormhuinigh an Chomhairle a clár 18 mí, lena gcumhdaítear an tréimhse ón 1 Iúil 2023 go dtí an 31 Nollaig 2024.
Is iad Uachtaránachtaí na Spáinne, na Beilge agus na hUngáire, agus an tArdionadaí don Chomhairle Gnóthaí Eachtracha, i gcomhar leis an gCoimisiún, a d’ullmhaigh an clár.
I gcomhthéacs chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin, mar aon leis an éiginnteacht dhomhanda atá ag dul i méid, dírítear sa chlár ar an méid seo a leanas:
iomaíochas domhanda an Aontais a threisiú trí bhonn tionsclaíoch na hEorpa a neartú
a chinntiú gur go cothrom cóir cuimsitheach a dhéanfar an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach trí ghné shóisialta na hEorpa a fheabhsú
gach gné de chomhpháirtíochtaí idirnáisiúnta, den chomhar iltaobhach agus den tslándáil a neartú
Mar chuid de Sheimeastar Eorpach 2023, d'fhormheas an Chomhairle moltaí tírshonracha comhtháite agus chinn sí iad a chur ar aghaidh chuig an gComhairle Eorpach lena bhformheas.
Treoir bhliantúil do na Ballstáit iad na moltaí tírshonracha maidir le hathchóirithe náisiúnta. Sna moltaí sin cuirtear na tosaíochtaí a sainaithníodh ar leibhéal an Aontais in oiriúint don leibhéal náisiúnta.
Tar éis do cheannairí an Aontais iad a fhormhuiniú i mí an Mheithimh, tá siad le glacadh go foirmiúil sa Chomhairle i mí Iúil.
Fuair an Chomhairle faisnéis ón bPolainn maidir le Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais, maidir le praghsanna fuinnimh a bheith ag dul i méid agus maidir leis na dúshláin shocheacnamaíocha lena mbaineann.
Aon ghnó eile
Faoi ‘aon ghnó eile’, chuir an Uachtaránacht na hairí ar an eolas faoi shiompóisiam Stócólm maidir leis an daonlathas agus an smacht reachta, a bhí ar siúl an 21 agus an 22 Meitheamh 2023.
D’fhormheas an Chomhairle freisin na míreanna ar liostaí na míreanna ʻA’ reachtacha agus neamhreachtacha gan phlé.
Malartú neamhfhoirmiúil le Nicolae Popescu
Le linn an lóin, bhí malartú neamhfhoirmiúil ag na hairí le Nicolae Popescu, Leas-Phríomh-Aire agus Aire Gnóthaí Eachtracha agus Lánpháirtíochta Eorpaí na Moldóive, maidir le lánpháirtiú na Moldóive san Aontas Eorpach agus maidir le hathchóirithe ar mhaithe le ballraíocht san Aontas.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.